Idir Dhá Bhaile - ó Chív go Corcaigh: clár faisnéise do TG4 ina gcaitear súil ar na dúshláin atá roimh theaghlach as an Úcráin a tháinig ar a dteitheadh go hÉirinn agus atá anois ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar shaol nua anseo.
An turas corrach, ó Chív go Corcaigh, a bhí roimh Nadia Dobrianska agus a teaghlach is ábhar don scannán ina dteitear i ngleic leis an éiginnteacht a bhíonn roimh dhídeanaithe agus cogadh ag scriosadh a dtíre dúchais.
Cainteoir líofa Gaeilge í Nadia Dobrianska, agus chonacthas di gur luigh sé le ciall go rachadh sí chun cónaí in Éirinn. Má luigh féin, bhain castachtaí nach beag leis an gcinneadh sin. Buaileadh an teaghlach go dona i ngeall ar an chogadh agus tá siad anois idir dhá thír.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le Nadia ag plé cás na hÚcráine ar Tús Áite le linn don Taoiseach bheith ar cuairt ann.
Rinneadh an scannán a thaifeadadh le linn an chéad dá bhliain dá seal in Éirinn. Leantar Nadia agus a hathair Leo agus iad ag iarraidh dul i dtaithí ar an saol úr atá acu in Éirinn, gan an saol a bhí acu san Úcráin a ligean i ndearmad, agus iad ag smaoineamh ar an méid atá i ndán dóibh i saol seo na héiginnteachta.
Seo mar a labhair an stiúrthóir Sinéad Ingoldsby: "Scéal an-choscrach é scéal Nadia agus Leo. Is fíorchuntas é ar an tionchar a d'imir an cogadh agus an díláithriú ar theaghlach amháin. Is léiriú é an dóigh ar inis siad dúinn faoin tráma a bhain dóibh ar an teacht aniar, ar an fhlaithiúlacht agus ar an spiorad atá sa phobal nua Úcránach in Éirinn".
Is é Below the Radar TV a léirigh an scannán, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.
Craolfar Idir Dhá Bhaile - ó Chív go Corcaigh ar TG4 an 25 Meán Fómhair ag 9:30i.n.