skip to main content

Torthaí Ardteiste Rang 2023-2024

Fuair breis is seasca míle dalta ardteiste a dtorthaí Dé hAoine seo thart, agus ceiliúradh ar bun timpeall na tíre an oíche céanna. Bhí ainilís múinteoirí gairmthreoireacha éagsúla le clos ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tar éis do na torthaí teacht amach.

Labhair Séan P. Ó Fearraigh, múinteoir gairmthreoireach i nGairmscoil Chú Uladh, le Michelle Nic Grianna ar an gclár Barrscéalta, a chraoltar as stiúdeóna na seirbhíse sna Doirí Beaga i nDún na nGall.

Gairmscoil Chú Uladh i mBéal an Átha Móir.

Mhínigh Seán, do Michelle fén mbrú atá ar na micléinn de bharr na scrúdaithe féin, maraon leis an struss a bhaineann le áiteanna a fháil ar choláistí agus sna hollscoileanna. É sin ráite, ba léir go bhfuair micléinn Ghairmscoil Chú Uladh torthaí ar dóigh i mbliana, agus mac Sheáin, Eoghan, ar dhuine acu siúd.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Bhí múinteoir gairmthreoireach i gColáiste Eoin Stigh Lorgáin, Breandáin Mac Róibín, ag caint le Aonghus Ó Lochlainn ar an gclár Tús Áite, a chraoltar as stiúdéonna Raidió na Gaeltachta i nDomhnach Broc, Bleá Cliath.

Dhírigh Breandán ar an modh marcála atá fós i bhfeidhm de bharr na paindéime agus atá á phlé ó thaobh líon na dtorthaí atá, dar le roinnt, 'ró-ard'.de bharr na boilscithe a d'aschur as sin. D'fhiafraigh Aonghus air chomh maith maidir le treochtaí na marcanna, caighdeán na bpáipéar agus meoin na ndaltaí maidir le leanacht ar aghaidh ar an ollscoil agus na ngairmeacha.

An nóta chomónta a bhí acu araon ná an comhairle a lorg agus tú ag druidim i dtreo na hardteiste. Is fiú an chluas éisteachta agus an taithí atá ag na múinteoirí cuí.

Éist le Barrscéalta, Luan go hAoine, 11-12r.n.

Tá Tús Áite ar an aer ó Luan go hAoine, 5-6i.n.