Cén saghas ealaín a tháirgtear nuair a mheascann tú leabhar as 1888 fé fabhalscéal na sí, traidisiúin dheisceart na hÉireann agus spreagadh leithéidí Sheáin Uí Thuama Chorcaí le filter an tAthair Peadar Ua Laoghaire agus gráinne samhlaíochta Spillane?
Bhuel Fíoruisce: The Legend of the Lough an freagra ach éist le John Spillane féin ag caint ina thaobh le Tristan Rosenstock ar an gcéad eagrán ar ais den gclár ealaíne An Cúinne Dána ar Raidió na Gaeltachta.
Tá mór-shaothar ilíoch cumtha ag an gceoltóir leis an saothar seo, agus ní gan dua, líon mhór oibre, aoí-cheoltóirí cliúitiúla agus cumasach, éagsúil, macasamhail, Eoghan Ó Ceannabháin, Ríonach Connolly, Niamh Farrell, Neil Ní Chróinín agus eile.
Ag cloí le téama an cheoldrámaíocht, sé sin Opera na mór-roinne, gurb don gnáth cos-mhuintir a cumadh a leithéid ó chianaibh, agus scéalta eipiciúla mar chloch laistíos den gceol agus den gcanadh.
Ní haon cur-i-gcéill é eipic uaillmhianach a thabhairt ar an saothar iontach seo atá mar chineál albam coincheap a shamhlófá leis na Zappa's, na Kansas's, nó Bowie's na 70daí ach go háirithe. Agus is léir go bhfuil éirithe leis, dar le lucht critice agus léirmheasa.
Tuilleadh eolais ag fíoruisce.ie
Beidh an rinceoir Fearghus Ó Conchúir agus an fuirseoir Julie Jay ar an chéad eagrán eile de chuid An Cúinne Dána, dírithe ar Fhéile an Fringe, Déardaoin 19ú Mean Fómhar ag 2.05 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.