skip to main content

Comhluadar cairde, caint agus ceol

Tá cáil ar Choláiste Lurgan de bharr amhráin pop a aistriú go Gaeilge.
Tá cáil ar Choláiste Lurgan de bharr amhráin pop a aistriú go Gaeilge.

Many students can find learning Irish a struggle but there are ways in which to help them find a way into the language outside the classroom. Aoileann Ní Laoire describes the advantages a trip to a Gaeltacht summer course can give your child.

Sílim go bhfuil go leor buntáistí a thagann le do pháiste a sheoladh chuig an Ghaeltacht. Is ceacht mór é sa neamhspláchas, a bheith i bhfad ón bhaile, ach níl sé uaigneach ar chor ar bith! Bíonn go leor cairde le déanamh, tríd na daoine i do theach, rang agus na daoine a bhuaileann tú leo tríd imeachtaí. Agus, dár ndóidh, tagann feabhas iontach mór ar an nGaeilge, is cuma an méid Gaeilge a thógann tú leat.

There are many advantages to sending your kids to the Gaeltacht, including the sense of independence it gives them, without them feeling lonely due to the many friendships you can make in your house, in class and through various activities. Your Irish improves immeasurably, no matter what level you bring with you.

Stunning scenery, fresh air, and fields. Good for the soul. Especially for suburban kids.

D'fhreastal mé fhéin ar Coláiste Lurgan, atá suite i gConamara, le dhá bhlian anuas. Phioc mé Lurgan thar Gaeltachtaí eile mar gur chuala mé ó gach duine a bhí ann go raibh craic iontach ann agus gur fiú dul ann.

I've gone to Coláiste Lurgan in Conamara for the last two years, chosen because I heard from past pupils that it was great fun and well worthwhile. Coláiste Lurgan is well-known for its high standard of Irish and for playing and releasing great music, too, and is only minutes from the beach.

Freisin, casann agus foilsíonn siad ceol thar barr i gColáiste Lurgan, lena mbíonn daoine ar fud na tíre ag éisteacht. Tá caighdean ar fheabhas Gaeilge ann chomh maith. Is áit iontach é, mar go bhfuil an trá díreach cúpla nóiméad ón gColáiste (agus tá an siopa Tesco díreach trasna an bhóthar!).

Ar gnáth lá sa Ghaeltacht, dúisíonn gach duine ag timpeall 8:00 ar maidin, agus itheann gach duine bricfeasta. Bíonn citheanna ag daoine, gléasann gach duine, agus réitíonn chuile duine iad fhéin chun dul chuig an gColáiste. Bíonn busanna de gnáth ag 9:00 (ach bíonn roinnt tithe ag siúl) a sheolann na tithe chuig an gColáiste.

The normal day in the Gaeltacht begins at 8am with breakfast, showers, getting dressed and ready for the Coláiste. Buses pick-up students at around 9am, while those closer to the Coláiste would usually walk.

Bíonn tionól beag againn, agus briseann daoine suas chun imeacht chuig a ranganna. Bíonn cúpla rang ann agus ansin briseadh gearr chun sneaic, uisce nó píosa aer a fháil, agus ansin ar ais le haghaidh cúpla rang eile. Ansin itheann chuile duine an lón. Tar éis am lóin bíonn imeachtaí ar siúl. Bíonn rudaí ar nós peil/sacar, rothaíocht, yoga, haca, ealaín, kayakáil, agus cúpla rud eile ar fáil.

A few classes take place before we have a short snack break or get out for a breath of fresh air and then it's back in for a few more classes before lunch. After lunch the activities begin where Gaelic football or soccer, cycling, yoga, hockey, kayaking and such like are offered.

Ansin téann gach duine síos chuig an trá chun dul ag snámh nó uachtar reoite a fháil.

Droichead Charraig 'a Logáin, Ceantar na nOileáin, Conamara.

Then it's down to the beach for a swim or to grab an ice-cream. Once we're done for the afternoon, everyone heads back to their houses for dinner and, depending on the day, to get ready for the céilí or competition. After the céilí, it's home for supper and bed.

Tar éis an trá, siúlann muid ar ais chuig an gColáiste agus imíonn muid abhaile. Itheann gach duine an dinnéar agus gléasann siad don céilí (nó an comórtas, braitheann sé ar an lá) agus de gnáth bíonn téama ag an gcéilí. Imíonn muid ar na busanna arís, ar ais chuig an gColáiste. Déanann muid an céilí agus imíonn muid abhaile arís, agus bíonn an tae/suipéar againn. Réitímid don leaba, agus téann muid a chodladh!

Conamara is a beautiful place, full of cows, horses, chickens, donkeys, dogs, cats and lots of beautiful flowers. The beaches are stunning.

Is ceantar álainn é Conamara, le go leor ainmhithe agus plandaí gach áit. Bíonn go leor ba, capaill, sicíní, asail, madraí agus cait timpeall na háite, agus go leor plandaí agus bláthanna áille freisin. Tá na tránna álainn freisin.

Trá an Dóilín ar an gCeathrún Rua.

What really stays with me after a stay in the Gaeltacht is the huge improvement of my Gaeilge, my spoken Irish in particular, as you don't get such a chance to practice in school. Plus, the Gaeltacht is the perfect place to make great new friends you'll keep for life!

An fud a fhanann liom tar éis gach seal sa Ghaeltacht ná an fheabhas ollmhór ar an nGaeilge, agus an méid cairde atá déanta. Bíonn feabhas mór sa Ghaeilge, go háirithe an chaint, mar go bhfuil i bhfad níos mó cleachtadh ar an gcaint as Gaeilge ná a fhaigheann daoine ar scoil. Freisin, is áit foirfe an Ghaeltacht chun cairde nua a dhéanamh, agus fanfaigh na cairde seo leat don saol!