skip to main content

Siúlóidí sléibhe agus stairiúla leis na Cnocadóirí

Tá an Chlub cnocadóireachta Na Cnocadóirí i mbun sléibhte agus sráideanna na hÉireann a shiúil le os cionn 20 bliain agus an Ghaeilge á spalpadh acu ar thírdhreacha na tíre.

Sí labhairt na Gaeilge an bun-chloch a leanann siad, mar a mhíníonn Rúnaí an Chlub, Seán Ó Fearghaíl.

"Thart ar an mbliain 2003 bhí mise agus cúpla duine eile, bhíomar ag siúl le club eile, Glenwalk ab ainm dó agus bhí cúpla duine againn a raibh suim againn sa Ghaeilge agus mheasamar go mbeadh sé go maith grúpa Gaeilge do bheith ann. B'as sin a d’eascair sé. Ag an tús ba bhaill de Glenwalk a bhí ann agus cuireadh an club Na Cnocadóirí ar bun go hoifigiúil cúpla bliain ina dhiaidh sin, ach táimid ann ó 2003 i ndáiríre."

Bí cróga ar Cipiúr! (Agus bíodh branda sa bhfleasc póca.)

Agus an nós libh na siúlóidí a mheascadh idir siúlóid sléibhe agus siúl ar an gcothromán?

"Bíonn siúlóid sléibhe againn gach coicís, gach ré Domhnach, agus tosaíonn muid ag b’fhéidir 11 agus bímid críochnaithe thart ar 4:00 nó 5:00 a chlog nó mar sin."

"Agus ansin ag am seo bliana, sa Samhradh, gach Déardaoin bíonn ceann éasca againn ach táimid ag caint sna cinn sin faoi dul go dtí Binn Éadair nó fiú ar an gcósta. Táimid ag caint ar mar shampla Baile na Manach amach go Dún Laoghaire agus siúil ar an pier agus ar ais, nó timpeall Páirc Naomh Áine agus Oileán an Bhulla, nó bruach na canálach. Rudaí mar sin."

Is minic go ndéanann siad siúlóidí staire tré Bhleá Cliath chomh maith, agus foghlaim fé stair ailtireachta agus foirgnimhíochta na cathrach ar an mbealach.

Aer úr Chill Mhantáin ag Gleann Ó Máil i Mí Iúil.

"Thart ar dhá uair a chloig a bhíonn ionta san agus iad dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh teacht le chéile, Gaeilge a labhairt agus rud éigin a bheith á dhéanamh acu. Ach gan a bheith amuigh ar na sléibhte!"

"Agus ansin ag an deireadh seachtaine do na daoine a bhfuil suim acu sa chnocadóireacht, a bhfuil suim acu san aclaíocht, agus mar sin de. Sé an rud is tábhachtaí i ndáiríre an Ghaeilge."

"Tá an-chuid clubanna cnocadóireachta ann, ach an t-aon rud faoi Na Cnocadóirí ná gurb í an Ghaeilge gnáth theanga an Chlub so caithfimid a bheith níos leithne ná gnáth club cnocadóireachta."

Binn Éadair - níos séimhe ar na glúine.

Mar sin, cá mbeidh sibh ag dul i dtreo deireadh na míosa seo agus conas is féidir le daoine teagmháil a dhéanamh agus b'fhéidir ballraíocht a bhaint amach?

"Bhuel ar an Déardaoin seo chugain, 22 Lúnasa, beimid ag teacht le chéile i Séipéal Íosóid agus ag siúl ar bhruach na Life agus isteach i bPáirc an Fhionnuisce agus ar ais go Séipéal Íosóid. Agus beidh siúlóid sléibhe ar an Domhnach ina dhiaidh sin, beidh muid thíos i ndeisceart Chill Mhantáin, ag Cruachán Mhaigh Rath, sin an slí a bheidh i gceist."

Más spéis leat teagmháil a dhéanamh leis Na Cnocadóirí fúthú sin thuas nó siúlóidí amach anseo tig libh tuilleadh eolais d'fháil ag www.cnocadoiri.com agus dul i dteagmháil leo trén ríomhphost ag cnocadoiri@yahoo.com