skip to main content

Fleadh24 ar TG4

Beidh Fleadh24 i gcroílár Fhleadh Cheoil na bliana seo agus craolfar ceithre oíche de léirithe iontacha agus de shiamsaíocht bheo ó cheithre stáitse i Sráidbhaile Teilifíse TG4 a bheidh lonnaithe i gCé an Chorráin i mBaile Loch Garman.

Peadar, Aoife agus Doirean réidh le dul i mbun fleadh.

Craolfar Fleadh24 beo gach oíche ó 21:30 i.n. ar TG4 agus ar fud na cruinne ar TG4.ie agus is iad Doireann Ní Ghlacáin, Aoife Ní Thuairisg agus Peadar Ó Goill a chuirfidh an clár i láthair. Bígí linn, bígí páirteach sa léiriú agus bainigí taitneamh as scoth na gceoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta. Cuirfear na ceoltóirí cumasacha is mó a bhfuil tóir orthu ó chomórtais na Fleidhe os comhair an phobail. Is é TG4 urraitheoir meán cumarsáide Fhleadh Cheoil na hÉireann.

Fleadh24 - Na Comórtais

Láithreoirí Fleadh24 Freda Nic Giolla Chatháin & Fiona Ní Fhlaithearta

Déanfaidh TG4 i gcomhar le Fleadh Cheoil na hÉireann agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann comórtais bheo a shruthú ón Aoine go dtí an Domhnach (9-11 Lúnasa, agus cuirfear clabhsúr leis an gcraoladh le comórtas Bannaí Céilí na Sinsear tráthnóna Dé Domhnaigh beo ó Chruinneachán na Fleidhe. Fiona Ní Fhlaithearta agus Freda Hatton a chuirfidh na comórtais i láthair beo ó Bhunscoil na Toirbhirte agus ó Chruinneachán na Fleidhe. Beifear ábalta na comórtais a fheiceáil beo ar TG4.ie agus ar Fleadhcheoil.ie. Lean @TG4TV chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar a bheidh á shruthú. Arna léiriú ag Omedia.

Cúla4

Tapaigh do dheis! Beidh Cúla4 agus Niamh Ní Chróinín ar shráideanna Loch Garman le linn Fhleadh na bliana seo, ó mheán lae Dé hAoine an 9 Lúnasa agus ó mheán lae Dé Sathairn an 10 Lúnasa.

Beidh stáitse soghluaiste leo chun go mbeidh deis agat do chumas ceoil, amhránaíochta, damhsa nó go deimhin aon bhua eile atá agat a chur os comhair an tslua ar an lá agus ar líne fiú mar go mbeidh na sárthaispeántais á dtaifeadadh agus á gcraoladh ar chainéil meán sóisialta Cúla4.

Gheobhaidh gach duine a ghlacfaidh páirt mála féiríní ó Cúla4 freisin.

Cúla4 - Dé hAoine an 9 Lúnasa ó mheán lae ar aghaidh | Sráideanna Loch Garman.

Cúla4 - Dé Sathairn an 10 Lúnasa ó mheán lae ar aghaidh | Sráideanna Loch Garman.

Lean muid @TG4TV & @TradTG4 #Fleadh24

Fleadh24 - Déardaoin - Dé Domhnaigh, 8 - 11 Lúnasa - 21.30 i.n. gach oíche. Arna léiriú ag Power Pictures.

Beo ó Ché an Chorráin ar TG4 & TG4.ie