Tá clár faisnéise nua uair a chloig dar teideal 'Fathaigh na Farraige' le craoladh ar TG4 Dé Céadaoin, an 18 Meán Fómhair ag 9:30 i.n. Rinneadh scannánaíocht don chlár faisnéise seo i gcuid de na ceantair is sceirdiúla sa tír seo.

Déantar cíoradh sa chlár spéisiúil ar a chasta atá ceangal mhuintir na hÉireann leis na siorcanna agus na míolta móra atá le fáil san fharraige amach ó chósta an oileáin, ón tráth atá caite nuair a bhíodh fiach á dhéanamh orthu ar mhaithe le cothú nó gnóthachtáil de chineál eile anall go dtí an lá atá inniu ann nuair atá dícheall á dhéanamh iad a thabhairt slán agus a chaomhnú.
Bíonn 26 speiceas faoi leith den mhíol mór agus den deilf le fáil amach ó chósta na hÉireann, ón muc mhara (an deilf is lú) atá le háireamh ar an gcineál is lú go dtí an míol gorm, an t-ainmhí is mó uilig ar domhan.
Cuirtear i láthair sa chlár faisnéise seo réimse den stair atá ligthe nach mór i ndearmad ar fad, scéal sheilg an mhíl mhóir ó chuir Thomas Nesbitt, fear as Dún na nGall agus an té a chéad cheap gunna sclóine muirghanna, an chéad stáisiún míol mór ar bun in Éirinn sa bhliain 1780 anall go dtí an stáisiún míol mór ar Inis Gé amach ó chósta Mhaigh Eo a bhí faoi úinéireacht lucht tionsclaíochta as an Iorua.

Sa bhliain 1908 a cuireadh an stáisiún sin ar bun nuair a chuir an Iorua cosc ar sheilg an mhíl mhóir as an tír sin. Tá róshaothrú lucht na seilge ar an míol mór le brath go fóill ar líon speicis éagsúla den mhíol mór abhus, agus an ceartmhíol mór, droimeiteach na saíán agus an míol gorm an-ghar do bheith imithe as uilig.
Ní hiad na míolta móra sin amháin d'fhathaigh na farraige a ndearna muintir na hÉireann seilg ghéar leanúnach orthu amach ón gcósta gur ar éigin a bhí mórán ar bith fágtha. Ar feadh na gcianta, bhíodh seilg á déanamh ar fud an chósta ar an liamhán gréine – scagbheathóir réidh mall; díreach tar éis aimsir an dara cogadh mór, is mó a bhí seilg á déanamh ar an liamhán gréine i gCuan na Coime agus i bPoirtín in aice láimhe ar oileán Acla ná in aon áit eile ar domhan.

Tráth nach mbíodh de rogha ag cuid mhór ach dul ar imirce, bhí fostaíocht, a raibh géarghá léi, ar fáil sa tionscal seo; ach cé mhéad a cailleadh leis? Idir na blianta 1950 agus 1965, maraíodh níos mó ná 9,000 liamhán gréine amach ó chósta Acla amháin. Aon chúis amháin a bhíodh le seilg a dhéanamh ar an liamhán gréine agus ar an míol mór: ola.
Ríomhtar scéal casta cheangal mhuintir na hÉireann ar feadh na gcianta leis na hainmhithe maorga mórga seo i gclár faisnéise 50 nóiméad d'ábhar ríspéisiúil féachana ar ''Fathaigh na Farraige'. Cuirfear daoine a bhíodh ag seilg ar shiorcanna, lucht caomhantais, lucht sheandálaíocht na mara agus stair na farraige faoi agallamh.
Is díol suntais freisin ábhar cartlannaíochta, mar shampla ábhar scannánaíochta faoin siorc deireanach a maraíodh i gCuan na Coime agus ábhar faoin stáisiún míol mór in Inis Gé as scannán dar teideal 'Whaling Afloat and Ashore' le Robert Paul a rinneadh 115 bliain ó shin.
Aenghus Mac Eochagáin a stiúraigh agus Fiona Ní Eidhin a léirigh an clár faisnéise (thar ceann Snag Breac Films) ina dtugtar léargas suimiúil ar na modhanna agus na fáthanna a bhaineadh leis an obair seilge san am a caitheadh agus a bhaineann leis an obair chaomhnúcháin sa lá atá inniu ann i ndáil 'Fathaigh na Farraige'.
'Fathaigh na Farraige' Dé Céadaoin, an 18 Meán Fómhair ag 9:30 i.n TG4 & TG4.ie