skip to main content

Fearúlacht agus Meabhairshláinte á scrúdú ag Shane Casey

Shane Casey: bua an ghrinn ach téamaí chasta á chíoradh.
Shane Casey: bua an ghrinn ach téamaí chasta á chíoradh.

Éireannaigh fir - an gnách dóibh an iomarca a ól is a bheith ag amaidí? Tá sé ag lár an scéil ar aon nós in The Man Who Talks To Statues, dráma aonair le Shane Casey a phléann le fearúlacht agus meabhairshláinte.

Mar dhráma raidió a léiríodh an scéal seo ar dtús agus anois ar stáitse, baintear úsáid cheart as an spás. Tá an t-ardán plódaithe le nithe fánacha: péire lampa beaga, trí scáileán teilgeora ar thomhasanna éagsúla, raidió ar an seandéanamh, dealbh bán d'fhear barr nocht, cúpla bord móra agus deasc sa chúinne a bhfuil micreafón air.

Áit oibre an phríomhcharachtair Darryl. Chuirfeadh an praiseach míshlachtmhar spás stórais i gcuimhne do dhuine, nó gurb iad siombail an phraisigh laistigh d’intinn an charachtair seo.

Tá moladh tuillte ag an stiúrthóir Brian Desmond as aontacht an léirithe. Corcaíoch 30 bliain d’aois is ea Darryl, ar innealtóir fuaime agus ealaíontóir guthaithe é. Níl sé fostaithe mar sin áfach, níl bean aige agus tá cónaí air lena thuismitheoirí go fóill. Téann Darryl i ngluaisteán a dheaide le bualadh le coinne Tinder ach ar an tslí bíonn timpiste aige.

Bíonn lámh láidir ag an réalachas draíochta sa scéal i ndiaidh sin - briseann Darryl isteach i dtigh tréigthe, goideann sé gluaisteán agus téann sé ar an téar go Baile Átha Cliath agus Luimneach, é ag bualadh le carachtair éagsúla ar an slí.

Ní cosúil go réitíonn Darryl le mórán de na fir eile a mbuaileann sé leo ar a thuras. Bíonn sé ag bruíon le fear an bheár is caitheann sé seanfhear amach as an gcairt ach réitíonn sé leis na dealbha. Déan do bhreithiúnas féin ar cad a insíonn sé sin dúinn faoi!

Shane Casey mar Billy Murphy The Young Offenders.

Leis an teachtaireacht láidir go bhfuil an saghas seo fearúlachta nimhní - toxic - dainséarach, bhí mé ag súil le feiceáil cén claochlú a tharlódh do Darryl ar a aistear. Caithfidh go raibh mé ag súil le cineál eile scéil mar ní thagann mórán d'fhás ar Darryl. Agus conas a ndéanfadh agus é faoi thionchair an chórais chéanna?

Úsáidtear na trí scáileán go cruthaitheach le heispéireas tumtha a chruthú - bímid istigh i seanscannáin, chímid radharcanna trí shúile Darryl, labhraíonn carachtair Darryl ón scáileán, fad is atá Casey ag cur carachtair eile ar féin ar an stáitse.

Níl aon easpa fuinnimh sa seó seo! Tacaíonn na fuaimeanna agus na híomhánna teilgthe leis na tagairtí uile do scannáin agus ceoil a ritheann tríd an phíosa. Athraíonn na soilse de shíor - iad ag caochadh, ag athrú dathanna, agus ag scaladh amach i dtreo an tslua.

Tá an dearadh fuaime le sonrú freisin, ceol is guthanna ag teacht isteach go rialta mar a bheadh carachtair eile ann, agus dar ndóigh uaireanta is ar mhaithe le carachtair eile a léiriú atá sé ann. Cormac O'Connor fé dhéin an deartha seo a chruthaíonn cúlra cuí do shíorgheaitsíocht Darryl, a bhíonn ag léimt timpeall an ardán ó thús deireadh.

Tá bua an ghrinn go smior ag Casey a bhaineann gáire as an lucht féachana, bíodh sé ag súgradh le fuaimeanna a chruthú ag an deasc, ag bruíon leis féin, nó ag luascadh cón tráchta timpeall i bhfáinne. (Agus is le linn an ghnímh áirithe sin gur bhraitheas go cinnte go raibh mé ag seó ag an bhFéile Imeall!)

Píosa cruthaitheach, siamsúil ó thús deireadh. Beidh mé ag súil lena thuilleadh a fheiceáil ó Shane Casey amach anseo.

The Man Who Talks to Statues in The Civic Theatre from 5-11 Sep - 7pm, 4pm Matinee Sun 8 Sep

More information Civic Theatre.