skip to main content

Corca Dhuibhne Beo

Mama Meantán Gorm ag cothú an t-ógánach. [Pic: Mossy Donegan]
Mama Meantán Gorm ag cothú an t-ógánach. [Pic: Mossy Donegan]

Siad Lorcán Ó Slataire agus Mossy Donegan an fhoireann atá taobh thiar den iris Corca Dhuibhne Beo agus misean acu imeachtaí agus nuacht pobail an leithinis ar fad ó Dhaingean Uí Chúis go Cill Orglan agus Caisleán Ghriaire go dtí An Cromán a chlúdach.

Bronnadh Bonn Óir ar an iris sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2023.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Lorcán maidir leis an irisleabhar agus na spriocanna a bhí ann tús a chur leis.

Cad is ábhar don iris?

"Thosnaíomar an iris i 2009 toisc go raibh bearna ar an leithinis ó thaobh nuacht áitiúil a scaipeadh. Go dtí sin – agus tá fós – cur i gcás An Kerryman agus Kerry's Eye, ach ní rabhadar san ag clúdach na imeachtaí beaga a bhíodh ar siúl, na rudaí áitiúla. Bheadh dhá leathanach, cur i gcás, agus bfhéidir go mbeadh scéal mar gheall ar thimpiste nó rud éigin mar sin agus cúpla scéal eile."

Tírdreach drámatúil. Samhlaigh bheith id chónaí sa tigh solais sin thíos. [Pic: Mossy Donegan]

"Ach sin uile a bhí ann gach aon seachtain. Agus ní raibh aon slí chun nuacht a scaipeadh ar an leithinis. Bhíos ag imeacht timpeall ag cur suas póstaeir i gcóir carthanacht go rabhas ag cabhrú leo d’imeacht a bhí ar siúl ag an am, agus bhíos ag cuimhneamh go raibh slí eile chun nuacht a scaipeadh."

"Théifeá isteach in aon tsiopa ar an leithinis agus bhíodh na fallaí ar fad plódaithe le póstaeir agus nuair a bhí mise ag iarraidh spás d’fháil do mo phóstaeir agus bhíos ag cuimhneamh ' Ní léim iad seo riabh. Siúlaim isteach sa siopa, ceannaím pé rud atá uaim, siúlaim amach.’ Conas, mar sin, atá daoine ag fáilt amach mar gheall ar imeachtaí atá ar siúl?"

"Ag an am bhíos I mbun comhlachta eile don earnáil breosla ola agus gáis, ach bheartaíos ar an rud seo a thosnú mar saghas project beag dom féin. Chuas go dtí Mossy, go rabhas ar scoil leis, a raibh céim déanta aige in san iriseoireacht agus grianghrafadóireacht, mar thuigeas go raibh ar a chumas a leithéid a dhéanamh, féáchaint an bhféadfaimis an bearna a líonadh."

An Searrach agus an Ghealach, clúdach Lúnasa 2022. [Pic: Mossy Donegan]

"Tá euro á bhaint anois againn ar gach iris le cúpla mí anuas, ach nuair a thosnaíomar bhíomar ag díol fógraíocht chun an díol as an iris. Mar sin bhí fógraí dos na gnónna ar an leithinis agus ansan nuacht. Ach an slí a oibrímid, ná go gcuireann daoine scéalta isteach chugainn, mar sin táimid I gcónaí ag lorg scéalta ónar léitheoirí agus toisc go ndeineamar é sin, ní chuirimid fógraíocht ar an gclúdach."

"Go bunúsach is páipéar áitiúil atá again atá díolta ag fógraíocht. Níor theastaigh uainn a bheith inár saghas ‘advertisers’ lán le ‘classifides’, cé go bhfuil sé tábhachtach go gheobhaimid fógraíocht. Mar sin is ábhar don pháipéar ná na himeachtaí ar fad atá ar siúl ar an leithinis agus má tá suim ag éinne, cur I gcás, in éanlaithe, agus go scríobhann tú alt agus é a chur isteach chugainn é, má tá sé oiriúnach don iris cuirimid isteach é. Tá sé saghas ar nós ‘notice board’ don leithinis."

Cuan Daingean Uí Chúis. [Pic: Mossy Donegan]

Mar shampla tá alt anseo os mo chomhair le Irene Flannery, ‘Welcoming Spring by bringing the outside in.’

