skip to main content

Ag tacú leis an bpobal LADT ar scoil - Éist Siar

Labhair daltaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bhfeachtas atá ar siúl sa scoil i gcoinne bulaíocht i gcoinne daoine óga lesbiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach.

Labhair na cailíní faoin mbulaíocht a tharlaíonn ach go háirithe ar na meáin shóisialta agus na cúiseanna go ndéanann daoine an bhulaíocht sin ar an mbealach sin, mar go bhfuil sé furasta é a dhéanamh nuair nach bhfuil an té os do chomhair amach.

Deir siad gur bhunaigh siad an choiste seo i bPobalscoil Chorca Dhuibhne mar go raibh siad ag iarraidh a léiriú dóibh siúd atá sa phobal LADT go raibh tacaíocht ar fáil dóibh. Meabhraíonn an choiste do Helen nach ar na haipeanna a thit an fhreagracht maidir le bulaíocht, ach ar na daoine atá ar na haipeanna seo.

Tá súil ag an gcoiste go léireoidh an obair atá ar bun acu go bhfuil fáilte roimh gach duine sa scoil agus go bhfuil saol iontach rompu uilig.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 12:08 - 13:00 ón Luan go hAoine