Beidh an sraith faisnéise ag Cláracha Gaeilge RTÉ, Scannal, ag comóradh 20 bliain an tseachtain seo chugainn. Chaith Sinéad Ní Churnáin os cionn 10 mbliain ag obair ar an tsraith mar dhuine de na tuairisceoirí. Scríobhann sí anseo thíos ina thaobh.
Tá sé deacair cuimhneamh ar clár amháin a roghnú thar ceann eile toisc go bhfuil cláracha Scannal déanta agam faoi an oiread sin ábhair éagsúla ó 2010 i leith.
Ach seasann an chéad Scannal a dheineas riamh amach dom faoi AIB/ICI mar go raibh sé casta. Chuireas agallamh ar Garret Fitzgerald don gclár and is cuimhin liom go rabhas saghas neirbhíseach faoi. Nuair a chuas dtína thigh bhí sé fáilteach, croíúil agus dúirt sé liom go raibh tréimhse caite ag a mhuintir i gCorca Dhuibhne.
Thug sé agallamh ionraic, díreach dom. Bhíos ag obair ar chlár eile i Meiriceá nuair a craoladh é ar RTÉ1 agus is cuimhin liom go bhfuair sé lucht féachana mór gcroí - an TAM is mó riamh do Scannal ag an am measaim. Bhí fáth eile leis an lucht féachana sin áfach; bhí Ard Fheis á chraoladh díreach roimhe - nfheadar an FF nó FG - ach thaispeáin sé cé chomh gafa is atáimid le cúrsaí polaitíochta.

An cheann eile a ritheann liom ná Scannal faoi eachtraí Eoraifíse - EuroScannal - roinnt blianta ó shin. Bhí sé éadrom, spraíúil agus bhí craic maith againn leis an t-ábhar. Thaitin liom a bheith ag féachaint siar ar shean chláracha Eoraifíse. Chur sé fonn 'sequins' orm!
An-chuid de na scéalta ní rabhadar ar m'eolas cheanna fhéin ach anuas ar sin is cuimhin liom go raibh mo dhá lámh chomh tinn le scóir ag iompú boscaí téipeanna Eoraifíse timpeall RTÉ. Agus deirimse leat nach bhfuil aon teora leis na téipeanna Eoraifíse i leabharlann RTÉ!!
Cuireann sé fearg uaireanta ar dhaoine nó cuireann sé ag gáirí iad ach tá rud amháin cinnte - bíonn breis ábhar cainte ag daoine nuair a bhíonn an 25 nóiméad suas.
É sin ráite, níl séasúr a théann thar linn nach bhfuil Scannal nó dhó corraitheach san áireamh. Bhí briseadh croí ag baint le Scannal Stardust agus do chur sléacht An Miami Showband agus scéal Thalidomide an ghoimh dearg orm agus fanfaidh eachtraí na scéalta sin liom choíche.

Leath mo dhá shúil iliomad babhtaí le hábhair éagsúla ar nós The Irish Hospital Sweepstakes, Iodine Tablets agus An Bac ar Thobac/Smoking Ban. Go minic is iad na tuairisceoirí a thagann aníos leis an t-ábhar do Scannal mar sin bíonn suim agat sna scéalta san nó gné éigin dos na scéalta san agus bíonn fonn tochailte ort.
Sin an rud is tábhachtaí - foghlaimíonn tú, agus tú ag tabhairt faoi Scannal, an oiread fé stair na tíre seo a chuireadh alltacht ort go minic, ar nós scéal May McGee, Harry Gleeson agus The Mother And Child Scheme.
Maidir leis an chúis go bhfuil spéis againn sna scéalta scannalacha ná gur dóigh liom go dtaitníonn Scannal le daoine mar gur féidir leo suí siar ar an gcúiste ar feadh 25 nóim agus foghlaim faoi ábhar éigin.

Uaireanta tá daoine ag cloisint faoin ábhar san don chéad uair nó tá cuimhne éigin acu ar an eachtra agus tá siad ag dul siar ar bhóthairín na smaointe. Cuireann sé fearg uaireanta ar dhaoine nó cuireann sé ag gáirí iad ach tá rud amháin cinnte - bíonn breis ábhar cainte ag daoine nuair a bhíonn an 25 nóiméad suas.
Craoladh Scannal 20 Bliain ar RTÉ One i Mí Lúnasa agus ar an RTÉ Player.
Go to the Scannal Collection here.