skip to main content

Ní chreidim ionta ach tá siad ann - An Taibhse

Ceo. Most likely draíochta.
Ceo. Most likely draíochta.

Aimsir an Ghorta Móir, 1852. Teach mór Seoirseach iargúlta. Geimhreadh. Athair agus iníon i bhfeighil an tí don séasúr. Deabhail imní a bheadh ort roimh a leithéid de láithriú scannáin, surely? Aon nod le fáil i dteideal an scannáin? An Taibhse. O-kay...

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge leis an scríbhneoir agus stiúrthóir, John Farrelly, faoin síol as ar fhás An Taibhse.

Man staring intently at bonfire. Rarely a good sign. Especially as you know its a horror film.

Cén fáth uafáis agus cén fáth i nGaeilge?

"Bhuel, nuair a bhí mé ag smaoineamh faoin idea le haghaidh an scannán bhí a fhios agam cén téama a bheadh agam don scéal, atá sa chríoch. Bhí a fhios agam cad a bhí uaim a rá agus cheap mé go raibh aimsir an Ghorta ar an am ab fhearr chuige sin."

"Bhí mé ag iarraidh go mbeadh sé nádúrtha agus iontaofa mar sin toisc gurb í an Ghaeilge an teanga labhartha ag an am, roghnaigh mé é a scríobh i nGaeilge. Bhíomar ag iarraidh an lucht féachana a thumadh sa scéal ar an gcaoi sin."

Dadaí i mbun togra croise. Rithfeadh ceist nó dhó leat.

Buile fé thuairim - is fan mór horrors tú?

"Is fan mór horror mé agus bhíomar ag iarraidh scannán uafáis a dhéanamh. Gearr-scannán a bhí ann ar dtús do thogra Ollscoile, nuair a bhí mé Ulster University i mbun Cinematic Arts. Bhíomar ana-shásta leis an toradh, agus bheartaíomar fadscannáin a dhéanamh as."

Chuaigh siad go Coolattin House i gCill Mhantáin - de réir tuairisce an tigh is mó in Éirinn - i Mí na Samhna, appropriately enough, agus thosaigh ar an obair. Bhí ciste bídeach acu agus bhí ar gach éinne an saothar a roinnt, agus ualach na jabanna ar fad a iompair.

"Duine den chriú mar shampla, Cathal Fitzpatrick, bhí sé ina phuipéadóir nóiméad amháin, first AD an nóiméad eile, camera assistant nóiméad eile."

Iníon ar slabhra. Not paranormálta ach defo not normálta.

Agus an scéal?

"Is faoi cailín, Máire (Livvy Hill), agus a hathair, Éamon (Tom Kerrisk) atá an scéal. Tá siad ag obair mar fheighlithe Gheimhreadh i dTigh Mór Seoirseach, i dtreo deireadh tréimhse an Ghorta, agus an Tigh agus an cheantar scriosta dá bharr. Léiriú an scannán ar iarrachtaí an chosmhuintir an atógáil a dhéanamh arís agus teacht aniar éigin a lorg ina saolta."

"De réir mar a leanann an scéal tarlaíonn gníomhachtaí paranormálta éagsúla thart timpeall an iníon, a threisíonn le himeacht ama. Mar sin an cheist ná – cad é an ghníomhaíocht paranormálta seo agus canathaobh go bhfuil sé dírithe ar an iníon?"

Atmasféar a ghearradh scian.

Níor mhaith le John tuilleadh a nochtadh ag an bpointe seo, ar chúiseanna intuigthe. You gotta go see it.

Ní hamháin gur éirigh leis an scannán a léiriú ar bheagán airgead ach ba chabhair mór a bhí ann dó go raibh aithne aige ar chara a raibh aithne aige siúd ar chara a raibh aithne acu ar an scannánóir clúitiúil Jim Sheridan (sin an leagan gearr ar an insint, anyway). Ní hamháin san, ach thaithin an bhunleagan le Sheridan agus tháinig sé ar bord mar Léiritheoir Feidhmeach. Thug sé roinnt moltaí do John agus mhol roinnt athruithe. Mar a deir John "when he says it has to be 90 minutes, you're going to have to cut 20 minutes, you're not gonna argue!"

Taispeánadh é ag Fleadh Scannáin na Gaillimhe, an príomh sprioc a bhí uatha agus iad ina mbun. Bhí sé díolta amach ag Fright Fest, ceann de na féilte is mó horror ar domhain, áit a raibh An Taibhse á thaispeáint ar an bpríomh scáileáin i bpictiúrlann Leicester Square i Londain ar an 23 Lúnasa.

Ní hé seo an t-aon iarracht scannáin ag John Farrelly. Ag a 17 bronnadh gradam 'Irelands Best Young Filmmaker' air ar son a scannán Choice, agus bhain sé Duais an Ghiúiré ag an LA Horror Film Festival don scannán The Sleep Experiment. Stiúraigh sé an gearrscannán The Lost Jedi agus scannán eile Gaeilge, Different. Ach is cinnte go mbeidh siad siúd a bhfuil goile acu don horror pic ag súil anois lena bhfuil i ndán dóibh nuair a bheidh An Taibhse farainn.