Rachaidh scothfhoireann as Gaeltacht Dhún na nGall ar fud na tíre ag glanadh tithe agus ag cuidiú le daoine ord agus eagar a chur orthu. Síle Ní Dhuibheannaigh as Rann na Feirste agus Derena Uí Dhochartaigh agus Colleen Nic Aodha, beirt deirfiúracha as Gaoth Dobhair, a chuirfidh an tsraith i láthair.
Sa chéad clár buailfidh na mná le Nuala agus Mícheál i mBéal Feirste a bhfuil a dteach ina thranglam agus beo le francaigh!

Sa tarna chlár tabhairfaidh Derena, Síle agus Colleen aghaidh ar Dhún na nGall chun cúnamh a thabhairt d'Fhiallais a teach a ghlanadh.
Beidh na mná ar ais i mBhéal Feirste don triú chlár chun cúnamh a thabhairt d'Fhaoileann slacht a chur ar a teach. Garáiste agus seomra leapa a bheidh le glanadh amach acu.
Fillfidh na mná ar Dhún na nGall i gclár 4 chun teach Chiara a ghlanadh agus beidh neart cúnaimh acu!

Tabharfaidh Derena, Síle agus Colleen a n-aghaidh ar Bhéal Feirste arís sa chúigiú eagrán chun cúnamh a thabhairt do Kathy a teach a ghlanadh. Meas tú cé acu is néata, Kathy nó a hiníon Sadhbh?
Agus sa chlár deireanach beimid i dteannta Derena, Síle agus Colleen ar a gcamchuairt sa tóir ar thrioc agus truflais. Ar an Iúr a bheidh na girseachaí ag glanadh tigh Daria.
Is Mise le Mess, ag 8.30pm an 2 Deireadh Fómhair ar TG4.