skip to main content

Tairiscintí CAO á fhoilsiú fé láthair

Agus suas le 77,000 dalta ag feitheamh ar dhea-thorthaí ón Lár Oifig Iontrála, labhair Máirín Ní Ghadhra leis an gcomhairleoir gairm threorach, Betty McLaughlin, fénar cheart bheith ag súil leis ar Adhmhaidin inniu.

Mhínigh iar-uachtarán ar Institiúid na gComhairleoirí Gairm Threorach gur tré ríomhphost nó teachtaireacht téacs a dhéanfar na tairiscintí tráthnóna. Is dea-scéal é, a dúirt sí, go bhfuil roinnt spáis breise curtha ar fáil ag an rialtas i roinnt cúrsaí, i gcúrsaí sláinte mar shampla ar nós leigheas, altranacht agus teiripe shaothar.

D'fhiafraigh Máirín de Bhetty, leis, raibh aon amhras go mbeadh líon na bpointí a theastódh le áit a fháil ar chúrsaí éagsúla níos airde i mbliana, i gcoimpráid le blianta eile.

Is cosúil go bhfaigheann suas le seasca as céad duine an chéad rogha acu, agus ceathrar as cúigear ceann den chéad trí rogha atá á lorg acu. Leag Betty béim chomh maith ar an bhféidireacht go dtiocfadh tairiscint ag dalta níos déanaí sa mhí ag brath ar mar a ghlacann dalta eile le cúrsa nó má dhiúltaíonn siad, rud a chothódh spás do dhuine éigin eile a roghnaigh an cúrsa céanna.