"Ní dhíolaimid aon duine a scríobhann dúinn chomh maith. Nuair a thosnaíomar amach ní raibh aon airgead againn, thugas suas an jab eile a bhí agam, agus bhíomar ag rá, ní féidir linn daoine a dhíol, mar sin conas a gheobhaimid ábhar?

You reach the parts of the leithinis that other papers don’t reach, dfhéadfá a rá. Mar sin alt fé Mid-Kerry Biddy’s Day Festival 2024, a Journey into Tradition, Community and Craftsmanship, sin ábhar nach samhlófá a chlúdóch an Kerryman mar tá sé an ‘niche’, ACH – tá sé tábhachtach do mhuintir na háite.

"Tá, sin é an rud. Rudaí beaga ar nós Comharchumann Dún Chaoin, cur I gcás, bhfuil imeacht ar siúl acu, bailiúcháin nó ráiseanna nó rud éigin mar sin."

Agus cúrsaí tithíochta, nó séarachais nó rudaí rí-thábhachtacha áitiúla a mbeadh á phlé acu, an ea?

"Sea ach ní chuirfimid aon rud isteach mura ndíoltar as. Ní chuirimid aon ráiteasaí preasa ó pholaiteoirí. Nílimid polaiticiúil in aon chor. Nuair a thosnaíomar bhí gach aon polaiteoir ag cur stuif isteach chugainn. ‘An gcuirfeá é seo isteach agus é siúd isteach?’ Agus chinneamar nach ndéanfaimis é sin. Níor chuireamar riamh aon pictiúir nó press release ó aon pholaiteoir ó aon pháirtí mura thógann siad fógra amach iad féin. Íocann daoine €1 ar an iris chun na costasaí a chlúdach."

Áth an Charbaill rock art. [Pic: Mossy Donegan]

Ach an bhfuil teacht ag turasóirí dúchasach nó iad siúd ó thar lear, ar an iris, bhfuil sé le fáil forleathan sna siopaí ar an leithinis?

"Tá sé le fáil I ngach aon siopa ar an leithinis. Priontálaimid 3,000 cóip gach aon coicís. Clúdaímid ó Baile an Mhuileann siar, Ciarraí Láir, Caisleáin na Maidine chomh fada siar le Dún Chaoin. Tá stráice mór talún le clúdach. Ach tá éileamh air. Cuirimid isteach, cur gcás, aon cheol atá le bheith ar siúl. Mar má phiocann tú suas nuacht-iris, cur i gcás an Kerryman nó Kerry's Eye nó rud éigin mar sin, tá sé lán de pictiúir agus eolas mar gheall ar na himeachtaí a tharla."

"Theastaigh uainne a bheith saghas difriúil, ag cur béim ar na rudaí atá ag teacht suas. Mar shampla san iris a tháinig amach nach mór coicís ó shin anois, tá clár Féile an Chlochán / Bhréanainn istigh ann. Tá clár Féile Lughnasadh Bhaile an Mhuilinn ann. Tá liosta den cheol ar fad atá sna tithe tábhairne. Nuair a bhíomar ag féachaint timpeall ar na traditional advertisers a bhí ar fáil, bhíodh na fógraí ar thaobh amháin agus scéalta ar thaobh eile agus dúramar linn féin go meascfaimid iad."

"Thugamar fé ndeara má phiocann tusa suas advertiser féachann tú ar na scéalta ach ní fhéachann tú ar an leathanach leis na fógraí in aon-chur. Tá tú ag lorg an content amháin. Toisc go bhfuil ana-chuid den content mar gheall ar imeachtaí a tharla, caitheann tú uait é – that’s it. An rud a theastaigh uainne a dheineamh ná go mbeadh iris againn a choimeádfadh daoine timpeall an tigh."

Spraoi ar an Daingean agus dul fé na gréine. [Pic: Mossy Donegan]

Mar fhoinse thagartha?

"Sea. Go bhfuil imeachtaí ann, ceol, this, that, pé rud atá ar siúl – má tá sé ar siúl ar an leithinis, tá sé istigh san iris. Ceannaíonn tú d’iris, tógann tú na bhaile é agus úsáideann tú é, féachaint 'Oh, raghadh mé ag an rud sin, tá an chlár istigh i gCorca Dhuibhne Beo’. Bhí sé sin ana-thábhachtach dúinn chomh maith mar níl an oiread san gnónna ar an leithinis agus dá mbeadh rud saghas ‘throw-away’ agat go gcaithfeá uait, ní oibreodh sé anseo."

