Tá Athbheochan agus Imbas Ióga ag eagrú oíche speisialta le ceol bheo, cultúr Ghaelach agus dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta a chéiliúradh ar Shráid na Prúise i lár na cathrach mar chuid d'Oíche Chultúir i mBleá Cliath.
Béidh turas Iógach as Gaeilge le Bláthnaid Ní Smaolaigh (Imbas Ióga) le ceol agus filíocht ó Blue Niall (Athbheochan/Dublin Digital Radio). Níos déanaí béidh seisiún cheoil bheo ó Comhcheol, grúpa ceoltóirí atá sa chóras soláthair dhírigh, atá ag cruthú ceol le ceoltóirí Gaelacha trí clár atá ar siúl ag Athbheochan. Béidh craic, ceol agus spraoi ann agus fáilte roimh éinne atá sa cheantar páirt a ghlacadh ann.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Bláthnaid agus le Blue Niall féna mbeidh ar fáil do mhuintir na cathrach anocht i mBleá Cliath a 7.
Cén saghas cleachtadh ióga a dhéanann tú nó cad é an cur chuige atá agat in Imbas Ióga a Bhláthnaid?
"Bhuel rinne mé traenáil hatha ióga ach déanaim ranganna vinyasa flow, chomh maith. Glacann an traenáil bunúsach 300 uair a chloig agus rinne mé an traenáil sin i gCill Chainnigh agus i gCorcaigh le bean Éireannach."

Agus bhfuil fáilte roimh duine ar bith nach ndearna ióga riamh dul ag féachaint, dul ag glacadh páirte leat ag Athbheochan amárach?
"Sea cinnte, bíonn na ranganna a múinim saghas oscailte mar sin is féidir le duine ar bith teacht - fáilte roimh cách!"
Cuid den modh múinte ag Bláthnaid ná díriú ar na matáin agus sa chorp i gcoitinne, sna háiteanna go ndéanaimid tráma agus laige bhrí a chur i bhfolach nó a stóráil, agus iad a mhealladh ina ndúiseacht. Ar an mbealach seo, tugann sé deis don té atá páirteach machnamh a dhéanamh, sa chás seo ar Athbheochan na teangan, an chultúir agus a chiallaíonn sé bheith mar cuid d'Éirinn, nó go bhfuil Éireann ionainn go léir, cuma cén cine, creideamh nó claonadh.

Agus beidh ceol ar siúl lena linn mar is dual is dócha do cleachtadh ióga mar sin an é an ceol atá ar siúl agatsa Niall?
"Sea, cé nár chum mé an ceol uilig, ach tá meascán cheoil Éireannach don chuid is mó i gceist agus tá saghas turas ar fáil do dhaoine thar an uair an chloig, tá súil againn, agus píosa filíochta freisin."
D’aontóidís beirt gur cineál ‘happening’ atá ar bun acu, rud orgánach gan plean docht ach lena gcumas dul i dtreo ar bith sa chéiliúradh. Beidh siad lonnaithe ar an tsráid i gceantar Bhóthar na gCloch – trés boho, muy hipster ach cén dochar – mar sin beidh siad feiceálach agus le clos agus meallfaidh sé sin daoine atá ag siúl thart.
Tá ceangal láidir ag an smaoineamh seo - an athbheochan - ar chlár raidió ag Blue Niall den teideal céanna ar Dublin Digital Radio, mar a mhíníonn sé.
"Is clár raidió agus sraith ócáidí í Athbheochan, ina bhfuil slua daoine ag teacht le chéile chun an Athbheochan cultúrtha atá ag tarlú sa tír seo faoi láthair a cheiliúradh agus le cultúir i dtíortha eile a bhfuil nasc acu linn a chéiliúradh freisin."
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le Bláthnaid ag caint le hÁine Ní Bhreisleáin fé Imbas Ióga ar Raidió na Gaeltachta.
"Bíonn an clár ar Dublin Digital Radio gach dara Déardaoin agus bíonn ócáidí bailithe airgead agus ag léiriú dlúthpháirtíocht ar son dreamanna éagsúla aon uair go bhfuil na rudaí sin de dhíth."
"Le déanaí rinne muid dhá ócáid ar son na Palaistíne agus roimhe sin rinne muid rudaí leis an Irish Hospice Foundation agus ar son CATU (aontas pobail agus tionóntaí) freisin."
"Agus ar an gclár raidió bíonn ceol á sheinm agus bíonn caint ann le daoine atá an athbheochan seo ar bun acu i slíte éagsúla, bíodh sé sin ina ealaín nó ina cheoil nó eile."

"Séard is Comhcheol ann ná cuid d'Athbheochan ina bhfuilim ag obair le MASI, nó Movement for Asylum Seekers of Ireland agus táimid ag tabhairt ceoltóirí Éireannacha le chéile le ceoltóirí sa chóras soláthar díreach chun ceol a chruthú agus caidreamh agus dlúthpháirtíocht a neartú. Mar sin is saghas 'work-in-progress' atá ann faoi láthair, cineál leath-jam agus cúpla píosa atá á scríobh agam faoi láthair a bheidh ann."
"Táimid ag obair ar albam le chéile, compilation albam, a bheas ag teacht amach chun airgead a bhailiú ach freisin chun an t-eolas a scaipeadh faoi conas mar atá an saol dos na teifigh anseo faoi láthair agus faoi na nascanna atá againn idir ár gcultúr Éireannach agus cultúir éagsúla timpeall an domhain atá gortaithe ag an impiriúlachas."
Beidh an cheoil seo Dé hAoine dá thaifead ar son an Digital Repository of Ireland agus Dublin Digital Radio.
Athbheochan: Aonad 44, Ionad Siopadóireachta na Páirce, Sráid na Prúise, óna 6.30i.n. ar aghaidh.