skip to main content

Buaiteoirí Ghradaim Foilsitheoireachta fógraithe

Eoghan Mac Giolla Bhríde, Siobhán Prendergast agus Neasa Ní Chonchubhair, Áine Ní Ghlinn agus Tadhg Mac Dhonnagáin. [Pic: Andrew Downes, xposure]
Eoghan Mac Giolla Bhríde, Siobhán Prendergast agus Neasa Ní Chonchubhair, Áine Ní Ghlinn agus Tadhg Mac Dhonnagáin. [Pic: Andrew Downes, xposure]

Dé Luain a fógraíodh buaiteoirí Ghradaim Foilsithoireachta do Leabhair Ghaeilge in ócáid i dTaibhdhearc na Gaillimhe, ag a raibh slua scíbhneoirí agus foilsitheoirí bailithe.

In Amharclann Náisiúnta Drámaíochta na Gaeilge, An Taibhdhearc i nGaillimh, ag ócáid mhór cheiliúrtha d'fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge, arú inné, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2024: Gradam Réics Carló, Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg; Gradam Uí Shúilleabháin, Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta, agus Gradam de Bhaldraithe, Gradam do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile.

Erin Burns agus Deirdre Seoighe ag an ócaid. [Pic: Andrew Downes, xposure]

Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an teach foilsitheoireachta, Dingle Publishing, ar son an leabhair, Crainn & Toir le Máirín Uí Chonchubhair. Is ar an teach foilsitheoireachta Futa Fata a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar Na Trí Mhuicín a scríobh Áine Ní Ghlinn agus a mhaisigh Paddy Donnelly.

Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Éabhlóid, ar son an leabhair, Athmháthair, aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ón Iodáilís ar an leabhar Accabadora le Michela Murgia.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Éilís Ni Dhuibhne agsu Eithne Ní Ghallchobhair ag plé 'Athmháthair' le Máire nic Mhaoláin.


20 leabhar ar fad a bhí san iomaíocht ar ghearrliostaí na bliana seo. Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar na gradaim bhliantúla agus is é Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn i dteannta Uachtarán an Oireachtais 2024, Pádraig Mac Fhearghusa, a rinne an bronnadh ar an oíche.

Leanfar leis an gceiliúradh ar bhuaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta le linn Féile Léitheoirí Chill Dara in Ionad Ealaíon Riverbank, Cill Droichead, Co. Chill Dara ag 19:00 Dé Céadaoin, 9 Deireadh Fómhair 2024 tráth a mbeidh mórimeacht liteartha na Gaeilge, An Tolg Liteartha, ar siúl. Beidh buaiteoirí na ngradam faoi agallamh ag an sárchraoltóir, Tristan Rosenstock, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

An chéad uair do Dingle Publishing Gradaim a bhaint. [Pic: Andrew Downes, xposure]

Beidh tuilleadh scríbhneoirí Gaeilge, scríbhneoirí úrnua agus údair bhunaithe ina measc, ag fáil aitheantais freisin le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i gCill Airne, Co. Chiarraí 30 Deireadh Fómhair – 3 Samhain 2024, tráth a mbronnfar Duaiseanna Liteartha an Oireachtais 2024. Seo ceann amháin de na himeachtaí atá ar chlár spleodrach fhéile na bliana seo, ag áireamh freisin: Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, comórtais taibhealaíne, seimineáir, seoltaí leabhar/dlúthdhiosca, ceardlanna, clubanna na féile, seisiúin cheoil, amhránaíochta, eolais agus go leor eile.

Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. [Pic: Andrew Downes, xposure]