An bhfuil sibh réidh don deireadh seachtaine? Bhuel, níl bealach níos fearr le tús breá bríomhar a chur leis an deireadh seachtaine ná éisteacht leis an gclár nua ar RnaG 'Pé Scéal é....
Beo anamúil bríomhar gach Aoine ar RnaG 3-5!
Beidh an pearsa aitheanta Máire Treasa Ní Dhubhghaill as Indreabhán ar an stiúir don chlár siamsúil seo a bheidh beo ó stiúideo a haon i gCasla nó amuigh i measc na hóige fud fad na tíre.
Craolfar an tsraith nua mar chuid de sceideal an Fhómhair gach Aoine ón 13 Meán Fómhair. Beidh Grooveline againn, a bheidh ag teacht chugainn te bruite ó shéasúr na bhféilte ceoil lena meascán de cheol func, hip-hop, snagcheol agus rac-cheol.

Beidh manglaim agus bréaglaim againn le Aimée Ní Chonaing. Cloisfidh muid faoin bhfaisin is deireanaí ón saineolaí faisin, Cian Ó Gríofa agus tabharfaidh muid cuairt ar an stiúideo ealaíne tatúnna i nGaillimh AWOL agus labhróidh muid le Lorcán Bigfoot.
Beidh paineáil d'aoi chainteoirí den scoth againn a bheidh ag cur an tsaol thrína chéile agus a phléifidh ‘chuile chorr sa saol. Beidh Rút Ní Theimhneáin linn agus in éindí léi beidh Alanagh Ní Ghríofa Ní Chonghaile agus Caoimhghín Ó hEoghusa.

Deir láithreoir na sraithe, Máire Treasa Ní Dhubhghaill, ‘Tá mé ag súil go mór le tús a chur le m’aistear nua ar an raidió le gáire ‘s spraoi ar an gclár ‘Pé Scéal é...’. Beidh neart eagsúlachta againn ó thaobh aíonna, scéalta, imeachtaí agus ceol agus deis ag dream óg na tíre a bheith i dteagmháil linn faoi rud ar bith is mian leo!
Deir léiritheoir na sraithe, Treasa Bhreathnach, ‘is iontach an deis í seo dúinn ardán a thabhairt do phobal óg na tíre atá chomh spreagúil agus chomh fuinniúil sin cheana féin, ‘s táim ag súil go mór leis’.
Pé scéal é atá le plé, beidh sé ar Pé Scéal é...
Bhí deis ag RTÉ.ie/Gaeilge nóiméad cainte a fháil leis an láithreoir idir agallaimh preasa eile leis an gceist a chur agus Pé Scéal É...dírithe ar dhaoine sna fichidí, atá ar an ollscoil nó fiú an ollscoil curtha díofa acu nó ata ag obair le roinnt blianta, cad iad na rudaí, mar sin, a Mháire Treasa Ní Dhubhghaill, a thaitníonn le daoine atá 25 agus níos sine?
"Ceist mhaith! Táim ag cur ceist ar mo dheirfiúir chuile lá céard atá uathu!"
Tá plean agaibh dar ndóigh conas iad a mhealladh?
"Tá plean againn, táimid ag iarraidh díriú ar cineál beocht a thabhairt isteach go tithe daoine nó sna carranna nó cibé cáil siad agus má tá siad ar a mbealach abhaile má tá siad ag dul áit éicínt don deireadh seachtaine go mbeidh siad in ann an raidió a chur ar siúl agus go mbeidh clár bríomhar, lán le ceol, lán le spraoi, gan aon rud ró throm ann."

"Ach cinnte beidh muid ag díriú ar aon scéalta nó aon rud atá ag tarlú i saol na ndaoine seo agus táimid ag iarraidh go mbeidh lucht féachana i dteagmháil linn agus go mbeadh siad ag iarraidh a bheith inár dteannta agus go mbraitheann siad gur leo sin an clár."
Beidh giggles agus giddies na hAoine go leor ann gan aon chur i gcéill, beidh an spin sin ar dhaoine tráthnóna dé hAoine ach is dócha go mbeidh sibh ag iarraidh díriú ar cúpla rud dáiríre is dócha brath ar cé atá libh?
"Sin é an rud. Braitheann sé cad atá ag tarlú. Má tá ábhar faoi leith atá ag cur as do dhaoine agus beidh daoine againn ag brath ar cad atá ag tarlú, cad atá sa nuacht agus beidh painéal againn gach seachtain a bheith ag plé rudaí atá i mbéal an phobail, ach beimid ag iarraidh breathnú orthub ó thaobh na ndaoine óga agus cén chaoi a mbeidh tionchar acu seo ar a saoil i láthair na huaire."
"Mar shampla, má tá tú ag caint faoi an géarchéim tithíochta nó go mbeimid ag breathnú ar rudaí ó thaobh na ndaoine seo agus go mbeidh muid ag cloisteáil uathubsan go mbeidh a nglór le cloisteáil agus go mbeidh deis acu siúd caint linn freisin."
"Táimid ag iarraidh ardán a thabhairt go bhannaí ceoil, óga ach go háirithe, atá ag tosú amach mar shampla, bannaí cosúil le Grooveline a bheidh againn ar an Aoine beag seo."
Gach Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, óna 1500 - 1700. Ríomhphost ag ps@rte.ie