Cara le triúr stócaigh Kneecap is ea Peadar Ó Goill as Inis Mór atá taobh thiar de grianghraif agus físeáin cheoil an ghrúpa agus a bhí ina stiúirthóir ar an dara aonaid den scannán Kneecap le Rich Peppiat.
Agus sinn ag tnúth le hoscailt an scannán Kneecap in Éirinn Déardaoin beag seo labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Peadar le fáil amach faoin mbóthar aige agus mar atá sé bheith ag obair le Rap's Hottest Ticket.
Cé tú féin agus cén bóthar a lean tú gur bhuail tú le Kneecap?
"Is mise Peadar Ó Goill as Inis Mór Oileáin Árann. Tugadh agus tógadh mé ansin agus is dóigh chuir mé suim sa gceol ag aois an óg. Bhí mé mo thuismitheoir iontach cruthaitheach agus thug siad an oiread tacaíocht dom chun an mbóthar cruthaíodh a leanacht seachas, 'Get a real job' mar sin thug siad chuile seans dom fás suas. Bhíodh mé féin mar cheoltóir le blianta agus fós bím ag seinm ach ní an oiread. Ach nuair a bhí mé níos óige bhí mé i gcónaí i mo bannaí ceol."

Cos now you have a real job with Kneecap?
"Sea, exactly! Ach thosaigh mé mar cheoltóir agus bhíodh mé ag scríobh amhrán i nGaeilge le blianta ag muid flat out leis sin, le leithéidí Rónán Mac Aodha Bhuí agus Rossa Ó Snodaigh agus na laochra Gael a thug an oiread tacaíocht dom ag fás suas."
"Agus sin an chaoi, bringing it forward to Kneecap, ar bhealach éigin. Ainneoin gur as Béal Feirste agus Creggan i nDoire iadsan agus gurb as Inis Mór mise, kinda world's apart, bhí go leor de na mentors, is dócha, céanna againn."

"Le Rónán Mac Aodha Bhuí, bhíodh Rónán ag glaoch ormsa, is cuimhin liom nuair a bhí mé sa scoil, i rith rang, agus thiocfadh an rúnaí isteach sa seomra ranga ag rá, ‘Peadar, tá glaoch duit anseo,’ agus thiocfadh mé amach go dtí an oifig agus bheadh Rónán Mac Aodha Bhuí ar an bhfón ag iarraidh agallamh a dhéanamh faoin gceol!"
Léiriú ar an dtacaíocht dóibh is ea an creidiúint in uachtar ag Kneecap do Rónán Mac Aodha Bhuí ar nótaí clúdaigh Fine Art agus mar a luann siad go rialta é.

"So thug sé an oiread tacaíochta dom, ach thug sé an oiread tacaíochta do na leads i Kneecap fosta. Mar sin bhí ceangal againn, bhíomar ar an mbóthar céanna gan aithne againn ar a chéile. Ach chomh maith leis an gceol is stiúrthóir mé, bhí mé ag obair ag déanamh go leor music videos agus bhí mé ag obair ar scannán Kneecap fosta mar second unit director. Déanaim pretty much na cinn uilig do Kneecap agus cúpla ceann do Lankum, síos na mblianta, Go Dig My Grave, agus cinn John Francis Flynn agus eile mar sin."
Much of this is connected; Radie Peat of Lankum is Kneecap manager, Dan Lambert’s partner, John Francis Flynn and Lankum, were (and still are) stalwarts of the Cobblestone pub, amongst many other Irish musicians, celebrating their heritage and tradition unashamedly.
"Sin é tá ceangal mór againn. Sin rud deas faoin industry seo; is cairde uilig sinn atá ag cruthú rudaí deasa le chéile. Cuireann tú aithne ar dhuine éicint agus ansin tosaíonn tú ag obair le chéile bealach amháin nó eile. Chomh maith leis sin chuaigh mé ag an gcoláiste agus rinne mé na hilmheáin, multimedia, i DCU."

"Bhí mé ansin le cúpla bliain agus ansin thosaigh mé ag obair i láithreoireacht agus ócáidí, nó events, agus thosaigh mé ag rith events ansin le blianta agus fuair mé taithí mór ag obair sa chineál background den gnó cheoil. Mar sin, leis an taithí sin uilig le chéile an ceol agus na físeáin agus ansin an behind the scenes ó thaobh na events rudaí. Is freelancer anois mé, níl post amháin agam. Tá mé kinda fite fuaite idir dhomhain cruthaíodh éagsúla. Sin cé mé féin."
Agus d’aithne ar Kneecap, tá an chuma ortha triúir gur what you see is what you get, ach daoine óga iad, breá muiníneach iontu féin, tuigeann siad go bhfuil world domination uatha, that's all fine, ach conas mar atá sé bheith ag obair leo, bhfuil siad really gairmiúil nó an éiríonn siad as an leaba déanach – mar bheadh sé sin ok, is leads óga iad?
"Bhuel go pearsanta siad mo chairde is fearr sa domhan iad agus an seans atá agam a bheith ag taisteal an domhain leo agus a bheith ag cruthú rudaí leo is pléisiúr mór an saol atá ann leis an fhírinne. Agus is leads iontach gairmiúil iad agus iontach cruthaitheach."

