Sé an triú eagrán de thrialóg é 'Caithréim agus Tóir' le Eithne Ní Ghallchobhair ag teacht sna sála ar 'Múscail a Ghiorria' agus 'An Craiceann agus a Luach'. Bunaithe ar an Fhiannaíocht, iarracht atá ann cur leis an traidisiúin ar bhealach comhaimseartha.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le hEithne fén saothar nua seo aici.
Cén fáth gur chuir tú romhat scéal nua ón bhFiannaíocht a chruthú?
"Bhí mé ag dul don scéalaíocht beo mar chaitheamh aimsire agus tháinig an scéal seo chugam go nádúrtha de bharr go mbím ag dul don scéalaíocht beo chomh minic sin."

Tuigim go mbaineann tú úsáide as an scéal seo ag Fionn Mac Cumhail, ag Niamh Cinn Óir agus Oisín Mhig Fhinn le rudaí nua comhaimseartha a mheascadh trén sean-traidisiúin? Bhfuil sé iomarcach a rá go bhfuil smut den 'rom-com' ag baint leis an eilimint sin de scéala Niamh agus Oisín: bhí stail á lorg ag Niamh agus bhí Oisín ar nós Philadelphia, Here I Come ach gur Tír na nÓg an sprioc ar deireadh – pósadh áisiúlachta?
"Sílim go raibh Oisín ag iarraidh éalú. I ndeireadh na dála bhí seisean mar mhac rí. Bhí sé dul an uile rud a bheith aige ar chlár an domhain. Bhí rachmas aige. Bhí saibhreas aige. Bhí clú agus cáil air i measc na bhFéinne agus ca taoibh go raibh air imeacht fiú, tá mé cinnte go raibh neart ban ag teacht ina dhiaidh ach ag an am céanna nuair a tháinig Niamh Cinn Óir agus nuair a tugadh cuireadh dó imeacht thar lear, d'imigh sé leis. Ní thiocfadh leis éalú leath gasta go leor!"
Féach anseo ar Eithne ag insint Scéal Loch Finne.
"Léim sé ar mhuin na heiche agus ar shiúl leis an bheirt. Agus níl a mhalairt de scéal ann insa bhéaloideas agus sílim go díreach go raibh sé ag iarraidh a ghort fhéin a threabhadh agus shaoil féin a bheith aige. Agus a bheith ina fhear féin gan stair shliocht a shleachta a bheith ar eolas ag an uile dhuine a bhí thart air."
Tá macallaí uafásacha ansan ar scéala Harry agus Meghan ach ní dhéarfaidh mé a thuilleadh ina thaobh sin. Luann tú gur scéalaí tú agus is léir tábhacht na scéalaíochta duit ach mínigh dúinn beagáinín faoin faoin áit as a dtagann sé sin leat agus mar is dual duit nó mar is maith leat breis a chur leis, cineál.
"Bhuel bhí an-dúil agam riamh anall ins an scéalaíocht. Is cuimhin liom, fiú agus mé ar scoil nuair a thosaigh na múinteoirí, an mháistreás ach go háirithe, ag inseacht scéalta dúinn go mbéinn faoi gheasa aici."
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist siar le Eithne ag caint faoin scéalaíocht agus i mbun ceoil ar Raidió na Gaeltachta in 2022.
"Agus is dócha fosta go mbíodh sí an-éasca domh rudaí a chur de ghlan mheabhair agus chuaigh mé ag Scoil Mhin Tine Dé agus bhí an-bhéim ar na healaíona sa scoil sin – tá go fóill – agus cáil ar an scoil náisiúnta sin dá bharr. Mar sin is dócha gur músclaíodh suim sa scéalaíocht agam ansin ach de réir a chéile de réir mar a bhí mé ag dul in aois go raibh dúil agam sa léitheoireacht."
"Agus tá an-dúil agam san éisteacht agus is dócha go dtig an scríbhneoireacht agam de bharr go mbím ag léamh. Tig an scéalaíocht agam de bharr go bhfuil an-dúil agam ins an éisteacht mar cheird, éisteacht comhfhiosach."
"Sílim gur ceird atá san éisteachta – téann ceird na héisteacha le ceird na scéalaíochta lámh ar lámh; gan a bheith ábalta éisteacht ní bheadh ceird na scéalaíochta ann."
"Sin rud atá luaite agam sa leabhar, fosta, rud a thuigeann béaloideas. Go bhfuil sé in oidhreacht na nGael go bhfuil trí shlí éisteachta ann; an chéad slí don chaint aithne agus don gheabaireacht; an dara slí don scéalaíocht, don cheoil agus don fhilíocht; agus an tríú slí ná éistíonn muid, cluineann muid eagnaíocht an domhain."
"Is dócha go raibh an dara slí éisteachta mar phríomh slí éisteachta agamsa; an scéalaíocht, an cheol, an fhilíocht agus gur tháinig an scéalaíocht ina dhiaidh sin."
"Tá an éisteacht comfhiosach fíor thábhachtach agus chomh maith tá sé iontach tábhachtach rudaí a chur de ghlanmheabhair fosta."
"Tá dúil agam sa scéalaíochta freisin de bharr go gcreidimse go bhfuil críonnacht ins an scéalaíocht, go bhfuil críonnacht saoil sa scéalaíocht. Bhí cúis gur mhair na scéalta chomh fada sin i mbéal an phobail. Bhí ceachtanna le foghlaim ionta."

"Agus ó thaobh teanga na Fiannaíochta, is aoibhinn domh bheith ag dul don scéalaíocht agus is aoibhinn domh bheith ag scríobh fosta. Is aoibhinn liom teanga na scéalaíochta, an teanga ghéar, ghonta agus an teanga a bheith anois linn."
"Is aoibhinn liom rithim na scéalaíochta chomh maith céanna, leis an uaim an chomh-fhuaim meadaracht na laoithe, na nathanna cainte a thig chun tosaigh sa scéalaíochta arís agus arís eile. Tá an-saibhreas teanga sa scéalaíocht agus tá súil agam go bhfuil sé sin le sonrú i mo chuid leabhara."
"Is cinnte go bhfuil blas agus boladh na scéalaíochta le sonrú ins an leabhair seo nó is mar sin a thig na focail chugaim, de bharr go mbím ag dul don scéalaíocht, ach ní scríobhaim focal go dtí go mbíonn véarsa agam."
Sé Caithréim agus Tóir an triú eagrán in trialóg, ‘Múscail, a Ghiorria’, ‘An Craiceann agus a Luach’ agus anois ‘Caithréim agus Tóir’ – an leanfadh sí nós Douglas Adams an Hitchhiker's Guide agus tabhairt faoin ceathrú agus an cúigiú eagráin den trialóg chéanna?
"Ní raibh sé ar intinn agam trialóg a scríobh ach tá cúpla smaointe agam. Níl a fhios agam an dtiocfaidh siad agus nílim ag iarraidh mé féin a chur faoi bhrú. Tiocfaidh siad nuair a thagann siad."
Beidh Eithne i mbun scéalaíochta ag Féile Imram idir 7-16 Samhain i mBaile Átha Cliath sa bhfómhar agus i mbun scéalaíochta i mBéarla in Ollscoil Notre Dame i Mí na Samhna chomh maith.
Tuilleadh eolais ag IMRAM.
Siad Éilís Ní Dhuibhne agus Réaltán Ní Leannáin a bheidh i mbun léirmheasta 'Caithréim agus Tóir' mar Leabhar na Míosa ar An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock, Déardaoin ag 2.05i.n. ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.