skip to main content

An Cúinne Dána dírithe ar an Fringe

Tar éis agallamh iontach leis an Speallaire John Spiallane sa chéad chlár den tseásúr nua tá an Cúinne Dána ag díriú sa dara chlár ar Fhéile an Imeall Bhleá Cliath, an Fringe Festival agus agallamh le rinceoir Fearghus Ó Conchúir agus foirseoir Julie Jay.


Tá clár ealaíne agus litríochta RTÉ Raidió na Gaeltachta ar ais ar an aer do shéasúr úr agus ceoltóir, údar agus craoltóir Tristan Rosenstock sa chathaoir athuair.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le rinceoir Fearghus Ó Conchúir anseo ag caint le Tristan féna sheó Tearmann Aiteach.

Labhraíonn Fearghus faoin gcaoi go ndíríonn an taibhiú seo aige féin agus a leathbhádóir, Isabella Oberländer, ar na spásanna a chruthaíonn struchtúr agus mar atá tearmann de shaghas éigin ó gach éinne iad féin a chur in iúl go sábháltha.

Agus beidh Tearmann Aiteach, le Fearghus Ó Conchúir agus Isabella Oberländer, le feiscint sa Firkin Crane i gcathair Chorcaí ar an 11ú agus 12ú Deireadh Fómhair.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist leis an bhfuirseoir Julie Jay ag caint féna seó grinn Smidiríní.

An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock gach Déardaoin ag 2.05i.n. ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.