Scannán faisnéise atá in Aisling Trí Néallaibh a chíorann cúrsaí cruthaíochta, le duine de mhór-fhilí na linne seo, Doireann Ní Ghríofa.
Bhain an file agus scríbhneoir aistí Doireann Ní Ghríofa cáil idirnáisiúnta amach sa bhliain 2020 nuair a d'fhoilsigh sí a céad úrscéal, A Ghost in the Throat, a fuair ardmholadh ó léirmheastóirí The New York Times agus The Guardian. Bhuaigh sí Leabhar Éireannach na Bliana an Post ina dhiaidh sin don leabhar.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le Doireann ag léamh a dán dhá-theangach 'Faobhar an Fhómhair / Cusp of Autumn'
Léargas fíorphearsanta ar shaothar, ar shamhlaíocht agus ar dhomhan Dhoireann Ní Ghríofa is ea Aisling Trí Néallaibh. Scannán faoi chuimhní cinn, faoi bheith i do mháthair agus faoin nádúr mistéireach a bhaineann leis an gcruthaíocht. Duine de mhórfhilí na linne seo is ea Doireann Ní Ghríofa agus feicfear mar a chuireann sí peann le pár sa scannán seo agus tugtar léargas ar an áit a thugann inspioráid di, a baile dúchais i gCo. an Chláir.
Aisling Trí Néallaibh – Doireann Ní Ghríofa
TG4 Dé Céadaoin 4 Meán Fómhair 9.30pm