skip to main content

Sár shaothar Demi Moore in The Substance

Hollywood. Gach rud ceadaithe in Tinseltown seachas dul in aois mhná.
Hollywood. Gach rud ceadaithe in Tinseltown seachas dul in aois mhná.

Ar smaoinigh tú riamh ar leagan níos fearr, níos áille, níos óige díot féin a chruthú? Sin go díreach an rud a gheallann The Substance, an scannán is déanaí de chuid Coralie Fargeat.

Is scannán corpuafáis é The Substance a chuireann spot-solas ar an mbrú a chuirtear ar mhná a bheith óg, álainn, tarraingteach agus 'foirfe' sa tsochaí ina mairimid agus i saol Hollywood go háirithe.

In oscailt atá an-éifeachtach, cuirtear an príomhcharachtar, Elisabeth Sparkle (Demi Moore) in aithne dúinn agus feicimid í ag dul in aois – gan súil a leagan ar an mbean féin – nuair a dhírítear ar a réalta ar an tsráid ar Hollywood Boulevard a bhfuil cuma ghlan, lonrach agus nua uirthi ar dtús ach a théann i léig le himeacht ama, díreach cosúil leis an mbean féin.

Dennis Quaid: eiseamláireach mar shiombal cultúrtha fir Hollywood.

Tuigimid gur dhuine mór le rá í nuair a bhí sí óg ach gur bean í anois a bhfuil an leathchéad bainte amach aici. Cailleann sí a post mar theagascóir corp acmhainne ar an teilifís ar a breithlá, toisc go síleann a léiritheoir graosta, Harvey (Dennis Quaid), go bhfuil sí róshean chun an scór féachana teilifíse atá uaidh a fháil.

Chomh luath is a osclaíonn an scannán, mar sin, ardaítear ceisteanna móra –ceisteanna ábhartha – faoi íomhá na mban sa tsochaí sa lá atá inniu ann. Cuirtear in iúl dúinn go soiléir go mbraitheann luach na mban, i saol Hollywood go háirithe, ar a n-aois, a n-áilleacht agus a dtorthúlacht i súile na bhfear.

Deis do Demi Moore an chinniúint a athrú - ach ar chén luach?

Agus í ag an bpointe íseal seo ina saol, tugtar deis di triail a bhaint as druga mistéireach, druga atá ar an margadh dubh amháin, a mhaíonn gur féidir leis leagan eile di a chruthú atá níos óige, níos tarraingtí agus níos áille.

Níl ach aon choinníoll amháin i gceist: beidh uirthi seachtain amháin a chaitheamh ina corp féin agus an chéad seachtain eile a chaitheamh ina corp óg nua. Caithfidh sí babhtáil ó chorp amháin go corp eile gach uile sheachtain.

Chomh fada is a chloíonn sí leis na rialacha, beidh gach rud go breá. Ach an gcloífidh?

Gan ach riail amháin le comhlíonadh.

I radharc grafach agus suaiteach, insteallann Elisabeth an druga ina fuil agus tagann Sue (Margaret Qualley) – bean óg, álainn, ‘fhoirfe’ – ar an saol. Cruthaítear atmaisfeár an uafáis anseo tríd an gceol corraitheach agus trí fhuaimeanna agus radharcanna na fulaingthe agus na péine, gan trácht ar an soilsiú fíor éifeachtach ina bhfuil codarsnacht idir dorchadas agus soilse a bhíonn ró gheal in amanna.

Tá tréithe an chorpuafáis go mór chun tosaigh anseo agus sa chuid eile den scannán. Scrúdaítear an choimhlint idir an óige agus an tseanaois tríd an gcaidreamh idir Elisabeth agus Sue. Éiríonn le Sue an post atá caillte ag Elisabeth a fháil gan stró agus cuireann sé go mór isteach ar Elisabeth Sue a fheiceáil ar an teilifís ina háit féin.

Codarsnacht, teannas, éad cothaithe.

Cuireann an meas atá ar Sue mar gheall ar a haois agus a háilleacht isteach ar Elisabeth chomh maith. Fásann teannas agus fuath eatarthu, go háirithe nuair a thosaíonn Sue ag briseadh na rialacha, rud a fhágann Elisabeth ag fulaingt go fisiciúil.

Cé nach bhfuil sí sásta le cúrsaí mar atá, áfach, níl Elisabeth sásta deireadh a chur leis an bpróiseas, agus tá ceacht le foghlaim anseo faoina dheacra is atá sé stop a chur le ‘féin-fheabhsú’ nuair a théann duine sa treo sin.

Tá an damáiste déanta agus ní féidir dul ar ais. I radharc a chruthaíonn nasc le hoscailt an scannáin, feicimid an méid atá fágtha de Elisabeth ag sliodarnach ar ais i dtreo a réalta ar Hollywood Boulevard.

Óige go deo, áilleacht gan smál.

Tar éis di a saol a chaitheamh ag iarraidh cloí le caighdeán do-aimsithe na háilleachta agus ag breathnú uirthi féin le déistin agus le fuath nuair nach raibh sí in ann rialacha áiféiseacha na háilleachta a chomhlíonadh a thuilleadh, níl fágtha aici anois ach aiféala agus searbhas.

Ní scannán é seo a thaitneoidh le gach duine – tá sé an-ghrafach agus foréigneach – ach tá ceachtanna tábhachtacha le foghlaim óna theachtaireacht fheimineach. Is scannán é a scrúdaíonn an choimhlint fhoréigneach inmheánach atá ar siúl in intinn an-chuid ban mar gheall ar an nóisean den ‘bhean ídéalach’ atá cruthaithe ag an tsochaí ina mairimid. Nach bhfuil sé in am dúinn an íomhá seo a athrú?

Osclaíonn The Substance an Aoine beag seo 20ú Mean Fómhar.