skip to main content

Seoda Foinn ag céiliúradh an traidisiúin

Caitlín Ní Chualáin, léiritheoir agus láithreoir Seoda Foinn.
Caitlín Ní Chualáin, léiritheoir agus láithreoir Seoda Foinn.

Seoda Foinn is teideal don chlár nua le Caitlín Ní Chualáin Raidió na Gaeltachta atá dírithe ar an amhránaíocht sean-nóis.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Caitlín faoin gclár agus an sprioc atá aici leis, mar chaomhnóir agus mar theachtaire ar an traidisiúin dóibh siúd atá ag teacht.

"Is ceiliúradh é ar an traidisiún fonnadóireachta ársa atá sa gcultúr ag muintir na hÉireann chomh fada siar agus atá cuimhne na ndaoine. Is ardán é don traidisiún sin atá tagthaí a'ainn ó ghlúin go glúin agus ar bhealach amháin is fúinne atá sé an lóchrann a iompar mar ní linne é ach is leis an gcéad ghlúin eile agus an ghlúin eile ina dhiaidh sin agus ina dhiaidh sin agus ar bhealaí go leor is míorúilteach an méid atá tarlaithe le go bhfuil sé fiú amháin fós beo, má chuimhníonn tú ceart air."

Fáisceadh as traidisiúin na fonnadóireachta í Caitlín; bhain a hathair, Mairtín Pheaits Ó Cúláin, Corn na bhFear ag An tOireachtas agus é ceithre scór bliain d'aois, agus bhronn sé an traidisiún ar a theaghlach. Buaiteoir Chorn Uí Riada is ea í Caitlín féin, agus bhain sí Corn na mBan trí huaire, freisin. Is maith go dtuigeann sí croí agus anam na hoidhreachta seo agus mar is cóir é a bhronnadh ar amhránaithe na linne seo teacht.

"Tá sean taifid déanta, tá daoine ann sna blianta siar, leithéidí Chiarán Mac Mathúna agus bailitheoirí ceoil eile a rinne go leor ar son an stuif a bhailiú, ach sílim go bhfuil ardán ag Raidió na Gaeltachta leis an ábhar a chraoladh agus a chur ar fáil do phobal éisteachta i bhfad agus i ngearr.

Ciarán Mac Mathúna, ceannródaí agus bailitheoir cheoil.

"Agus dá réir sin tá ardán speisialta faighte ag na hamhráin sean nóis insa gclár seo Seoda Foinn. Tá mé ag díriú sa gclár ar chuile Ghaeltacht, chuile amhrán, chuile tréimhse agus mé a chuir go leor suime, faoi láthair ar aon nós, in sean taifid agus rudaí, b'fhéidir nach bhfuil cloiste cheana agam nó go bhfuil go gceapaim go gcuirfeadh an lucht éisteachta suim ins an scéal a bheadh taobh thiar den amhrán ar leith nó don téama, mar shampla."

"Amhráin ó scoth na bhfonnadóirí sean nóis ón tréimhse seo, amhráin nó amhránaí na linne seo ón gceardlann anseo sa Raidió agus má thagaim trasna ar aon taifid eile, triailim spás a fháil dóibh sin agus faoi láthair tá roinnt taifead agam agus tá mé ag baint an-sásamh astu sin."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist siar anois leis an gcéad chlár den sraith Seoda Foinn le Caitlín Ní Chualáin.

Seoda Foinn, gach Déardaoin ag 20.30 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.