skip to main content

Inis Meáin ag súil le crabhd d'Éigse Dara Beag

Dul fé na gréine thar Inis Meáin íseal.
Dul fé na gréine thar Inis Meáin íseal.

Beidh na sluaite ag tabhairt aghaidh ar Inis Meáin an deireadh seachtaine seo le haghaidh ceiliúradh speisialta ar na healaíona traidisiúnta ag Éigse Dara Beag 2024.

I measc na sluaite beidh laochra ceoil agus filí aitheanta ag cruinniú ar an oileáin an deireadh seachtaine seo in onóir na hócáide.

Dara Beag Ó Fátharta.

Is é an fidléir mór le rá, Martin Hayes, a bheidh mar aoi speisialta ag Éigse na bliana seo don tionól bliantúil ag a ndéantar ceiliúradh ar an bhfile pobail Dara Beag Ó Fátharta, nach maireann, le himeachtaí ceoil, filíochta agus cultúrtha.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Altóir, seachas ardán a bheidh mar stáitse ag Hayes ag mórcheolchoirm na féile ag Séipéal Mhuire gan Smál agus Eoin Baiste an Satharn beag seo, agus é le seinm in éindí leis an gceoltóir Brian Donnellan faoi scáth na bhfuinneog álainn Harry Clarke sa séipéal. Beidh scothcheoltóirí eile le cloisteáil an tráthnóna céanna agus Johnny Óg Connolly, Clíodhna Costello agus Conor Connolly le tús a chur leis an oíche cheoil.

Martin Hayes, príomhaoi na féile i mbliana.

Déanfar ceiliúradh speisialta ar oidhreacht filíochta Dhara Beag i gcaitheamh deireadh seachtaine na hÉigse, le Cúirt Filíochta i dteannta na bhfilí Jackie Mac Donncha, Dara Ó Conaola, Mairéad Tim Ní Fhlatharta agus Aingeal Ní Chualáin, chomh maith leis na filí áitiúla Peadar Mór Ó Conghaile, Dara Dara Beag Ó Fátharta (mac le Dara Beag), ag an ócáid atá á maoiniú ag an Oireachtas.

"File mór le rá ab ea é Dara Beag Ó Fátharta agus tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimid ceiliúradh ar a shaol agus ar a shaothar tríd ómós a léiriú ar an bhfilíocht", arsa Pádraig Ó Foghlú, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha Inis Meáin agus Rúnaí Éigse Dara Beag.

"Beidh filí iontacha ag teacht ar cúirt go hInis Meáin ach beidh filí áitiúla ag glacadh páirte sa gcúirt chomh maith. Léiríonn sé seo go bhfuil an fhilíocht fós beo mar thraidisiúin san oileán agus is áil linn go mbeidh an bheocht sin á cur cinn mar chuid den Éigse".

Ceann d'fhuinneoga Harry Clarke sa Séipéal.

Beifear ag tabhairt faoi shiúlóid threoraithe chuig Cloch an Fhaoláin i ndiaidh na Cúirte Filíochta, i gcomóradh dán a chum Dara Beag in ómós na háite céanna agus beidh treoraí áitiúil, Seán Ó Domhnaill, in éindí leis an gcomhluadar chun cúlra an scéil a chur in iúl don lucht freastail.

Tá ceardlanna sna healaíona traidisiúnta tar éis a bheith mar chuid mhór den Éigse ó thosaigh an fhéile siar in 2017 agus is amhlaidh a bheidh an scéal arís i mbliana. Beidh ceardlanna oscailte, saor in aisce á gcur ar fáil ag Áine de Blácam, Fearghas Mac Lochlainn agus Gearóid Ó Droighneáin san amhránaíocht, i Lúibíní agus i nDamhsa ar an sean-nós faoi seach.

Spéir ghorm os cionn Inis Meáin, scamall don chuid eile. Aeráid ar leith ann.

Cé gur ócáid phobail í Éigse Dara Beag go príomha, deir Cathaoirleach na hÉigse, Tarlach de Blácam, go bhfuil éileamh náisiúnta ar an bhféile;

"Tharraing lucht na Gaeilge ar an oileán seo ó thús an chéid seo caite mar gheall ar shaibhreas na teanga agus beocht an chultúir. Tá oidhreacht láidir cultúrtha le tairiscint ag an oileán seo, agus tá sé d'iachall orainne, an ghlúin seo, gan í a ligean i léig. Mar sin, tá an Éigse ann leis an gcultúr seo a cheiliúradh agus a chur os comhair an phobail áitiúil agus náisiúnta."

Cuirfear tús le hÉigse Dara Beag dé hAoine beag seo an 13 Meán Fómhair ag an oscailt oifigiúil leis an Dr Deirdre Ní Chonghaile, sula dtabharfaidh na ceoltóirí Sorcha Costello, Saileog Ní Cheannabháin, Úna Ní Fhlannagáin, Brian Terry, Luisne Ní Neachtain agus Clann faoin stáitse i Halla Naomh Eoin.

Féadfar tuilleadh eolais i ndáil le sceideal agus ticéid na féile á fháil ag www.inismeainbeo.ie, nó is féidir ticéid a fháil ar an oileán ag Ionad Pobal Inis Meáin agus ag Siopa Ruaidhrí Beag.