"An rud is deise acu agus breathnaím suas leo go mór ar an bpointe seo, tá siad – ní fhéadfa mé Gaeilge a chur ar seo 'unapologetically themselves', agus tá siad iontach authentic agus níor athraigh sé sin ó day one go dtí inniu, seachas an rise mór a bhí acu, is iad féin iad go hiomlán. Tá a fhios acu an meon agus an stuif atá acu le rá agus níor athraigh an teachtaireacht sin ó lá a haon go dtí inniu."
"Tá an scríbhneoireacht acu, tá sé sin tagtha chun cinn, ach tá an teachtaireacht céanna fós ann i gcónaí mar gheall ar chultúr agus teanga. Agus na mion-chultúir in Éirinn fosta, an subculture, go bhfuil na Gael ag páirtíáil agus tá sé sin sound. Ní chaithfimid an feckin leabhar gramadach a bheith amuigh againn agus muid ag labhairt Gaeilge. Tá cead an chraic a bheith againn chomh maith. I mean, amanntaí, fanann siad sa leaba déanach!"
"Ach go ginearálta, tá siad iontach driven agus bíonn an oiread craic ann nuair a bhíonn muid imithe le chéile agus nuair a thagann 6 síos go dtí an t-am le obair a dhéanamh, tá siad absolutely on the ball.
Tá tú anois bogtha ar aghaidh ón ceamaradóireacht agus stiúrthóireacht go cabhrú leis an mbainistíocht chomh maith?
"Bhuel tá píosa beag, sé Dan Lambert, an bainisteoir ginearálta agus an obair atá déanta ag Dan le Kneecap ó tháinig sé ar bord ceithre nó cúig bliain ó shin. Tá intinn iontach aige don chineál rud seo agus é ag obair do Bohs freisin agus an Bang Bang Cafe i Phibsboro. Ní stopann sé ag obair agus an obair a dhéanann sé bíonn sé i gcónaí, ‘tasty’ for want of a better word. Ach match made in heaven a bhí ann gur tháinig sé ar bord le Kneecap."

"Táimse mar tour manager le cúpla bliain anuas ach díreach roimh don albam teacht amach bhí Dan ag rá, tá an obair faighte chomh mór anois mar gheall go bhfuil na leads ag fáil níos mó, so táim ag tabhairt cúnamh ar an mbainistíocht ach ní bainisteoir mé, sé Dan Lambert an bainisteoir agus táimse ag cuidiú leis."
Seachas sin tá Peadar dírithe ar na grianghraif, na físeáin cheoil agus ealaín agus branda an ghrúpa. Ní stopann Peadar féin ag obair ach oiread. Is maith leis go leor plátaí a bheith ag luascadh ag aon am amháin nó tagann teaspach air.

Beidh sé ag cur Fleadh Cheoil na hÉireann i láthair ón 7-11 Lúnasa ar TG4 le Doireann Ní Ghlacáin agus Aoife Ní Thuairisc Bíonn sé ag stiúradh físeán ceoil do leithéidí John Francis Flynn, Pieta Brown, agus Talos. D’oibrigh sé ar albam Kiasmos agus a gcumadóir clúitiúil Íoslannach, Ólafur Arnolds, lenar bhuail sé ag Sounds from a Safe Harbour atá a reachtáil ag ‘an absolute laoch’ Mary Hickson i gCorcaigh.
Tháinig albam Kiasmos amach an tseachtain céanna le Fine Art de chuid Kneecap. Great gas ar feadh cúpla mí ina dhiadh aige. Ach rud tábhachtach do Pheadar is ea an tacaíocht agus na deiseanna a thug daoine ar leith dó ar an mbóthar aige.
"Mar a dúirt mé bhí mo thuismitheoirí iontach supportive agus tá siad fós agus chuile stage den saol bhí daoine sásta mé a thógáil isteach agus na scileanna a mhúineadh dom mar gheall go raibh an suim a’am i gcónaí. Mary Hickson, mar a lua mé, bhí sise le tamall, dochreidte na opportunities a thabhairt dom oibriú le Sean Carey, drumadóir Bon Iver agus a bheith ag Sounds from a Safe Harbour mar Artist in Residence agus an ealaín a oibriú ar sin."

"Na leads in Kneecap, mar gur chuir siad an trust ionam an chéad lá riamh; chas mé leo in 2017 agus chuaigh mé ar an chéad tour riamh leo i 2018 ag tógáil photos agus bhíomar dá bharr, saghas, tied at the hip ó shin go dtí inniu agus táim i gcónaí buíoch don saol atá siad tar éis a thaispeáin dhom tríd an chruthaíocht acub."
"Sam McNicholl thíos sa music venue Connolly’s of Leap i gCorcaigh a ghlaoigh orm nuair a bhuail Covid agus a dúirt ‘Cad tá tú ag déanamh? Tar síos anseo agus caith d’am liom.' Bhí mé im chónaí thuas staighre sa venue ar feadh dhá bhliain go leith agus thosaigh muid production company le tacaíocht ón Live Venue Collective agus airgead ón tAire Catherine Martin. Thosaigh muid ag déanamh videos go bannaí ceoil agus an trust a chur Sam ionam agus an spreagadh a thug sé dom."
"Bhí mé iontach áisiúil thríd mo shaoil toisc na daoine seo a bhí sásta trust a chur ionam agus ligeant dom é a chruthú. Ní bheadh aon rud ag tarlú dom seachas sin."
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar ealaín Pheadar ag peadarogoill.com.
Osclaíonn an scannán Kneecap sna pictiúrlainn Déardaoin 8 Lúnasa.