skip to main content

Baz ar ais le Best Place to Be 2

Jab crua, ach caithfidh duine éigin é a dhéanamh. Baz bocht.
Jab crua, ach caithfidh duine éigin é a dhéanamh. Baz bocht.

Filleann Baz Ashmawy don tarna sraith den gclár Best Place to Be agus é ag tabhairt cuairt ar Éireannaigh ar fud an domhain atá tar éis cur fúthú i mbaile nua.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le duine de na daoine lenar chas Baz sa Bhruiséil, Seán Ó Buachalla, as Contae na Mí, atá ag obair mar aistritheoir le Comhairle an Aontais Eorpaigh. Tá Seán ag cur faoi ann lena bhean, Catriona Keevans as Cill Dara, atá ag obair i Rannóg Chumarsáide Phairlimint na hEorpa. Tá beirt pháiste á dtógáil acu ann.

Ní rithfeadh an Bhruiséil le go leor ar liosta the Best Place to Be ach d'aontófása, glacaim leis, go bhfuil sé ar cheann de na háiteanna is deise – canathaobh?

"D’aontóinn cinnte. Ag an bpointe seo dár saol mar theaghlach oireann sé dúinn. Bainim taitneamh as an obair atá agam anseo, as an bpost atá agam. Tá sé suimiúil agus thar a bheith éagsúil sa mhéid is go mbaineann sé leis an nGaeilge ach gur post thar lear atá i gceist, nach in Éirinn atá an obair á dhéanamh. Tá sé sin fíor-dhifriúil."

Seán Ó Buachalla, Catriona Keevans agus páistí, le Baz.

"Tá sé thar a bheith suimiúil ó thaobh plé le daoine eile as tíortha eile an Aontais Eorpaigh, le daoine ó cheann ceann na hEorpa. Ní hamháin go bhfuilimid bainteach le cur chun cinn stádas na Gaeilge ach táimid ag plé leis an oiread sin ilchultúrachas ag an am céanna."

Agus tá an ilchultúrachas sin mar chuid d'anam na Bruiséile, is dócha?

"Is fíor dhuit agus saibhríonn sin an saol gan amhras ar bith. Táimidne ag plé le daoine as an oiread sin tíortha éagsúla, iad go léir ina gcónaí in aon chathair amháin agus táimid ag foghlaim uathu sin."

"Táimid ag foghlaim faoina gcultúr féin, faoi na nósanna atá acu, faoin meon atá acu, faoin saol i gcoitinne, faoin bpolaitíocht agus faoi gach gné dá shaol; bia, sóisialú, an teaghlach, maraon leis na nósanna oibre atá acu agus an dearcadh atá acu ar tír, a bheith ag comhoibriú lena chéile."

"Ach ag an am céanna, tá siadsan ag foghlaim uainne, na hÉireannaigh. Tá neart Éireannach sa chathair seo agus ar an iomlán tá muintir na hÉireann thar a bheith cairdiúil, thar a bheith sásta a bheith ag plé le daoine eile agus bheith ag déileáil leo ar bhealach a chuidíonn leis an tuiscint idirchultúrtha idir tíortha éagsúla an Aontais."

An tUasal Ashmawy sa Phoirtingéil.

Agus creidim chomh maith gur fhoghlaim Baz agus é á thabhairt thart agaibh gur fhoghlaim sé féin beagáinín ó na páistí agaibh, Tadhg agus Ruairí?

"Cinnte bhí sé ag éisteacht leo agus bhí mé á phlé seo le Baz féin. Níl mórán Gaeilge aige agus gur as an Éigipt ó dhúchas dó; is as Éireann dá mháthair agus is as an Éigipt dá athair. Tá roinnt beag Gaeilge aige, ach ní fhéadfaí a rá go bhfuil sé líofa ach tá taithí aige, ar an ilteangachas, mar sin féin, mar tógadh é le leis an Araibis, is dóigh liom agus d'fhoghlaim sé cuid mhór Fraincise ar scoil chomh maith agus é sa tír sin."

"Mar sin cé nach bhfuil mórán Gaeilge, tá tuiscint mhaith aige ar an ilteangachais agus ar an tábhacht a bhaineann le breis is teanga amháin a bheith ag duine agus ag a bpáistí agus mar sin de. Mar sin bhí an-tuiscint aige dá gcás den sórt post mór a bhí againn, in ainneoin nach raibh mórán Gaeilge aige féin, thuig sé an tábhacht a bhí le bheith ag tógáil páistí le breis is teanga amháin, mar shampla."

