skip to main content

Treoir Léitheoireachta Leabhair Pháistí Éireann le seoladh ar Oíche an Chultúir

Beidh Laureate na nÓg, Patricia Forde, ag seoladh an treoir bliaintúil léitheoireachta Leabhair Pháistí Éireann i mBÁC ar Oíche Chultúr.
Beidh Laureate na nÓg, Patricia Forde, ag seoladh an treoir bliaintúil léitheoireachta Leabhair Pháistí Éireann i mBÁC ar Oíche Chultúr.

Children's Books Ireland will launch its annual reading guide for young people at a special Culture Night event at Dubray Books on Grafton Street, at 5pm on Friday, 20th September.

The free event will feature readings and signings by authors and a Book Clinic where children are prescribed with their next read.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Laureate na nÓg, Patricia Forde, i dtaobh na hócáide agus an treoir léitheoireachta.

"An treoir is fearr, b'fhéidir, ach treoir léitheoireachta bliantúil ó Children's Books Ireland atá ann. Mar sin roghnaíonn siad leabhar chuile bhliain agus bíonn téama difriúil acu chuile bhliain agus i mbliana an cheann seo ná One Hundred Recommended Irish Reads."

Patricia agus a bonn Laureate. [Pic Julian Behal]

"Agus sin céad leabhar a scríobhadh ag Éireannaigh, sé sin daoine atá ina gcónaí anseo nó daoine ar rugadh anseo agus tá ina gcónaí in áit éigin eile. Céad leabhar a tháinig amach i mbliana nó a thiocfas amach roimh dheireadh na bliana."

"Mar sin 2024 an chuid ar fad. Agus tá leabhar i mBéarla agus i nGaeilge ina measc. Tá céad leabhar ar fad ann agus ansin ina dhiaidh sin tá céad leabhar eile ainmnithe sa chás gur thaithin siad sin leat, b'fhéidir go dtaitneoidh na leabhair seo leat chomh maith. Mar sin tá siad sin chomh maith."

Cumhacht na leabhar do pháistí. [Pic Julian Behal]

"Ba bhreá liom go mbeadh níos mó leabhar i nGaeilge ann. Ach i mbliana níl ach 8 gcinn agus braitheann sé sin ar na leabhair a foilsíodh i mbliana. Mar sin tá mé cinnte go dtiocfaidh i bhfad níos mó leabhar amach roimh dheireadh na bliana, ach nuair a cuireadh an treoir le chéile sin a raibh ann."

"Mar sin tá ocht gcinn i nGaeilge againn ó aoiseanna 5 suas go dtí 14. Agus sin rud eile faoi an leabhair seo - tá leabhar ann mar a deireann siad ó neamhní go dtí aois a 18. Leabhair do chách i ndáiríre."

Beidh sé á sheoladh ar Oíche an Chultúir nó Culture Night, mar sin beidh na mílte amuigh ar na sráideanna?

"Sea beidh agus beidh scuad mór scríbhneoirí agus maisitheoirí do pháistí i Sráid Grafton in siopa leabhar Dubray's ansin agus beidh an-chraic ann. Beidh siad ag léamh agus ag tarraingt pictiúir mar sin bain sult as an lá nó oíche ar an oíche sin."

Agus is oíche an-speisialta é Oíche an Chultúir, ach go háirithe má bhíonn an aimsir cineálta, tá sé an-dearfach ar fad.

"Bíonn. Ceapaim go mbíonn sé go han-mhaith go mór mhór i mBleá Cliath, b'fhéidir. Tá sé go maith anseo freisin nGaillimh, ach ceapaim go bhfuil áiteacha faoi leith ar fud na tíre agus bíonn an oíche acu, Gaillimh agus Baile Átha Cliath san áireamh. Agus beidh mise ann freisin! Beidh mé ag dul go Bleá Cliath chun craic a bheith againn ar Shráid Grafton."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Laureate na nÓg, Patricia Forde, le Anne McCabe ag caint le Kay Sheehy ar Arena.

Breis eolais ar treoir léitheoireachta Children's Books Ireland anseo.