skip to main content

Mór-cheisteanna á phlé ag Kennedy Summer School

Crannlann John F Kennedy, lasmuigh de Ros Mhic Thriúin, áit a raibh imeachtaí áirithe na Scoile ar siúl.
Crannlann John F Kennedy, lasmuigh de Ros Mhic Thriúin, áit a raibh imeachtaí áirithe na Scoile ar siúl.

Bhí giúmar maith ar dhaoine a d'fhreastal ar an Kennedy Summer School i mbliana, d’ainneoin dáiríreacht na dtopaicí a bhí faoi chaibidil ar feadh trí lá thíos i Loch Garman.

Cé go bhfuil neart gruaim le brath sa domhan faoi láthair, ba ócáid í gur féidir tabhairt faoi fhadhbanna mhóra an sochaí le fuinneamh agus dóchas. Ní raibh daoine buartha faoi thoradh thoghchán Stát Aontaithe Mheiriceá i mí na Samhna - is dúspéis is mó a bhí le brath, níos mó ná lenár bpolaitíocht fhéin.

An dlíodóir i gcoinne an fear gur fuaireadh ciontach é. An iar-uachtarán i gcoinne an leasuachtarán. Dhá aisling iomlán éagsúla do Mheiriceá. Agus ní raibh aon fíor chinnteacht ag an bhféile de saoithíní pholaitiúla faoi cé a mbuafadh idir Harris-Walz agus Trump-Vance.

Iar-uachtarán Trump agus Leasuachtarán Harris i mbun díospóireachta Dé Máirt beag seo.

Chabhraigh an dea-aimsir agus áilleacht Ros Mhic Thriúin leis an dea-chaint - bhí daoine ag glacadh sos idir phainéil in amharclann Naomh Micheál le míreanna taobh amuigh faoin ngrian. Bhí giotaí cainte níos spraoiúla ann i mbliana freisin - iarracht réimse níos leithne daoine a mhealladh chuig an féile.

Ar aon le cainteanna faoi choiriúlacht i mBleá Cliath, bhí plé ann faoi Éireannaigh gur bhreá leo Bruce Springsteen (d’fhreastal an t-iriseoir Ralph Riegel ar 52 ceolchoirmeacha s’aige!). Bhí agallamh ann le Simon Harris a mhínigh a dhearcadh ar cad is brí le bheith i do Thaoiseach - tá tú ann chun ceist a chur faoi conas rudaí a fheabhsú, ní chun an Stáit a chosaint de thíor.

Malcolm Byrne: díospóireachtaí de dhíth maidir le cosaint na tíre.

Dúirt an Seanadóir Malcolm Byrne go raibh sé tábhachtach díospóireachtaí fada, oscailte a bheith ann faoi rudaí cosúil le cosaint na tíre, nach bhfuil faoi NATO ná cogaidh amháin. Beidh sé seo faoi chaibidil go minic sna blianta amach romhainn mar gheall ar thacaíocht míleata i gcóir na hÚcráine - an tuiscint atá ann ná cibé duine Harris ná Trump atá sa teach bhán san Earrach, tá an Aontas Eorpach ag ullmhú i gcóir níos lú tacaíochta ó SAM.

Nuair ar cuireadh ceist ar iar-Thaoiseach Enda Kenny an rachaidh sé faoi thóir na hUachtaránachta sa tír seo, dúirt sé gur bhain sé taitneamh mór as cuairt a thabhairt ar an Áras, ach ní raibh suim aige bheith ann go buan - seo an 'exclusive’ daoibh, a dúirt sé: "No. N. O."

Bhí plé suimiúil ann freisin faoin tslí ina bhfuil na meáin ina dhiaidh athrú, le brú ar iriseoirí tvuíteanna a sheoladh amach roimh scéal a scríobh dá nuachtáin, agus faoin tslí go bhfuil an iriseoir sa spotsolas níos minicí.

D'inis iar comhfhreagraí pholaitiúil ag an Irish Times Stephen Collins scéal faoin uair gur seoladh é chuig Teach Laighean in earrach na bliana 1982 chun ceist a chur ar Charlie Haughey an raibh sé chun éirí as mar cheannaire ar Fhianna Fáil. Thuas in oifig Haughey are an cúigiú urláir, rug Haughey greim ar carbhat Collins agus d'úsáid sé teanga míbhéasach, mar a bhí de nós ag Haughey, mar fhreagra ar an gceist.

Nuair a dúirt an ceamaradóir a bhí le Collins nach raibh ann ach ceist, dúirt Haughey "cén ceist a bhí agat arís?" Chuir Collins an ceist arís - ar bhealach i bhfad níos leochaillí - agus dúirt Haughey nach raibh sé ag dul áit ar bith.

Stephen Collins - taithí pearsanta aige ar nósanna cumarsáide CJH.

D’inis Collins an scéal dá n-eagarthóir in a dhiaidh, a d'fhiafraigh dó: "Cén fáth gur chur tú isteach air?" agus an t-aon rud a scríobh sé faoin eachtra san alt ná "Shéan Haughey go láidir go raibh sé chun éirí as."

Cuireann an taom feirge agus easpa umhlaíocht dúinn cé chomh éasca is a d’fhéadfach polaiteoir teacht i gcumhacht agus greim a choinneal uirthi chomh fada agus gur féidir. Caithimid a bheidh i gcónaí cúramach go gcuireann muid na daoine cearta i gceannas ar ár dtír agus súl ghéar a choinneáil orthu i gcónaí, is cuma cé chomh mealltach nó seafóideach is atá siad.