skip to main content

Beidh craoltóirí Raidió na Gaeltachta sa ghort ann

Fans móra Raidió na Gaeltachta iad na Holstein-Freisians. (Agus b'fhearr leo leann dubh thar pils lá ar bith.)
Fans móra Raidió na Gaeltachta iad na Holstein-Freisians. (Agus b'fhearr leo leann dubh thar pils lá ar bith.)

Filleann RTÉ ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ón 17 – 19 Meán Fómhair le sceideal spreagúil de chláir agus de léiriúcháin bheo ó phuball RTÉ thar trí lá i Ráithín an Uisce, Contae Laois. Mar is gnáth beidh Raidió na Gaeltachta sa ghort, freisin.

Fionnuala Uí Neachtain, Nuacht a 1.

I measc na gclár a bheidh ag craoladh beo as an láthair lártíre beidh Fionnuala Uí Neachtain ag cur Nuacht a hAon i láthair ar an gCéadaoin 18ú. Bí ag súil le h-aíonna cuí na hearnála ar an gclár agus iad dá gceistiúdh ar na dúshlán atá roimh feirmeoirí na tíre toisc na dualgaisí atá orainne de bharr athraithe aeráide agus mar a thagann cuid acu slach ar mhodhanna fad-bhunaithe lucht na talmhaíochta. Ar na haíonna a bheidh i láthair ar an lá beidh leas-Uachtarán Chumann na bhFeirmeoirí, Alice Doyle, an fheirmeoir Tomás O Fátharta agus an fear gnó, Tomás Póil de chuid Man of Arran Fudge.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist siar leis an bhfeirmeoir Tomás Ó Fátharta anuraidh - bhfuil rudaí imithe in olcas ó shin?


Leanfaidh an clúdach níos déanaí an lá céanna nuair a bheidh Cóisir Cheoil ag teacht beo ón láthair idir a 3 agus 5 tráthnóna le steip a chur i gcéimeanna lucht féachana.

Tristan Rosenstock, ceoltóir, craoltóir, fear a tí.

Beidh Cóisir Cheoil á chur i láthair Déardaoin ag Tristan Rosenstock, láithreoir An Chúinne Dána agus ball dar ndóigh den ghrúpa clúitiúil, Téada. Cuirfidh Tristan ceoltóirí ar stáitse le rogha leathan foinn a chur ar fáil do lucht féachanna Ráithín an Uisce, ina measc Keelan McGrath, gur boscadóir agus feirmeoir í, in éineacht lena cairde agus fear as Condae Laoise féin, Paul Finn de chuid Téada agus laochra cheoil eile Laoise ina theannta. Bí ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta nó aimsigh puball RTÉ ar an láthair agus bain súp as an ócáid os do chomhair amach.

Féach anseo ar chlúdach RTÉ ón gcéad chomórtas treabhadóireachta as Cill Áirne i 1961.

Lean clúdach Chomórtas Náisiúnta Treabhadóireachta ar RTÉ ag (Instagram, Facebook, TikTok and X (Twitter)) and #RTEPloughing.