skip to main content

Pearsaí uaithiúla á chéiliúradh ag Féile Staire Átha Cliath

Éamonn Mac Thomáis i 1979, duine de na pearsaí san áireamh.
Éamonn Mac Thomáis i 1979, duine de na pearsaí san áireamh.

Beidh slam mhaith imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha ar siúl mar chuid d'Fhéile Staire Átha Cliath a thosnaíonn inniu, Dé hAoine 27 Meán Fómhair, agus a mhaireann go dtí an Domhnach 13 Deireadh Fómhair.

Amárach, Dé Satharn 28ú Meán Fómhar, idir 10r.n. agus 1i.n. i gClub na Múinteoirí, beidh comhdháil ar siúl faoin dlúthpháirt a bhí ag an-chuid dochtúirí i gConradh na Gaeilge agus i saol na Gaeilge go ginearálta ag tús an chéid seo caite.

Sa chomhdháil seo, pléifear beirt dochtúir - Muighe Seóla (an Dr Colm Ó Sé) agus Seán P. Mac Énrí agus Cora an Chonartha (Aindrias Ó Cathasaigh, údar 'Athrú ag Teacht'), agus Crógacht na hAthbheochana (an Dr Séamus Ó Beirn, garmhac an Dochtúra Séamus Ó Beirn úid). Beidh plé phainéal ina dhiaidh agus deis ceisteanna. Ní gá aon áirithintí a dhéanamh don ócáid seo.

Ealaín dochreidthe Harry Clarke.

Más spéis leat ealaín Harry Clarke, beidh an scannán 'Darkness in Light' á thaispeáint i Leabharlann Chester Beatty i dtaillte Chaisleáin Bhleá Cliath ag a 12 nóin Dé Satharn 28ú. Agus ní gá aon áirithintí a dhéanamh don ócáid seo.

Go leor foinsí eolais sa leabhar seo ó Eoghan Mac Cormaic.

Beidh caint faoi 'Gaeil agus Géibheann' le Eoghan Mac Cormaic ar siúl sa Poddle Room, Dé Domhnaigh 29ú Meán Fómhar ag a 2i.n.

Ina leabhar nua fhoilsithe 'Gaeil agus Géibheann', tharraing Eoghan Mac Cormaic as réimse leathan foinsí nár foilsíodh riamh: dialanna, foilseacháin agus cuimhní na gcimí féin, ó aimsir na bhFíníní go deireadh an fichiú céad.

Is as Doire d'Eoghan Mac Cormaic, agus tá cónaí air i nGaillimh le fada, áit ar thóg sé clann le Gaeilge. Chaith sé cúig bliana déag mar chime poblachtánach i bpríosún na Ceise Fada.

An-chuid faoi stair agus imeachtaí na cathrach bailithe ag Mac Thomáis le linn a shaoil.

Eachtra dhá pháirt é seo a bheidh 90 nóiméad in fhad óir go mbeidh, caint ann chomh maith faoi Éamonn Mac Thomáis (1927-2002), leis an gComhairleoir Cathrach, Mícheál Mac Donncha, a bheidh i mbun cur síos ar an scríobhneoir, craoltóir agus Poblachtánach.

Bhain Mac Thomáis cáil amach sna 70í lena cláracha faoi Bhaile Átha Cliath ar RTÉ ach tá i bhfad níos mó le foghlaim faoina shaol. Bhí Mícheál Mac Donncha, ina Ardmhéara ar Bhaile Átha Cliath 2017/2018, agus is scríobhneoir staire é chomh maith.

Flann, Myles, Brian: pearsa trí-chosach.

Sé an Dr Brian Ó Conchubhair as Ollscoil Notre Dame i South Bend Indiana a thabharfaidh caint ar líne mar gheall ar Flann O'Brien, dar teideal 'Myles na gCopaleen: Deich mBréag' ar an 30 Meán Fómhair ag a 6i.n. tráthnóna. Aimsigh nasc Zoom anseo.

Ar an 9ú Deireadh Fómhair beidh caint ar líne eile á thabhairt ag an Dr Ian Malcolm faoin mbaint agus an rian a dfhág Protastúnaigh ar an nGaeilge in Éirinn. Aimsigh nasc chun áirithint a dhéanamh anseo.

Tuilleadh eolais anseo.