An Cailín Ciúin. Arracht. Róise agus Frank. Scannáin ar bhéalaibh daoine a choimisiúnaigh TG4 trén scéim Cine4. Maraon le tacaíocht mhaoinithe acu ar scannáin Kneecap, is léir go dtuigeann lucht coimisiúnaithe cad is scéal mhaith ann.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Deirbhile Ní Churraighín, as an Eilbhéis, áit a raibh premiere an scannáin uafáis, Fréamhacha, le Aislinn Clarke, ar siúl.
Conas a aithníonn tú scéal mhaith?
"Bhuel, is dócha nuair a bhíonn mé féin nó Máire Ní Chonlán, mar Eagarthóirí Coimisiúnaithe, a léamh scripteanna agus má tá tú ábalta an scéal a fheiceáil ar an scáileán, tá a fhios agat go bhfuil scannán maith os do chomhair amach."
"Bíonn muid ag cuartú rudaí atá Éireannach go príomha, gur scéalta Éireannacha iad ach go bhfuil siad universal ar an dóigh céanna mar a bhí Arracht mar a bhí Róise agus Frank, mar a bhí An Cailín Ciúin ar ndóighe. Cé gur scéalta iontach Éireannach a bhí iontu, préamhaithe in Éirinn, is scéalta iad a thaistil ar fud an domhain chomh maith. Sin na cineálacha scéalta atáimid ag cuartú."
Tá tú thall in Locarno na hEilvéise ag an premiere an scannáin uafáis Fréamhacha – cad as ar tháinig an scéal?
"Tháinig Fréamhacha fríd scéim Cine4, mar iarratas maraon le go leor eile. Tá go leor a mbíonn sin a rá gur horror nó scéin-scannán atá ann ach le bheith fírinneach tá eilimintí de sin ann. Ach an rud fadaobh de Fréamhacha ná, tá a fhios agat ar fud na hEorpa gur rudaí beaga deasa iad síogaí a bhíonns ag eitilt thart ach in Éirinn is droch-articles atá ionta. Caithfidh tú iad a choinneáil sásta. Ní féidir aon rud a dhéanamh le cur as daoibha nó beidh tú thíos leis."
"Agus tá eilimintí de sin san scéal ach tá sé ag déileáil le tráma chomh maith; beirt bhan a chuaigh fríd tráma. Níl mé ag iarraidh barraíocht a rá ach is cineál scéin-scannán cliste atá ann. Níl aon fhuil ná 'gore' ag baint leis. Tá sé cinéal psychological ar bhealach."
Seo an seánra gur maith leis an scríbhneoir agus stiúrthóir, Aislinn Clarke, a chleachtadh. Agus cé go n-aithneoidh lucht féachana Éireannach cuid den siombalachas dúchasach atá aici sa scannán, tá go leor ann d’eachtrannaigh le go dtuigfidh siad an scéal. Tá taithí lucht féachana idirnáisiúnta ar mheascán leathan seánraí méadaithe gó mór toisc soláthar na hardán sruthacha.
"Tá an dá dhomhain in sa scannán seo, tá an domhan réalaíoch agus an domhain thíos faoi, ina maireann na sídh. Agus Bríd Ní Neachtain agus Clare Monnelly - caint ar bheirt sár-aisteoirí! Rinne siad jab iontach ar ábhar a bhí sách deacair. Agus is mná ar fad atá páirteach; bean a scríobh, bean a stiúraigh, beirt bhan in sna príomh pháirteanna. Tá sé difriúil, tá sé cliste agus táimid ana-bhródúil as."
Agus cad iad na critéir gur gá a chomhlíonadh le meas Cine4 a mhealladh faoin scéim?
"Bhuel, tá sé oscailte i gcónaí mar sin an chéad céim ag daoine atá ag iarraidh scríobh ná an smaoineamh a chur síos ar pháipéar ar leathanach amháin. Tabhair dúinn an smaoineamh atá agat agus ansin an fhoireann, más féidir, atá leat - an stiúrthóir ach go háirithe."
"Más maith linne an smaoineamh tógfaimid an chéad céim eile agus beimid ag cuartú cineál an scéal a leathnú amach rud beag agus thiocfadh linne aon rud like a shocrú idir 25 agus 30, daoibha seo a fháil. An rud is mó ná gur scéal Éireannach atá ann, ach anuas ar sin gur féidir é a bhaint amach taobh istigh den bhuiséad atá ceadaithe."

"Munar féidir an scannán a dhéanamh taobh istigh den bhuiséad atá ceadaithe titfidh sé mar táimid srianta ó thaobh an méid airgid gur féidir linn a thabhairt. Táimid iontach buíoch do Fís Éireann agus do Choimisiún na Meán; gan iadsan mar pháirtnéirí againn ní bheidh muid ábalta iad seo a dhéanamh ar chor ar bith. Ach caithfear iad a mhaoiniú mar is ceart."
"As na hiarratais ar fad a thaganns isteach, roghnaítear cúig chinn agus tugtar airgead forbartha don cúigear. Ach ag deireadh an bpróiseas, níl ceadaithe ach dhá cheann agus sin an áit a bhfuil an briseadh croí mar faoin am a thagann an cúig iarratas sin isteach, níl aon droch iarratas ansin. Ba bhreá linn an cúig chinn a dhéanamh ach, mar a dúirt gerry maguire ‘Show me the money!’"
An focal scor ag Deirdre ná gur chóir go ndéanfaí maoiniú 'mar is ceart' ar TG4 le gur féidir an t-airgead cuí a chur ar fáil do Cine4 le saothar ealaíona láidre Éireannacha mar atá táirgthe acu go seo a choinneál ag imeacht.
Tá scéim forbartha Cine4 ag glacadh le hiarratais le haghaidh príomhscannán anois — Cine4