skip to main content

Say a Song Project: Athinsint ar an bhFilíocht Bhéil

Doireann Ní Ghlacáin, ceoltóir agus craoltóir gan tuirse.
Doireann Ní Ghlacáin, ceoltóir agus craoltóir gan tuirse.

Taispeántas bhríomhar, tumthach, ilmhéain atá sa Say a Song Project, athshamhlú den traidisiúin amhránaíochta ar an sean-nós a chíorann atá le foghlaim uaidh san saol atá inniu ann.

Den chéad uair, cuirfear os comhair lucht féachana an Bhéarla saibhreas agus ársacht filíochta na hÉireann trén saothar atá táirgthe ag plúr na scríbhneoirí is na healaíontóirí comhaimseartha atá páirteach sa togra físiúil seo.

Sean-nós agus nua-nós ag tochailt san oidhreacht.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Doireann Ní Ghlacáin, stiúrthóir agus láithreoir an togra le fáil amach a bheidh ar fáil.

Dóibh siúd nár chuala ina thaobh, cad é an Say a Song Project agus cad atá ar siúl?

"Is dócha go bhfuil a fhios ag pobal na Gaeilge ar fad nuair a chuirtear ceist ar dhuine éigin amhrán a rá deirtear 'Abair amhrán!' agus is saghas imeartas ar an nóisean sin gur an fhilíocht agus brí na bhfocal taobh thiar d’amhrán an tionscnamh seo."

Conas a chuaigh sibh ina mbun san?

"Táimid tar éis cuireadh a thabhairt do dheichniúir scríbhneoirí agus d’ealaíontóirí comhaimseartha dul i ngleic le hamhráin ó thraidisiúin an tsean-nóis agus saghas athshamhlú a dhéanamh orthu agus iad a athrú ó Ghaeilge go Béarla chun an t-am sin a oscailt suas go dtí an mór lucht féachana in Éirinn anseo agus táimid ag scrúdú na ceiste ‘cad is féidir leis na hamhráin seo a rá linn mar gheall ar an saol comhaimseartha seo."

Mar sin an é gur saothar na gcuiditheoirí a bhí le clos ar an tsraith raidió ar RTÉ Radio 1 atá sa taispeántas seo?

"Is ea go díreach. Beidh saothar leithéidí Ciara Ní É, Theo Dorgan, Nuala Ní Dhomhnaill agus go leor scríbhneoirí eile níos óige atá ag teacht aníos mar chuid de."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Doireann ag caint le Miriam O'Callaghan ar Sunday with Miriam faoin togra.

Beidh Say A Song Project á sheoladh Déardaoin 19 Meán Fómhar in ionad An Complex i lár na cathrach i mBleá Cliath agus ag dul ar chamcuaird náisiúnta ina dhiaidh san.

Le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus Uisce Beatha Powers.