Éist anseo le freagra Éanna Ní Lamhna ag caint le Tús Áite faoi argóint fheiliméirí na hÉireann agus iad ag lorg díolúinte ar mhaolaithe nitrigine an Aontais Eorpaigh.
Tugadh éisteacht don fheiliméir Tomás Ó Fátharta as Dún Uchta i gcontae na Gaillimhe ag plé plean an rialtais i dtaobh úsáid nitrigine sa san earnáil déiríochta ach go háirithe agus an gcruachás ina mbeidh feiliméirí nuair a thagann na maoilithe nitrigine i bhfeidhm an bhliain seo chugainn.

Cloistear Éanna anseo ag caint le hAonghus Ó Lochlainn ar an gclár agus í i mbun cur síos ar an dochar a dhéanann scaoileadh nitrigine dos na srutháin agus aibhneacha agus na hainmhithe agus plandaí a mhaireann ionta.

Ach ní hamháin feiliméirí déiríochta a bheidh thíos leis ach oiread, óir go bhfuil tionchar ag aon truailliú ar threoracha Aontais Eorpacha agus na fíneálacha atá i ndán d'Éireann - sé sin cáin-íocóirí na tíre go léir - mura gcomhlíonann siad mar atá leagtha síos ó thaobh na hathraithe aeráide agus caomhnú na timpeallachta.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences