Tá seans ard agus an t-alt seo á léamh agat, go bhfuil ceann de na plandaí is úsáidí ar domhan ag fás i do ghairdín anois, agus é ag fás ann as a stuaim féin, go fiú.
An planda is luachmhaire i do ghairdín, nach raibh tú ar an eolas faoi!

Tá an Plantago Lanceolata, nó an slánlus mar a thugtar as Gaeilge air, ag fás sa tír seo le breis agus 5000 bliain de réir na dtuairiscí pailine agus is iomaí úsáid a bhaineann leis an bplanda ársa céanna.
Is furasta é a aithint ón mbarr dubh a fhásann ar bharr gas fada, a mbíonn bláthanna beaga bána ag gobadh amach as mar a bheadh tútú ann.
Bíonn séasúr deas fada ag an slánlus, ó Aibreán go Deireadh Fómhair, rud a thugann neart deiseanna don duine leas a bhaint as an bplanda ilfheidhmeach úd.
Ag bun an ghais, feictear duilleoga glasa a bhfuil rian easnacha le feiceáil orthu, agus is uaidh seo a dtagann ainm an phlanda sa Bhéarla; ribwort plantain. Is iad na duilleoga an chuid is luachmhaire den phlanda ó thaobh an leighis de, agus gach aon duilleog ar maos le frith-hiostaimíní.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Dá bhrí seo, leigheas an-éifeachtach go deo atá sa slánlus do gach saghas cealg; cealg bheiche, foiche, smugairle róin agus dó neantóige fiú, gan ach beagán a lua.
Leis an leigheas a chur i bhfeidhm, níl le déanamh ach an duilleog a bhaint, é a chogaint sa bhéal, é a chaitheamh amach agus an meascán a chur ar an gcraiceann áit a bhfuil an chealg. Laistigh de hachar fíorghearr ina dhiaidh seo, beidh faoiseamh suntasach le brath.
Fásfaidh an slánlus beagnach gach áit a bhfuil féar ann, bíodh sé sin ar chúl an tí, ar thaobh an bhóthair, cois cósta nó gnáthóg ar bith eile.
Tá a cháil amuigh ar an bplanda céanna i seanchas na hÉireann mar leigheas ar ghearrthacha ar an gcraiceann chomh maith, mar a léirítear sna tagairtí seo thíos ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann;
"Dá ngearrfadh duine aon chuid dhá cholann, agus go mbeadh go leor fola ag tidheacht as, chuirfeadh sé slánlus leis le h-aghaidh na fola a stopadh."
- Fearann an Choirce, Árainn, Co. na Gaillimhe. CBÉ; Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 250. (Bunfhoinse ar fáil anseo.)
"Slánlus a cuirtear le méar géarrtha nó le cois gearrtha cun fuil do stopadh."
- An Clochán, Co. Chiarraí. CBÉ: Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 843. (Bunfhoinse ar fáil anseo.)
"Leigheasanna agus Galair. Gearradh. Slánlus a chogaint in do bhéal agus ansin é a cur thart ar an ngearradh."
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo. CBÉ: Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 007. (Bunfhoinse ar fáil anseo.)

Déantar tagairt don fheidhm sláinte seo i scéal apacrafúil a ghabhann leis an slánlus chomh maith. Deirtear gurb iad na duileeoga céanna a d'úsáid mná cabhracha Íosa mar leigheas ar ghearrthacha ar thaobh cholainn Chríost agus é ar an gcros. De réir an scéil, duilleoga míne a bhí ar an slánlus ó thús ach gur fágadh rian easnacha Chríost orthu nuair a baineadh dá cholainn iad.
Ag imeacht ó chúrsaí sláinte go cúrsaí spraoi ansin, is é an cháil is mó atá ar an slánlus b’fhéidir, ná an cluiche atá á imirt leis an bplanda céanna leis na cianta; saighdiúirí.
Beirt a imríonn an cluiche go hiondúil. Bíonn 'saighdiúir’ (gas amháin den slánlus) an duine ag na himreoirí agus déantar iarracht an cloigeann a bhaint de shaighdiúir an duine eile. An chéad duine a bhaineann an cloigeann den saighdiúir eile, bíonn an bua aige.
Cleas spraíúil eile a ndéantar leis an slánlus ná gur féidir crann tabhaill a dhéanamh de; cleas a chuirfidh uaireanta an chloig de shiamsaíocht ar fáil do dhuine ar bith pé acu óg ná aosta, a luaithe agus a rachfar i dtaithí ar a dhéanamh.
Déantar an gas a lúbadh thairis féin agus a úsáid chun an cloigeann a chur ag scaoileadh mar a bheadh piléar beag ann; mar a léirítear san fhíseán seo thíos:
Anois agus tú ar an eolas faoi iontais an tslánlus, bíodh do shúile ar faire don phlanda iontach úd agus bí réidh le taitneamh agus tairbhe a bhaint as.