Baineann an fhéile seo leis an gcultúr agus leis an teanga. Is ceiliúradh é ar an iliomad scríbhneoirí agus filí atá tar éis píosaí scríbhneoireachta a chruthú dár bpléisiúr agus chun oideachas a chur orainn i gcaitheamh na mblianta.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Seán 'JTJ' Mac Dhonnacha, Oifigeach Pleanála Teangan, Glór na nOileán, agus duine de lucht a eagraithe, féin bhFéile agus mar a bheidh ar siúl i mbliana.
"Cuireadh tús le Ainm Cleite mí Meán Fómhair anuraidh. Bhí muid ag lorg féile leis an Ghaeilge a chur chun cinn augs chonaic muid go raibh saibhreas teanga sa gceantar agus go bhfuil oiread seo daoine ann a bhí iriseoireacht nó scríbhneoireacht déanta acu a bhain le filíocht nó leabhar nó scéal nó ag obair ag na meán agus fuair muid thart ar 93 acu mar sin bheartaíomar ar fhéile a chur ar siúl bunaithe air sin. Sin i gceantar na nOileán amháin, ag dul siar go aimsir Choilm de Bhailís 150 bliain ó shin."

"Ach bhí siad ann agus chuir muid na hainmneacha ar fad ar plaic agus chuir muid é sin thiar san ionad oidhreacht. Ach ag an am céanna, bhí muid ag cuimhniú ar Tom a' tSeoige agus tá sé ag dul amach sna blianta agus ní bhfuair sé an ghradam istigh sa gceantar seo féin ariamh."
"Bhí neart gradam faighte aige ach bheartaidh muid go dtabhafadh muid gradam dhó féin agus ansin go gcrothódh muid gradam ina ainm go mbeadh sé le fáil ag scríbhneoirí amach anseo."

"Mar a tharlaíonn sé is é a nephew féin, Ciarán Ó Fátharta, atá ag fáil an chéad gradam i mbliana, agus is é Mícheál ó Conaola, a bhíonns ag scríobh leabhair agus ag foilsiú leabhar atá ag fáil Gradaim Féile Ainm Cleite. Sé Pádraig Breathnach as Maigh Cuilinn atá ag déanamh an bronnadh ar Mhícheál agus sí Síle Denvir atá ag déanamh bronnadh ar Chiarán."
"Tá an oscailt oifigiúil ann an halla Thír an Fhia ar an Aoine 13ú agus tá muid ag bronnadh na gradaim ag an ócáid sin."
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
"Chomh maith leis sin, tá muid ag láinseáil dhá leabhar as tograí a rinne muid a le gasúir scoile agus ceann acu a rinne Fighting Words a thug muide tacaíocht dóibh, sin '1, 2 Spraoi’ leabhar mata trí Ghaeilge. Bhí Scoil Thír an Fhia páirteach ansin chomh maith le scoil as Croimghlinn agus scoil as contae na Mí."
"Agus táimid ag lainseáil leabhair eile; rinne muid cúrsa béaloideas leis na gasúir scoile náisiúnta an ceantar agus tá leabhar curtha le chéile againn, ‘Ó Ghlún go Glúin’ ar an Aoine. Beidh seisiúin ceoil ann ina dhiaidh agus beidh Éamon Mac Donncha, Ráth Cairn ag teacht anuas dul ag ceol i dTigh Phlunkett an oíche céanna."

"Lá arna mhárach Dé Satharn tá rang grianghraifeadóireacht agus rang ealaín, taobh amuigh má bhíonn sé go breá."
Tá clár iomlán leagtha amach i mbliana - tuilleadh eolais le fáil ag Glór na nOileán.