Úsáideann beirt fhuirseoir - Cian Jordan agus Allie O'Rourke - greann chun insint dúinn faoina saol i saol an ghrinn. Fuaimíonn sé sin níos casta ná mar a bhí an seó idirghníomhach seo, i dtigh ar an Trá Thuaidh, gar do cheartlár Bhaile Átha Cliath.
Is sa tigh a bhfuil cónaí ar Chian, i ndáiríre. Dar leis féin, bhí a sheomra leapan cheana féin ag feidhmiú mar oifig, pictiúrlann, úrlar damhsa - ag brath ar a raibh ag teastáil. Ceal ionaid dá léiriú i bhféile Imill Bhaile Átha Cliath, bhí ciall lena sheomra Chian a úsáid. Oibríonn go maith leis mar sheift.
Buaileann an lucht féachana le chéile ag teach tábhairne timpeall an chúinne agus shiúltar chuig an tigh sinn. Nuair a cnagann oibrí an Fringe ar an doras is í seanmháthair Chian a fhreagraíonn go pras.

Ní seanmháthair Chian atá ann i ndáiríre, ach an fuirseoir Emily Bradley i ngúna bláthbhreac agus bréagfholt iontach seanmháthrúil. Tá teacht i láthair leictreach ag Emily agus tosaíonn an gáire is spraoi ar an bpointe boise. Braitear sceitimíní i measc an ghrúpa stráinséirí atá ag siúl thar tairseach an tí le chéile.
Suas staighre linn agus go seomra Chian atá feistithe mar 'good room', seomra traidisiúnta le trálaí deochanna sa chúinne, áit a chuirfeadh parlús do sheanmháthar féin nó tórraimh i gcuimhne duit. Ní hamháin go bhfuil dearadh an tseomra le moladh, baintear úsáid feidhmeach agus cruthaitheach as le linn an léirithe.
Suímid timpeall i bhfáinne, agus tosaíonn Allie is Cian ag caint linn agus ag insint dúinn fúthu féin - beagán 'crowdwork’ mar a thugann siad air i saol an ghrinn - agus díreach mar sin tá an seó faoi lán seoil!

Mar comhrá idir Cian is Allie go príomha a leanann an seó ar aghaidh, le roinnt tuairimí ó Nain atá suite sa chúinne ar feadh an ama. Insíonn Allie is Cian dúinn faoina saol sular thug siad faoin ngrinn, cé a bhí iontu agus cad a tharla chun iad a sheoladh i dreo an ardáin. Tá an fhírinne ag croí an phíosa seo, ach bíonn an lucht féachana ar tinneall mar aon uair go labhraíonn Allie is Cian lena chéile ní féidir linn a bheith cinnte an bhfuil siad ag caint ón script.
D’eascair go leor craice as rannpháirtíocht an tslua. Inár measc bhí roinnt Fringe-fans, beirt thurasóirí Meiriceánacha, agus grúpa Sasanach fir meánaosta a bhí ar thuras in Éirinn don deireadh seachtaine. Tá an triúir acu lán-ábalta bheith ag tobchumadóireacht is ag freagairt an tslua, rud a thugann fuinneamh is úire don léiriú.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Tuairisc ag RTÉ News ar Fhéile Imeall Bhleá Cliath 2024.
Is cairde iad Cian is Allie a bhuail lena chéile nuair a rinne siad beirt greann den chéad uair ar an oíche chéanna 6 bliana ó shin. Tá an cairdeas sin le braithstint fad is atá siad ag spriocadh as droch-jócanna a chéile, ag gáire faoi eachtraí aisteacha ar phléigh siad leo le chéile agus ag tacú lena chéile nuair a éiríonn an plé níos troime. Roinntear go leor ábhar pearsanta linn agus éiríonn leo plé leis na gnéithe sin go neamhbhalbh is ar shlí nach bhfuil as alt leis an seó.
Ar an aistear trí shaol an ghrinn i mBaile Átha Cliath tugtar léirmheasanna ar na hionaid éagsúla is na buntáistí is míbhuntáistí a bhaineann leo, pléitear na carachtair éagsúla agus mínítear na lochtanna sa chóras. Rúin an tionscadail, léargas ón taobh istigh - thaitin na codanna sin liom go háirithe is ba bhreá liom dá mbeadh a thuilleadh béime orthu!
Seó macánta, greannmhar, agus suimiúil. Molaim A Good Room d’éinne ar spéis leo greann nó atá sa tóir ar rud éigin beagán éagsúil.
Leanann A Good Room ar aghaidh ón 13ú – 15ú agus 20ú – 22ú Meán Fómhair. Breis eolais anseo.