I mí Lúnasa na bliana seo, beidh RTÉ ag comóradh 20 bliain den tsraith faisnéise iomráiteach Scannal le trí chlár uair an chloig agus ina mbreathnófar siar ar chuid de na scéalta a chuir alltacht, uafás nó fearg ar an tír le leathchéad bliain anuas i dteannta scéalta eile a raibh spraoi ag baint leo.
Beidh na clárach á chur i láthair agus á insint ag Garry Mac Donncha, tuairisceoir le Scannal le fada an lá.
Ach b'é Pádraig Ó Drisceoil, léiritheoir le Cláracha Gaeilge na teilifíse in RTÉ a tháinig suas leis an gcoincheap a bhain le Scannal. Anseo thíos míníonn Pádraig dúinn fén bhomaite 'Eureka' gur tháinig an smaoineamh chuige agus faoi cur chuige na sraithe.

Foinse an smaoineamh
Breis is fiche bliain ó shin, iarradh orainn stíleanna nua do chláir faisnéise agus formáidí nua a chumadh. Roimhe sian bhí claonadh ag cláir faisnéise Gaeilge brath ar scéalaíocht thraidisiúnta; bheadh na téamaí agus an t-ábhar éagsúil ó sheachtain go seachtain.
Bhí mé ag iarraidh stíl nua a chruthú a ligfeadh do raon leathan scéalaíochta ach go mbeadh a fhios ag an lucht féachana cad a bhí le súil acu gach seachtain. Sin ráite ní raibh smaointe dá laghad ag teacht chugham. Is minic a théim ar shiúlóid nó ag rothaíocht nuair nach féidir liom teacht suas le smaoineamh agus de ghnáth tagann rud éigin chugam.
Shocraigh mé siúl go dtí an t-ionad siopadóireachta áitiúil agus chuaigh mé isteach i siopa leabhar. Ar dhromlach leabhair amháin, chonaic mé an focal "Scandal" agus chuir sé sin ag smaoineamh mé ar na scannail Éireannacha ar fad ar chuimhnigh mise orthu; ní raibh aon deacracht agam liosta gearr a chur le chéile ar dtús.

Thug an fhoireann aghaidh ar an smaoineamh agus thosaíomar ag cur an fhormáid le chéile. Ba iad na príomhghnéithe ná go raibh scéal iontach ann, go raibh go leor cartlainne ann chun an scéal a insint agus go ndearna an scéal trácht ar Éirinn na linne sin agus go raibh teachtaireacht ann don lá inniu maidir le, cad atá athraithe, cad a d'fhoghlaimíomar, an bhféadfadh sé tarlú arís, srl.
Ar dhromlach leabhair amháin, chonaic mé an focal "Scandal" agus chuir sé sin ag smaoineamh mé ar na scannail Éireannacha ar fad ar chuimhnigh mise orthu; ní raibh aon deacracht agam liosta gearr a chur le chéile ar dtús.
Cláracha a sheasann amach
Tar éis breis agus 160 clar thar 20 bliain is iad na cinn is fearr liom ná iad siúd ina bhfuil scéal láidir an duine daonna ag a gcroílár. Is cuimhin liom scéalta éagsúla a dhéanamh ar an mbocaire Éireannach Meiriceánach Whitey Bulger, agus bhí sé suimiúil ag caint le daoine a bhí tráth adhradh air agus ag an am gcéanna é ag scriosadh saol a gcuid leanaí le drugaí agus coiriúlacht. Is cuimhin liom duine dá lucht cúlaistín ag tabhairt timpeall Boston mé agus ag taispeáint na suíomhanna éagsúla inar chur siad roinnt de na corpáin.
Anuraidh, rinne Scannal clár speisialta faoin tubaiste Aer India. Is as Iarthar Chorcaí mé ó dhúchas, mar sin is cuimhin liom go maith an lá a bhris an nuacht gur phléasc eitleán amach ó chósta Iarthar Chorcaí agus gur cailleadh gach duine ar bord. Ní gur rinne mé roinnt tochailt ar an scéal anuaraidh gur thuig mé gur scéal i bhfad níos casta a bhí ann a bhain le caimiléireacht agus ciníochas. Bhuail mé le go leor teaghlaigh Cheanadacha a chaill daoine muinteartha sa phléascadh, a mhothaigh go raibh feall déanta orthu ag sochaí Cheanada agus ag an am céanna, a mhothaigh fáilte agus tuiscint ar a gcruachás in Iarthar Chorcaí, rud a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann.

Mealladh don lucht féachanna
Ba léir go raibh agus go bhfuil tóir mhóir ar Scannal ag an phobail go forleathan. Is iad na príomhghnéithe don lucht féachana ná go bhfuil scéal iontach ann, b’fhéidir nach bhfuil cloiste cheana féin acu, nó go bhfuil sé leath dearmadta acu agus ansin tógfar siar ar boithrín na smaointe iad. Sílim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuilimid ag insint níos mó ná scéal maith amháin, is cuma cé chomh héadrom nó casta is atá an scéal, caithfidh sé rud éigin a rá fúinn mar shochaí.

Rinne mé Scannal ar Aonach an Phuc anuraidh agus fuair sé lucht féachana an-mhór. Anois, ar an dromchla, d'fhéadfá ceist a chur, cén fáth go mbeadh suim ag éinne i scéal faoi gabhar á chur in airde ar ardán le linn féile gach bliain i gCiarraí? Ach má théann tú beagán níos doimhne, insíonn Aonach an Phuc scéal na hÉireann atá ag athrú, áit na dtraidisiún in Éirinn nua-aimseartha, cruálacht ainmhithe, an ghlúin ghéar, tuath i gcoinne cathrach, cearta daoine.
Beidh Scannal 20 Bliain á chraoladh trí oíche as a chéile ag 6.30 ar RTÉ One ar an 5, 6 agus 7 Lúnasa agus ar an RTÉ Player.
Go to the Scannal Collection here.