"An rud a chaitheamar a chur trasna go dtís na gnónna san ná, ‘Look, má chuireann tú fógra in ár iris, tá an iris istigh sa tigh, ar an mbord go ceann coicís go dtagann an cheann nua. Mar sin dh’oibrigh sé sin dúinn chomh maith. Rud eile a dheineamar ansan ná, tógann Mossy na pictiúir ar fad don iris agus cuirimid pictiúir den leithinis ar clúdach ar gach eagrán."

Tá na pictiúir céanna an-tarraingteach, thógfá ceann dhíobha dá bhfeicfeá iad mar sin glacaim leis go mealltar turasóirí dá bharr, leis?

"Gach aon seachtain cíonn daoine pictiúir nua nó íomhá nua d’áit éigin sa leithinis atá go hálainn agus braitheann muintir na háite mórálach agus bródúil – oibríonn sé ar shlí nár mheasamar go dtarlódh. Dar le léiritheoir áirithe ón Kerryman gurb é an rud is fearr a dheineamar ná na pictiúir a chur ar an clúdach mar gach aon advertiser eile díolann siad fógraí ar an leathanach tosaigh agus baineann siad an t-airgead is mó ar an bhfógra sin. Séard táimidne ag rá ná, táimid ag maireachtaint in áit atá go haoibhinn a bhfuil áilleacht fé leith ag baint leis."

"Don chéad cúpla bliain níor chuireamar an áit ar an bpictiúr agus bhíodh daoine ag argóint mar gheall ar ‘cad é an áit san?’ ach ansin thosaigh daoine ag cur glaochanna orainn nuair a bhíodar sa phub ag leath-i-ndiaidh a haon déag nó dó-dhéag istoíche agus ag rá ‘Táimid ag féachaint ar an bpictiúr so agus is dóigh liomsa gur Cam atá ann..’ agus a leithéid. Thosnaíomar ag cur na háiteanna ansan ar an bpictiúir, saghas gimic a bhí ann ar dtúis."

Cam Dhíneol with Inis Tuaisceart behind, AKA An Fear Marbh, The Dead Man. [pic: Mossy Donegan]

"Foilseoimid é as Gaelinn ach nílimid chun aon rud a aistriú ó Ghaeilge go Béarla nó fiú go dátheangach. Ach má dhéanaimid gach rud dhátheangach, cosnóidh sé dhá oiread an méid mar beidh sé ag úsáid I bhfad níos mó páipéar. In áiteanna ar nós Baile an Mhuilinn nó I gCill Orglan – bhíomar I gCill Orglan tamall ach d’fhágamar é cúpla mí ó shin, ach bhíodh ciorcal comhrá ag úsáid an iris chun feabhas a chur ar a cuid Gaelinn."

"Agus ó thosaigh an Plean Teanga chuireamar leathanach ar fáil do Dúchas an Daingean agus Tobar Dhuibhne le spás a thabhairt dóibh a rogha rud a chur isteach ann saor in aisce. Agus éinne eile a bheadh ag scríobh. Má thagann sé isteach chugainn as Béarla nó as Gaeilge is cuma."

"Dheineamar cúpla alt Úcráinis. Fuaireamar scríbhneoir a scríobh in Úcráinis – bhog sí go dtí an Ghearmáin, ó shin – ach cheapamar gurb é sin an saghas rud céanna Tá pobal áitiúil ann chomh maith céanna. Sea agus bhí sé san ana-thábhachtach. Tháinig cuid de lucht na hÚcráine chugainn agus iad ana-bhuíoch go rabhadar ábalta a scéal féin a mhíniú. Go raibh siad aitheanta agaibh. Sea agus chuireas aitheanta ar cuid acu, ach scéalta scanrúla a bhí acu. Níl aon duine againn fé láthair a scríobhadh dóibh ach má thagann éinne chugainn aríst tá sé sin ar fáil dóibh."

Is féidir an féilire, atá lán de ghriangrafanna Chiarraí le Mossy, a cheannach anseo.