Fillfidh an fhéile bheag is blasta in Éirinn, Féile na bPuiteachaí, ar Inis Meáin an Satharn beag seo agus na sméara dubha á gceiliúradh ag muintir an oileáin.
"Puiteachaí" a thugtar ar sméara dubha in Inis Meáin go háitiúil agus bainfear gach uile thaitneamh as na torthaí céanna ar an oileán le linn lá mór imeachtaí ar an 28 Meán Fómhair.

Beidh réimse leathan ceardlanna á reáchtáil ar an lá idir ealaín le dúch puiteachaí, ceardlann chócáireachta do ghasúir ina dtaispeánfar cén chaoi le mionbhruar úll agus puiteachaí a dhéanamh, ceardlann chróiseála faoi stiúir Chumann Cniotála Inis Meáin ina mbeidh deis ag na rannpháirtithe a bpuiteachaí beaga féin a chróiseáil agus a thabhairt abhaile leo ar fháinne eochrach, chomh maith le ceardlann deochanna ina gcuirfear in iúl do dhaoine conas puiteachaí Inis Meáin a úsáid chun manglaim bhlasta a chruthú.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist siar le Aedín Ní Thiarnaigh ag caint fén bhFéile in 2022, an dara bhliain ann di.
Beidh iomaíocht ghéar ag Halla Naomh Eoin an Satharn seo chomh maith, mar a thabharfaidh muintir na féile faoi na comórtais éagsúla ar an lá. Is cuid lárnach d'Fhéile na bPuiteachaí é an Comórtas Filíochta ó thosaigh sí, agus fothéama fómhair ag dul leis na sméara dubha mar ábhar na ndánta gach bliain.
I mbliana ba é "Puiteachaí agus Fataí" a roghnaíodh mar théama agus fógrófar buaiteoirí an chomórtais ag Oscailt Oifigiúil na Féile, tráth a mbeidh deis ag na buaiteoirí a gcuid dánta a rá os comhair an tslua sa halla.

"Is féile fíorspeisialta í Féile na bPuiteachaí sa chaoi is go ndéanann muid ceiliúradh ní hamháin ar na sméara dubha, ach ar oidhreacht agus ar shaibhreas Inis Meáin.
Cuireann muid béim mhór ar chultúr agus ar scileanna an phobail ar bhealach ar féidir le cách taitneamh a bhaint astu", arsa Aedín Ní Thiarnaigh, a bhunaigh an fhéile siar in 2021.
"Tá traidisiún mór filíochta ar Inis Meáin mar shampla, agus mar sin tá muid fíorbhródúil go mbíonn an comórtas filíochta lárnach san fhéile. Cuid mhór eile de chultúr Inis Meáin ná an chróiseáil, rud a shníomhann muid isteach sa sceideal chomh maith".

Ag teacht le téama na bliana seo, reáchtálfar comórtas nua ag Féile na bPuiteachaí 2024; Comórtas don Fhata is Mó.
Cuirfear fáilte roimh lucht na bhfataí an fata is mó ón ngarraí a thabhairt chuig an halla ar an lá, áit a ndéanfar iad a mheá agus bronnfar ciseán duaiseanna agus dearbhán ar an mbuaiteoir.
Má tharraingeoidh Comórtas na bhFataí suim an phobail áfach, is é Comórtas Bácála Fhéile na bPuiteachaí a tharraingíonn na sluaite chuig an bhféile chuile bhliain, agus bácálaithe ag dul in iomaíocht lena chéile chun an mhilseog is blasta a chruthú le puiteachaí.

Tá fáilte roimh chách iontráil a dhéanamh ar an gcomórtas seo, ach milseog a bhácáil sa bhaile le puiteachaí agus a thabhairt chuig an halla roimh 15:00 ar an Satharn chun clárú.
Déanfar moltóireacht go hanaithnid ar na cístí agus bronnfar dearbháin One4All ar bhuaiteoirí na bliana seo ar luach €100, €50 agus €30 don 1ú, 2ú agus 3ú háit faoi seach, a bhuí le hurraíocht ó Chniotáil Inis Meáin.
"Tá rud éicint ann do chuile dhuine ag Féile na bPuiteachaí, dáiríre", arsa Gráinne Ní Chonghaile, Comhstiúrthóir na Féile, "Is lá fíorspeisialta é.
Tá ceardlann nó comórtas ann a fheileann do chuile dhuine agus chuile aoisghrúpa, agus bíonn fáilte roimh chách sa halla ar an lá chun teacht le chéile agus a bheith mar chuid den cheiliúradh".
Beidh Féile na bPuiteachaí ar siúl ag Halla Naomh Eoin, Inis Meáin an Satharn beag seo, an 28 Meán Fómhair 2024.