skip to main content

Léigh agus Éist le leabhar fuaime nua

Tá leabhar eile sa sraith ag My Irish Books dírithe ar leanaí le cabhrú leo roinnt Gaeilge a fhoghlaim. This time its farm-based learning with Fuaimeanna na Feirme.

The new sound book showcases the distinctive noises and images of farm life, including animals, workers and machinery. Featuring engaging and rich vocabulary as Gaeilge for children of all ages. The carefully curated sounds and narrations bring different parts of saol na Feirme to life. The book introduces children, and parents, to soundscapes from rural Ireland that spark imagination and curiosity.

Go leor fén gclúdach anseo idir cheoil, reacaireacht agus torann na talúna sa chúlra.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge leis an scríbhneoir agus bunaitheoir My Irish Books, Risteard Mac Liam, ina thaobh. Mar aon le leabhair eile sa sraith, tá sprioc bunúsach ag an togra.

"Bhíomar ag iarraidh an litríocht a dhéanamh níos ionrochtanna do pháistí, chun go mbeadh siad in ann éisteacht le liricí na n-amhrán, le fuaimeanna sa chúlra agus leis na huirlisí ceoil freisin. Seo an chéad uair go mbeidh siad in ann éisteacht leis an téacs féin, freisin. Téacs oideachasúil seachas cruthaitheach atá ann le fuaimeanna agus ceol sa chúlra maraon le reacaireacht le Gráinne Bleasdale."

Gráinne Bleasdale i mbun reacaireachta ar Fuaimeanna na Feirme.

"B'é Fuaimeanna na Farraige an chéad leabhar sa sraith agus Fuaimeanna na Séasúr an tarna cheann. Roghnaíodh Fuaimeanna na Feirme bunaithe ar an timpeallacht, ionas go bhfoghlaimeoidh na leanaí roinnt faoin gcomhshaoil."

"The text is rich from a word-bank aspect and there are rhymes at the end of each line and parents can read with their children. Sometimes parents have tough time struggling with the Gaeilge but they can listen - and learn - along with the kids."

Rím ar gach leathanach agus ealaíon láidir Anna Shabaltii.

Is nós le Risteard maisitheoirí éagsúla a roghnú do gach foilseacháin, rud a thugann cuma ar leith do gach aon leabhar, aineoinn gur cuid de sraith iad. An uair seo, bhí sprioc saghas difriúil aige sa tóir ar mhaisitheoir.

"Nuair a thosaigh an cogadh, bhí mé ag iarraidh teacht ar bhealach le cabhrú le muintir na hÚcráine agus bealach amháin ná tacú le cultúr na healaíne agus cultúr na litríochta, bfhéidir. Chuaigh muid i dteagmháil le Anna Shabaltii atá fós ina cónaí in Kyiv. Ealaíontóir prionta í de ghnáth ach bhí sásta obair linn leis an togra."

Ealaíontóir Úcráineach lonnaithe i Kyiv, Anna Shabaltii.

Bhí siad ag iarraidh an leabhar a fhoilsiú anuraidh ach toisc an chogadh agus gá ag Anna le bheith ag bogadh thart go minic nó cliseadh leictreachais, ghlac sé breis ama. Ach chloígh siad leis an saothar agus tá siad an-sona leis an dtoradh a bhí ar an gcomhoibriú.

Tá béim ar leith ag Richie ar na fuaimeanna atá ar fáil, le cur leis an scéalaíocht.

"Remember those old audio cassettes with Winnie the Pooh or Mowgli and the Jungle Book with loads of background noises? We want to use the technology to create that kind of book to read the text and Gráinne narrating with the background sounds adding to the experience."

Mar scríobhnóir oideachasúil, tá sé dírithe chomh maith ar shaibhreas na Gaeilge a bheith lárnach sa leabhar.

"D'oibrigh mé le hEithne Ní Ghallchóir as Ard Rath i nDún na nGall, scéalaí agus bean le saibhreas iontach Gaeilge í, a chabhraigh liom sleacht a chur ar na rímeanna, frásaí nua a chur ann agus mar sin de. Ó thaobh an oideachas de tá sé sin ina chabhair mhóir."

Tá Risteard ag obair anois ar leabhar eile, bunaithe ar an scríbhneoireacht cruthaitheach a eiseofar i 2025. Is léir go bhfuil fís agus fuinneamh a dhóthain aige le cur leis na háiseanna foghlama ealaíonta seo.

'Fuaimeanna na Feirme' was written by author and founder Risteard MacLiam, and features illustrations by Ukrainian artist, Anna Shabaltii, and soundscapes created by renowned Dublin musician Anna Jordan.