Foilsíodh an leabhar Jimín Mháire Thaidhg níos mó ná céad bliain ó shin, ach anois, sa sraithdrámaíochta seo den teideal céanna, Jimín Mháire Thaidhg, déantar athshamhlú ar an gcarachtar is cáiliúla agus is spraíúla i litríocht Ghaeilge na n-óg.
Sa dráma raidió seo, a bheidh ar siúl gach Aoine ag 2.35 pm, ceanglaítear ré Jimín leis an lá atá inniu ann agus cloisfidh muid glúin nua aisteoirí óga ag teacht chun cinn ann. Is dráma é seo do dhaoine óga agus daoine nach bhfuil chomh h-óg sin. Déanadh an príomh-thaifeadadh ar an mBúiltín i gCorca Dhuibhne.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le stiúrthóir na sraithe, Jane Farley, faoin múnla nua seo atá déanta.
"Tá bun téacs Jimín Mháire Thaidhg dochreidte ann ar dtús. Léimeann na focail agus na habairtí ó na leathanaigh fós ach is dócha agus muid ag breathnú ar 100 bliain níos déanaí, bhí mé ag iarraidh teacht ar bhealach chun bealach isteach dó a thabhairt do ghlúin óg atá inniu ann."

"Mar sin an seift a thángamar air ná, tá cailín óg, Saoirse an t-ainm atá uirthi, tá sí lonnaithe i mBaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann agus faoi dhraíocht éigin osclaíonn sí an leabhar agus tugann sé sin deis di dul isteach i ndomhain Jimín agus labhraíonn siad lena chéile."
"Agus insíonn seisean a chuid scéalta di agus tá rudaí ag tarlú in a saol i mBaile Átha Cliath go bhfuil b'fhéidir cineál cosúlachtaí áirithe ionta, ar nós achrann le Mam nó trioblóid ar scoil nó troid le cairde, mar shampla. Mar sin déantar comparáid idir saol Shaoirse i Baile Átha Cliath an lae inniu agus saol Jimín céad bliain ó shin."

Cén chineálacha eachtraí a thiteann amach chun go meascann an dá dhomhan sin agus a bheidh le cloisteáil againne lucht éisteachta?
"Bhuel mar shampla tá cara mór maith ag Jimín darb ainm Micilín Eoin. Ach ag tús an leabhair is naimhde iad. Bíonn siad ag troid agus dá bascadh a chéile. Tá Jimín ag insint do Shaoirse mar gheall ar an buachaill uafásach seo Micilín Eoin agus na rudaí uafásacha gur dhein sé agus ansin ag an am céanna i mBaile Átha Cliath an lá roimhe sin cuireadh Saoirse abhaile ón scoil toisc go raibh sí ag troid lena chara."
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le píosa fén mheas atá ar an saothar seo ón Seabhac i 2019.
"Tríd síos sa chaibidil sin ar deireadh is cairde mór iad Jimín agus Micilín Eoin agus tógann Saoirse ceacht as sin, 'Is fearr cairde ná ór' an nath atá acu. Mar sin tuigeann Saoirse ag a deireadh go bhfuil sí chun dul suas an bóthar ag an gcara chun leithscéal a ghabháil agus beidh muid inár gcairde gcomhair arís. Spreagann Jimín ise agus spreagann sise Jimín chun cinnithe maithe a dhéanamh."

Agus spreagfaidh sé daoine óga atá ag éisteacht go bhfuil sé sin ag tarlú dóibh. Cén chliar atá agaibh sa sraith?
"An príomh aisteoir againn mar Jimín é féin, Seán Dalby an t ainm atá air, buachaill as Corca Dhuibhne agus ní dóigh liom go bhféadfaimis teacht ar Jimín níos fearr aon am sa chéad bhliain atá imithe thart. Tá sé dochreidte! Tá an téacs casta go leor agus stíl cainte nach bhfuil comónta sa lá atá inniu ann."

"Bhí sé dúshlánach, ach ní cheapfá i gcomhair soicind go raibh sé dúshlánach ó bheith ag obair air. Agus bhí a mháthair, Róisín, ann freisin. Bhí Caitríona Budhlaeir linn, a chuir an-chuid comhairle orainn maidir le nithe foghraíochta agus cruinneas teanga agus mar sin de. Ní fhéadfainnse é a dhéanamh gan ceachtar acu ann chun an fhírinne a rá."
Agus sí Fiadh Ní Bhraonáin atá agaibh i ról Shaoirse?
Sea, agus bhí Fiadh i mBaile Átha Cliath agus bhí sí siúd go hiontach freisin. Tá Saoirse níos uirbeach mar carachtar agus is dócha mar sin tá comparáid an-dheas eatartha. Fuaimníonn siad ar nós go dtagann siad ó dhomhain difriúla ach go bhfuil siad ceanúil ar a chéile."

Bhí cliar chúnta fairsing ag an dráma, ach go háirithe ó mhuintir Chorca Dhuibhne, ina measc Tadhg Ó Bric, Máire agus Frances Ní Chinnéide, Mícheál 'Toose' Mac Gearailt agus Sláine Ní Chathalláin. Bhí Feargal Mac Amhlaigh, a cailleadh ó shin, páirteach, leis.
Siad Kíla, a bhfuil na blianta taithí acu ar a leithéid, a bhí i mbun fuaimriain don sraith atá léirithe ag Macalla Teo., maoinithe ag Coimisiún na Meán ón scéim Fuaim agus Fís.
Jimín Mháire Thaidhg gach Aoine ag 2.35i.n. ag tosú ar 13ú MF ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.