Fillean Liam Ó Maonlaí agus plúr na gceoltóirí leis mar aíonna an Fómhar seo don ceathrú sraith de Cuan an Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Léiriú de chuid Stiúideo Cuan sa Spidéal is ea Cuan an Cheoil le Liam Ó Maonlaí. Beidh go leor ceoltóirí aitheanta ó cheann ceann na tíre páirteach sa tsraith seo a thabharfaidh ardán do cheol nua, agus do smaointeoireacht nua agus Liam ag plé mór-théamaí an tsaoil agus an cheoil leis na pearsaí éagsúla a bheas ina chuideachta ó sheachtain go seachtain.
Sa chéad clár, is iad Colm Ó Snodaigh & Seanan Brennan a bheas i gcuideachta Liam. Rugadh Colm Ó Snodaigh i mBaile Átha Cliath, agus is cainteoir Gaeilge dúchais é. Seinneann sé an fliút agus bíonn sé ag canadh amhráin leis an banna ceoil Kíla. Is as Dún na nGall é Seanan Brennan, agus seinneann seisean an giotáir, an dord agus an mandóla le Kíla.

Today, we'll hear the first programme in the brand-new series of Cuan an Cheoil, a ten-part series presented by Liam Ó Maonlaí and produced by Stiúideo Cuan. This series will feature extended interviews with some of the country’s best-known musicians, who will join Liam Ó Maonlaí for a wide-ranging discussion touching on various aspects of music and life, and they will also play together.
The series kicks off this evening with Colm Ó Snodaigh and Seanan Brennan. Colm Ó Snodaigh, born in Dublin is a fluent Irish speaker. He plays the flute and sings with the band Kíla. Seanan Brennan, from Donegal, is also a member of the band Kíla, and plays the guitar, bass and mandola.
Féach anseo ar ghiota ón ngrúpa Ré ina raibh Inny-K (Eithne Ní Chatháin) páirteach le Liam, Cormac Begley, Maitiú Ó Casaide agus Peter O'Toole.
Sí Eithne Ní Chatháin nó Inni-K a bheas i gcuideachta Liam Uí Mhaonlaí sa dara chlár. Tá sean-aithne ag Liam agus Eithne ar a chéile agus go leor scéalta áille faoi a gcuid ama ag obair agus ag taisteal le chéile á roinnt acu.
Sa triú cláir is iad na deirfiúracha Deirdre agus Aoife Granville a bheas ag caint agus ag ceol le Liam Labhróidh an bheirt faoina n-óige agus an ceol a chuaigh i bhfeidhm orthu.

I measc na gcoltóirí eile sa sraith beidh Pádraic Seoighe as Ros a' Mhíl, in éineacht le Niall Teague, Seána Davey agus an dordveidhleadóir clúiteach Neil Martin, Ciarán Ó Maonaigh agus an giotáraí iomráiteach Seán Óg Graham, Moya Brennan, Aisling Jarvis agus Paul Jarvis agus go leor eile nach iad.

Tosnaíonn Cuan an Cheoil ar an 12ú Meán Fómhair 2024 ag 19.00-20.30.
Tá an tsraith seo maoinithe ag Coimisiún na Meán leis an Táille Ceadúnais Teilifíse.
This series is funded by Coimisiún naMeán with the Television Licence Fee.