skip to main content

Bailte Sraith 4 ar an aer 5 Meán Fómhair

Síle Nic Chonaonaigh ar a camchuairt fud fad na tíre
Síle Nic Chonaonaigh ar a camchuairt fud fad na tíre

Tá an tsraith iomráiteach 'Bailte' ar ais ar TG4 don ceathrú sraith le Síle Nic Chonaonaigh ag leanacht lena camchuairt ar bhailte fearainn na tíre ag fiosrú an dlúthcheangail atá againn lenár mbaile fearainn féin.

Tá os cionn 60,000 baile fearainn in Éirinn agus is dlúthchuid iad de shaol na linne seo. Fiosróidh Síle an teacht aniar atá sna pobail seo agus an tionchar dearfach atá ag tírdhreach, traidisiún agus an cultúr áitiúil ar shaol na ndaoine.

Díreoimid ar bhaile fearainn amháin i ngach clár, ag caitheamh seal i measc mhuintir an bhaile agus ag iarraidh phearsantacht agus thréithe an bhaile a shú isteach. Labhróidh Síle le roinnt de na daoine is deisbhéalaí sna dúichí éagsúla – ceiliúradh ar nádúrthacht agus ar shaibhreas ghnáthchaint na Gaeltachta. Mar aon leis na buntáistí, nochtfar na deacrachtaí a bhaineann le bheith ag maireachtáil sna ceantair seo agus na rudaí atá ag déanamh tinnis don phobal – bánú na tuaithe, easpa seirbhísí, easpa fostaíochta, athruithe ar chúrsaí feirmeoireachta agus iascaireachta, an t-uaigneas agus titim ar an daonra.

Gealgháireach i nGaeltacht Chlochán-Bréanainn.

Is ceiliúradh ar mhórtas áite, ar phobail bheo, ar shaibhreas teanga agus taobh tíre draíochtúil atá sa tsraith Bailte. Meascán den saol mar a bhí, mar atá, agus mar a bheidh. Insint thuisceanach ar shlite beatha, ar chomharsanacht, ar shaol teaghlaigh agus thar aon ní eile, an tábhacht a bhaineann le 'áit'. Sa tsraith nua seo tabharfaidh Síle cuairt ar Leitir Ard agus ar an mBóthar Buí i nGaillimh, Tóraigh i Dún na nGall, Baile na nGall i bPort Láirge agus Clochán Bréanainn i gCorca Dhuibhne.

Clár 1: Clochán Bréanainn

Sa gcéad chlár eile tabharfaidh Síle cuairt ar Chlochán Bréanainn sa Leitriúch i gCorca Dhuibhne. Taispeánfaidh an file Mícheál Ó Ruairc an Séipéal ina mbíodh dealbh Chrom Dubh di. Buailfidh sí le Thomas O’Connor a bhfuil clú air ar fud na tíre ina bhearrthóir caorach, obair a bhfuil an-scil ag baint léi. Rachaidh sí ar thuras farraige chomh fada leis an Sás le Eugene Lyne. Tabharfaidh sí lámh chúnta do Phádraig i dtabhairne cáiliúil Uí Mhurchú ar an gCé agus caithfidh sí tráthnóna le Máiréad Ní Dhubhda, bean mór cártaí. Cuirfidh sí clabhsúr lena turas sa Tinteán Ceoil ag oíche rialta cheoil agus amhránaíochta sa phobal.

Réidh le cur chun farraige.

Clár 2: Leitir Ard

Tá Leitir Ard suite ar an gcoirnéal siar ó thuaidh de leithinis Iorras Aithneach i gConamara. Tá suas le céad duine ina gcónaí ann agus tá radharc breá as ar na Beanna Beola ó thuaidh agus ar chuan fairsing na Beirtrí Buí. Níos minice ná a mhalairt is imithe i léig a bhíonn an nasc idir baile cósta agus an fharraige, ach ní mar sin atá i Leitir Ard. Sa gclár seo, casfaidh Síle le hiascairí agus le saoir bháid; rachaidh sí chun farraige le baill chlub mara nua-bhunaithe an cheantair agus labhróidh sí le duine de phearsaí móra an tsean-nóis, Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha.

Is léir gur dia dea-aimsire í Síle.

Clár 3: Toraigh

Is é Toraí an t-oileán is faide amach ó chósta na hÉireann a bhfuil cónaí air. Suite san Atlantach Thuaidh, tá an t-oileán seo naoi míle amach ó Chósta Thiar Thuaidh Thír Chonaill. Is é seo cinnte an ceantar is scoite amach a bhfuil seal caite ag Síle ann go dtí seo. I measc na n-aíonna a mbeidh Síle ag caint leo sa gclár seo tá Anton Meenan, a thabharfaidh léargas di ar Thoraí le linn na Cré-umhaoise; Marjorie Carroll a dhéanfaidh cur síos ar na pleananna atá ag an bpobal do thodhchaí an oileáin agus Willie Ghráinne Ó Dubhgáin, captaen an Tor Dearg a thabharfaidh Síle ar thuras báid timpeall an oileáin.

Síle agus Maggie ar an Rinn.

Clár 4: Baile na nGall

I nGaeltacht na nDéise i gcontae Phort Láirge atá Baile na nGall. Tá na bailte Heilbhic, Maoil an Chóirne agus Cnocán an Phaoraigh timpeall air. Is é Baile na nGall an baile fearainn is lú i Rinn Ó gCuanach. Tagann an fharraige isteach idir Baile na nGall Mór agus Baile na nGall Beag atá ag féachaint amach an cuan ar Shléibhte an Chomaraigh. Sa chlár seo, casfaidh Síle le daoine a thugann léargas di ar a bhfuil de chruthaitheacht san áit, idir amhránaithe agus scríbhneoirí, agus leis na daoine a bhí imithe tráth ach a d’fhill arís ar a mbaile dúchais. Tabharfaidh sí cuairt chomh maith ar an mhonarcha ghloine, Criostal na Rinne.

Cois mara Chonamara ar an mBóthar Buí.

Clár 5: An Bóthar Buí

Tabharfaidh Síle cuairt ar an mBóthar Buí ar an gCeathrú Rua, ceann de na pobail Ghaeltachta is mó in Éirinn. Tabharfaidh staraí áitiúil léargas do Shíle ar stair an cheantair agus ar an teacht aniar a bhí i mhuintir na háite le linn Chath na Ceathrún Rua. Casfaidh sí le healaíontóir agus le teaghlach teifeach ón Úcráin atá tar éis éalú ó ionsaí na Rúise. Labhróidh sí le duine de phearsaí móra na hamhránaíochta agus na filíochta, Tomás Mac Eoin. Is baile fearainn é an Bóthar Buí a bhfuil pobal breá bríomhar ann atá ag caomhnú a n-oidhreachta ach ag ceiliúradh an tsaoil nua-aimseartha ag an am céanna.

Léirithe ag AniarTV.

Craolfar cláir na sraithe nua seo gach Déardaoin ag 8pm ar TG4 ag tosú ar an 5 Meán Fómhair 2024.