skip to main content

Dochtúireacht Oinigh do Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi

Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi, Dochtúirí Oinigh UCD
[Pic: Fennell Photography]
Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi, Dochtúirí Oinigh UCD [Pic: Fennell Photography]

Bronnadh Céim Dhochtúireachta Oinigh sna hEalaíona ar Cholm Bairéad agus ar Chleona Ní Chrualaoi i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar aitheantas do néacht atá bainte amach acu beirt i ngort na scannánaíochta Gaeilge.

Gan amhras is aitheantas go háirithe atá ann as ucht an rath domhanda a bhain siad amach lena bhfadscannán, An CailínCiúin.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Is mó ticéad a díoladh do An Cailín Ciúin le linn dheireadh seachtaine a sheolta ná mar a díoladh d'aon scannán Gaeilge go dtí sin.

Lena chois sin, ba é an chéad fhadscannán Gaeilge é a ainmníodh do Dhuais an Acadaimh mar an 'Fadscannán Idirnáisiúnta is Fearr’ in 2023. Ó eisíodh an scannán in 2022, tá seacht nduais buaite aige ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann, lena n-áirítear an duais don Scannán is Fearr, an duais don Stiúrthóir is Fearr agus an duais don Aisteoir Mná is Fearr.

Colm agus Cleona le Uachtarán UCD, an tOllamh Orla Feely. [Pic: Fennell Photography]

Ar Catherine Clinch, ‘an cailín ciúin’ féin, a bronnadh an duais dheireanach díobh seo agus í ag glacadh páirte i scannán den chéad uair. Tá sárthaithí ag Colm agus Cleona ar bheith ag saothrú trí mheán na Gaeilge, idir mar fhoireann agus ar thionscnaimh aonair, agus tá an rath a bhí orthu féin sa ghort seo ina léiriú ar an éabhlóid atá tagtha ar an nGaeilge sa tír seo agus in áiteanna eile i gcéin le cúig bliana fichead anuas.

Tá neart gradaim náisiúnta agus idirnáisiúnta tuillte ag Colm as ucht na saothar faisnéise atá curtha amach aige, mar scríbhneoir agus mar stiúrthóir araon. In 2012, bhronn Cuallacht Stiúrthóirí Scáileáin na hÉireann duais air as ucht ‘a chuid sár oibre trí Ghaeilge mar stiúrthóir’.

Colm agus Cleona ag beartú an chéad togra eile? [Pic: Fennell Photography]

Thosaigh Cleona amach ar an dóigh chéanna, í ag obair trí Ghaeilge agus trí Bhéarla araon, agus tá mórán saothair fáisnéise, sobalchláir faisnéise agus drámaí faisnéise léirithe aici, cuir i gcás Connected, a bhain gradam IFTA amach agus an tsraith cheannródaíoch,The Joy, a thugann léargas ar an saol i bPríosún Mhuinseo i mBaile Átha Cliath.

Ghnóthaigh sí ainmniúchán do ghradam IFTA as an saothar deireanach seo chomh maith. Ambasadóirí den scoth is ea Colm agus Cleona do na healaíona cruthaitheacha, do scannánaíocht na hÉireann agus don Ghaeilge í féin, agus réitíonn an méid atá bainte amach acu sna goirt seo go rímhaith le ceann de mhórchuspóirí UCD i dtaobh na rannpháirtíochta domhanda: is é sin, an chuid is fearr den domhan a thabhairt go hÉirinn, agus an chuid is fearr d’Éirinn a roinnt leis an domhan mór.

Léigh an Dr Aoife Whelan ó Scoil na Gaeilge, an Léann Cheiltigh agus an Bhéaloidis an óráid oifigiúil do bhronnadh na céime seo.