skip to main content

Dornáilaíocht agus Gaeilge ar son na haclaíochta

Amy Wall. Buaiteoir bonn ór cic-dornáilaíochta Eorpach. D'fhéadfá rud nó dhó a fhoghlaim uaithi.
Amy Wall. Buaiteoir bonn ór cic-dornáilaíochta Eorpach. D'fhéadfá rud nó dhó a fhoghlaim uaithi.

Sé Adam MacNamee an té atá taobh thiar den Chlub Dornaclaíocht, cumann a thugann deis do dhaoine scil na dornáilíochta a fhoghlaim agus iad a mheascadh le labhairt na Gaeilge.

Labhair sé le RTÉ.ie/Gaeilge faoin gcúis gur bhunaigh sé an Chlub.

Cad as a tháinig an smaoineamh seo an dornálaíocht agus an Ghaeilge a thabhairt le chéile?

"Bhuel thosaigh mé ag déanamh dornálaíocht nuair a bhí mé, b'fhéidir 18, nó mar sin, agus bhain mé sult as. Bhí mé ag troid agus ansin rinne mé dornálaíocht cic agus MMA agus rudaí mar sin agus bhí mé á dhéanamh sin mar aclaíocht."

"Tá fir ag freastal ar na ranganna linn, freisin, ach don cuid is mó, is mó mná atá ann, rud iontach ann féin."

"Ach i rith an phaindéim thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge. Rinne mé cúrsa i nDún na nGall ansin le Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus mheas mé ansin gur mhaith liom an dá rud a mheascadh."

"Mar sin mo chuid oibre, bím ag obair sa gym, áit a mhúinim ranganna boxercise agus a leithéid sin, leis an nGaeilge. B'shin an smaoineamh taobh thiar de."

Adam MacNamee, bunaitheoir an Chlub Dornaclaíocht.

Tá foclóir álainn ar an suíomh Instagram agat ar nós 'Smitín' agus 'Trasdorn Deasóige' agus go leor eile – raibh ort taighde a dhéanamh chun teacht orthu sin nó bhfuil dornálaí le Gaeilge ar d’aithne?

"Tá fear as Béal Feirste ag déanamh dornálaíocht mar phost gairmiúil agus Gaeilge den scoth aige, ach fuair mé an fhoclaíocht as focloir.ie agus bhí siad ann agus rinne mé taighde air ansin, bhí sé éasca go leor chun é a fháil le bheith ionraic."

Foclóir Club Dornaclaíocht.

"Ach ó thaobh an téarma 'dorn aclaíocht’, tá ‘dornálaclaíocht’ sa bhfoclóir, ach cheap mé go raibh sé rófhada agus chum mé féin an focal ‘dornaclaíocht’ mar sin."

Tá tú ag tabhairt ranganna dorn-aclaíochta agus Gaeilge nó comhrá Gaeilge agus dornálaíocht mar atá ráite, an trealamh ar fáil, níl aon taithí ag teastáil ach an bhfuil spéis ann, bhfuil idir fir agus mná ag teacht chugat nó conas atá ag éirí leis?

"Sea, tá meascán maith ach le bheith ionraic tá níos mó mná agus tá sé sin iontach a fheiceáil."

"Tá coach againn, Amy Wall gur dornálaí cic í, agus bíonn sí á dhéanamh sin sna Cluichí Eorpacha agus fuair sí an bonn óir. Mar sin is léir go bhfuil caighdeán iontach maith aici agus b'fhéidir gurb é sin an ‘attraction’ do mhná."

"Tá coach eile againn, freisin, Casey, agus bhí sí féin ag iarraidh na Cluichí Oilimpeacha a bhaint amach i mbliana ach níor éirigh léi, áfach. Ach déanann sí féin boxercise tré mheán an Bhéarla ach tá Gaeilge den scoth aici mar sin ba bhreá liom obair léi sa todhchaí."

"Ach le bheith ionraic, le Gaeilge agus anois dornálaíocht tá na mná chun tosaigh agus iad ag leanacht sampla Kellie Harrington agus a leithéide, is léir go bhfuil an suim sin iontu."

Má tá daoine ag iarraidh dornálaíocht a thosnú conas a dtéann siad i dteagmháil leat, an é Instagram an bealach is fearr?

"Sea, Instagram an bealach is fearr. Rinne mé iarracht TikTok a chruthú, ach d'éirigh mé as! Bhí an iomarca ann domsa anois, b'fhéidir go bhfuil mé róshean! Ach ba cheart dom TikTok a chruthú arís. Faoi láthair tá mé ag obair ar Instagram don chuid is mó ach beidh mé ag déanamh níos mó sa phobal, mar sin beidh mé ag cur póstaer in airde i dTamhlacht agus áiteanna mar sin."

18 Carat nach féidir a chogaint - Amy lena bonn ór Eorpach.

"Ach breathnaigh ar Instagram agus ansin beidh tú in ann gach saghas sonraí a fháil agus beidh an chéad cúrsa eile ag teacht suas is dócha Mí Deireadh Fómhair. Táim ag lorg spás go fóill, agus táimid ag súil go mór leis. Beidh saghas meascán ann fosta idir dornálaíocht agus dornálaíocht cic le Amy Wall."

"Agus ní bhuaileann muid a chéile, mar sin níl sé contúirteach, níl aon gá ort a bheith ag troid le éinne. Bíonn muid ag bualadh na málaí dorn aclaíochta agus na miotóga dorn aclaíochta agus is píosa spraoi a bheidh ann."

Lean Club Dornaclaíochta Adam ar Instagram.