Tá Gearóidín Nic an Iomaire, Eagraí Spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbun clúdach an stáisiúin ar na Cluichí Oilimpeacha fé láthair.
San áireamh ar sin bhí a tráchtaireacht ar Chraobh Dornáilíochta 60k Kellie Harrington i Court Phillipe-Chatrier ag Staid Roland Garros aréir áit a bhfuair bhean Bhleá Cliath an lámh in uachtar ar Wenlu Yang na Síne. Chuir Damien Ó Dónaill de chuid meitheal Spóirt Raidió na Gaeltachta an mhír speisialta thíos le chéile.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éacht é ag Kellie Harrington nár dhein dornálaí Éireannach ar bith eile, an teideal aici a chosaint agus Bonn Óir Oilimpeach a bhaint don tarna uair as a chéile.
D'fhógair an laoch i ndiaidh na catha go raibh sí 98% cinnte gurb shin an troid dheireanach a throidfeadh sí. Fágann sé sin 2% de sheans ar a bhfuil dóchas muintir na hÉireann go léir ag crochadh. Ach más shin an deireadh, d'aontódh gach éinne go bhfuil gach atá ag dul di tuillte go maith aici.

Má bhí an t-éacht sin déanta ag Kellie is éachtach an clúdach atá á thabhairt ag foireann Spóirt RTÉ agus a lucht tacaíochta teicneoirí agus léiritheoirí leanacht leo lá i ndiaidh léi ag coinneáil suas leis na comórtais, Gearóidín san áireamh.
Traochta amach a bheithfeá agus is léir ón liosta a thugann Gearóidín ag deireadh anseo do Cholm Mac Giolla Easbuic ar Adhmhaidin go bhfuil go leor, leor eile le teacht ó Team Ireland agus muintir na hÉireann ag faire ar gach soicind gur féidir.
Ba seo í Gearóidín ag caint le Colm fén troid aréir.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Leanann clúdach Spóirt RTÉ RnaG ar na Cluichí Oilimpeacha ar aghaidh.