Tá trí theanga á mhúineadh agaibh do na páistí agus cé nach dtuigim cén teanga ina bhfreagraíonn siad sibh ach glacaim leis go bhfuil siad á sú isteach éasca go maith - Gaeilge, Béarla agus Fraincis?

"Cinnte. Tá trí theanga acu go bunúsach agus braitheann sé ar an gcomhthéacs, braitheann sé ar an lá. Ar an iomlán chaithfinn a rá, don chuid is mó, is mó Béarla a chloiseann siad ar an iomlán agus is minic a bhíonn an Béarla chun tosaigh ó thaobh na teangan ina labhraíonn siad féin."

Baz sa Chipir, braon de na taillte breá gréine seo go léir is dócha.

"Ach mar sin féin, bíonn an Ghaeilge agus an Fhraincis ag gobadh amach go minic chomh maith, mar tá sórt frásaí áirithe múinte agam dóibh ó thaobh béasanna de agus mar sin de. Mar shampla, agus iad ag iarraidh a bheith ag suí chun boird, deir siad ‘brú isteach mé le do thoil’ agus deir siad sin i nGaeilge an t am go léir."

"Cé go bhfuil an teanga acu, ní bhreathnaíonn siad ar úsáid na teanga ar bhealach ró-shrianta mar a dhéanann daoine fásta, is dóigh liom."

"Mar sin, tá an trí theanga trína chéile acu agus cloiseann muid iad anois is arís fiú agus iad ag súgradh le chéile i bhFraincis mar tá siad freastal ar scoil na Frainciseoirí ina bhfuil an Fhraincis mar theanga cumarsáide."

"Tá an bheirt acu ag freastal ar maternelle, leagan Fraincise naíonra is dócha, agus bhí siad ag freastal ar creche Fraincíse roimhe sin. Mar sin, tá neart taithí acu ar an bhFraincis agus cé nach labhraíonn siad é go rómhinic lenár muintir féin, mar shampla."

"Ach nuair a bhíonn an bheirt acu le chéile bíonn sórt mar theanga chumarsáideach go minic agus iad spraoi agus measaim go bhfuil sé sin thar a bheith suimiúil."

"I gcásanna eile, bíonn an Ghaeilge chun tosaigh mar samhlaíonn siad téarmaí áirithe liomsa, ar nós ‘barróg’ agus ‘gobáin’ agus téarmaí áirithe a d'fhoghlaim siad uaimse. B'fhéidir gur sórt coimhlint nó iomaíocht ar siúl idir idir na trí theanga i gcónaí agus tá siadsan lán-sásta a bheith ag spraoi leis an trí theanga."

"Rud a bhain gáire asam uair amháin - an focal ar choinín sa bhFhraincis is ea ‘lapin’ – agus dúirt mé le Ruairí uair amháin, ‘Caithfidh tú dul chuig an seomra leapan’ a dúirt sé 'Ó, an seomra lapin!'"

"Chonaic seisean an cosúlacht agus bhí sé fhéin ag straoisíl nuair a dúirt sé é sin. Mar sin bíonn seisean agus agus Tadhg i gcónaí ag breathnú ar na focal, ar na teangacha mar bhréagáin i ndáiríre. Sin an chaoi go mbíonn páistí ag foghlaim go háirithe ag an aois sin, fiú ar scoil fiú sa maternelle is bunaithe ar an spraoi atá siad an chuid is mó ar rudaí atá taitneamhach."

"Feictear domsa go bhfuil meon thar a bheith folláin acu ó thaobh a bheith ag plé le teangacha, níl aon sórt polaitíocht ag baint leo ag an bpointe seo, níl iontu ach bealaí cumarsáide acu ag an bpointe seo agus is maith an rud é sin."

Leanann Baz ar a chamcuaird trén Bhruiséil ag bualadh le hÉireannaigh eile ann agus le linn na sraithe céanna tugann sé cuairt ar Éireannaigh eile atá ag cur fúthú ar fud na hEorpa sa Phoirtingéil, sa Fhrainc, sa tSualainn, san Eilbhéis agus sa Chipir.

Craolfar an Eip 1 Best Place to Be Dé Máirt 3ú Meán Fómhair, 7pm ar RTÉ One agus RTÉ Player