skip to main content

Dónall Mac Ruairí ar ais sa suíocháin tiomána

Cluas ghéar ar a bhfear seo.
Cluas ghéar ar a bhfear seo.

Tar éis blianta le Barrscéalta beidh Dónall Mac Ruairí arís i mbun na seoid cheoil a roghnú as a mhála draíochta - bí ag súil le foinn agus amhráin ó gach cearn den domhain seo agus, anois is arís, domhaineacha eile.

Tá sé bliana caite ag Dónall Mac Ruairí mar léiritheoir ar 'Barrscéalta’ ach tá sé ag filleadh ar an gclár ceoil agus siamsaíochta a bhíodh aige roimhe sin, Cóisir Cheoil.

Is ball é Dónall den ghrúpa ceoil teaghlaigh Clann Mhic Ruairí agus dar leis go bhfuil saol an cheoil athruithe ar fad go háirithe ó tháinig na seirbhísí sruthaithe chun cinn. Tá sé den bharúil go bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh seoid fiúntacha ceoil a aimsiú atá i bhfolach i measc an chonamair agus a chur i láthair an phobail.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Éist le sampla clár ón sraith deireanach i 2018.

"Nach deas an deis é", a deir Dónall, "cluas éisteachta a thabhairt don cheol agus é a chur i láthair don saol mhór. Beidh achan chineál le cluinstin ar an chlár idir ceol traidisiúnta agus ceol domhanda. Sílim go dtig agus gur fiú snáithí an cheoil a shníomh le chéile agus is gá sin a dhéanamh le féasta ceoil nó cóisir cheoil a chruthú."

Is léir go bhfuil sé sásta go bhfuil sé ar ais i mbun an rud a bhí ar siúl aige, agus béim láidir aige ar an pobal éisteachta s'aige.

"Is dócha go minic bhí sé de nós agamsa san dá uair a chloig sin, ag brath ar an lá agus ag brath ar an gclár, go mbeadh sé nó seacht de phíosaí ceoil agam agus bhínn ag braith go mór ar pobal, cineál, an clár sin a stiúradh, fosta. Bhain mé an-sult as sin."

"Agus chuireadh an pobal píosa i gcuimhne domh agus nuair a chasainn an píosa ceoil sin cuireadh sé píosa ceoil i gcuimhne domhsa. Ar an ábhar sin sílimse gur mian liom go mbeadh na cláracha iontach orgánach, go bhfuil mé féin agus an pobal dhá stiúradh."

Taiscéalaí ceoil - ag feitheamh ar an pobal léarscáil foinn a bhronnadh air.

"Seans go nglacfaidh sé tamall don phobal teacht i dtaithí ar an gclár arís agus go dtuigeann siad cathauir a mbeidh sé ar an aer, ach sin rud a bhí iontach tábhachtach domhsa, rud a bhain mé an-sult as - gur cineál rud a bhí ag tarlú idir mé féin agus an lucht éisteachta. Go mbeadh siad sin, cineál, mo spreagadhsa le dul i dtreo píosa ceoil ar leith a chuirfidh mise ansin i dtreo píosaí ceoil eile."

Tá fuadar fé Dhónaill dul ag tochailt sa stór arís, sé bliana ó d'fhág sé an clár, stór atá lán idir ceoil traidisiúnta na tíre atá anois ar fáil ó shin agus roimhe agus ceolta na cruinne - agus cá bhfios, giota cainte nó filíochta snite isteach ina measc. Ar chipíní? Eiseann agus sinne.

Beidh Cóisir Cheoil le cloisteáil idir a 3-5 san iarnóin ón Luan go dtí'n Déardaoin.

Tosnaíonn an sraith nua Dé Luain, 9 Meán Fómhar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.