skip to main content

Drivetime In-Depth ag díriú ar Chogadh i nGaza

Podcraoladh nua le buaicphoinntí ar an gclúdach ar chogadh Gaza.
Podcraoladh nua le buaicphoinntí ar an gclúdach ar chogadh Gaza.

Tá podcraoladh á sheoladh anocht dar teideal Drivetime In-Depth ag díriú ar chuid den gclúdach ar chlár an tráthnóna ar an gcogadh i nGaza ag dul siar chomh fada le 7 Deireadh Fómhair anuraidh go dtí an tráth seo, uair go mbeidh an troid ar siúl le bliain.

Sraith ceithre chlár ar dtús atá i gceist leis podcraoladh. Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Cormac Ó hEadhra, leathbhádóir Sarah McInerney ar Drivetime, faoin ábhar atá i gceist.

Drivetime In-Depth War in Gaza atá mar theideal air, súil siar bliana atá i gceist, an ea?

"Go bunúsach is ó thús an chogaidh in Gaza táimid ag breathnú siar agus ag cur leis an méid a rinne muid ansin. Tá an léiritheoir sraithe, Will Hanafin, an fear a chum agus a cheap an smaoineamh don podcraoladh seo."

Cormac Ó hEadhra, comhláithreoir Drivetime in éineacht le Sarah McInerney.

"Tá muid ag leanacht an chogadh Mhí Dheireadh Fómhar an seachtú lá suas go dtí an lá atá inniu ann agus cuid de na mór-agallaimh a rinne muid le urlabhraí rialtais Iosrael, le dochtúirí a bhí ag teacht i gcabhair ar pháistí is ar dhaoine agus iad ag obair in ospidéal a bhí buailte go dona ag na buamaí, le daoine a bhí ag obair le carthanachtaí idirnáisiúnta ar nós Unicef agus eile."

"Rinne muid agallaimh le daoine ar son na Palaistíne freisin, an Ambasadóir in Éirinn, mar shampla, bhí feisirí parlaiminte sa Knesset againn chomh maith. Bhí na daoine sin agus tuilleadh, na daoine sin ar fad a labhair linn faoin gcogadh agus faoin easaontas ón 7ú Deireadh Fómhar suas go dtí an lá atá inniu ann."

"Labhraíomar le daoine freisin a bhí sáinnithe i Gaza agus atá ó shin tagtha abhaile, Palaistínigh Éireannacha."

"Mar sin tá an podchraoladh seo ag tabhairt chuile rud mar sin le chéile ar aon láthair amháin, agus ansin táimid ag dul siar le cuid de na daoine ag cur ceist ortha freisin faoi anois agus tú ag breathnú siar air cé chaoi a bhfuil sé."

"Agus labhraímid le go leor daoine a bhíonn ag obair i gcogaidh agus a chonaic uafás in áit éigin sa tír nó ar fud an domhain go minic ach le bheith fírinneach leat, tá ceann de na hagallaimh is mó a d'imir tionchar ormsa go pearsanta, san áireamh."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


"Labhair mé le dochtúir, an tOllamh Nick Maynard, a dhein obráidí ar pháistí gan anaesthetic, gan trealamh ceart i Gaza agus na buamaí ag titim thart air. Cé go raibh sé feicthe aige chomh minic i nGaza, bhí sé ag cainte faoi go ciúin, go sollúnta agus bhí an oiread sin sonraí aige nach bhfuil caint ortha. Sin an t-agallamh is measa agus is fearr a rinne mé riamh."

Beidh an chéad eagrán le cloisteáil anocht, an Luan 23ú, agus ar lean Dé Máirt 24ú, Déardaoin 26ú agus Dé hAoine 27ú Meán Fómhar óna 6.30 - 7pm ar RTÉ Radio 1. Is féidir éisteacht siar ar seinnteoir aip RTÉ Radio Player, rte.ie/podcasts, nó pé áit go bhfaigheann tú na podcraoltaí agat.

Éist le Drivetime: In-Depth - War in Gaza ag tosnú anocht ag 6.30i.n. ar RTÉ Radio 1.