Clár bréagfháisnéise ina leantar beirt fhear as Conamara, Máirtín Tom Sheáinín agus Mike Phoppy (nach maireann) agus iad ag déanamh cúpla galún Poitín.
Craolfar an clár seo in omós do Mhike Poppy a bhásaigh níos túisce i mbliana agus a bhíodh le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta.
A mock documentary following two men from Conamara, Máirtín Tom Sheáinín and the late Mike Phoppy as they make a few gallons of Poitín. This programme will be broadcast in tribute to Mike Phoppy who passed away earlier this year and who was often heard on Raidió na Gaeltachta.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Máirtín Tom Sheáinín faoin dráma.
Cén chuimhne atá agat ar an dráma?
"Sé Máirtín Mac Donncha a bhí ag obair leis an Raidió, aige sin a bhí an smaoineamh, eisean a chur an rud uilig le chéile. Ba mise láithreoir an chláir áirithe ar a raibh an dráma mar chuid de, sílim gur An Siamsán nó Ó Binn go Binn, ceann nó ceann eile. Bhí Máirtín mar léiritheoir. Agus bhí No Man's Land ag dul amach ar an gclár sin. Agus bhí Mike Phoppy linn chuile cúpla seachtain ag caint faoi rud éicínt."
Agus maidir leis an dráma féin, spoof-documentary a bhí i gceist?
"Sea, ní raibh muid thíos ag an still house ná áit ar bith ach ag ligean orainn féin go raibh. Bhíomar ag taifeadadh cuid de taobh amuigh, ceart go leor, mar a bheadh muid istigh sa still house agus bhí muid ag úsáid uisce de réir mar a bheadh duine dá dhéanamh ach ní raibh aon phoitín againn. Fuair sé gradam éicint de réir mar a thuigim."
Cailleadh Mike Phoppy Mac Donnchadha, nó Maidhc Beag, Domhnach Cásca na bliana seo. Bhí sé 88.
No Man's Land - Dé Luain 05ú Lúnasa 09.15am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.