skip to main content

Fáltais ar son charthanacht Dignity for Palestinians

Fear ag téamh aráin ar oighean i gcampa de chuid UNWRA i Khan Younis, Gaza. [Pic: Bloomberg]
Fear ag téamh aráin ar oighean i gcampa de chuid UNWRA i Khan Younis, Gaza. [Pic: Bloomberg]

Beidh taispeántas 'Dlúthpháirtíocht: Irish Solidarity with Palestine', ar son charthannacht atá ag obair i nGaza, ag oscailt i ngealaraí P21 i Londain ina mbeidh saothar de chuid ealaíntóirí Éireannacha, Pailistíneacha agus eile le feiceáil.

Tá an taispeántas 'Dlúthpháirtíocht: Irish Solidarity with Palestine' ar siúl ón 5ú go dtí an 13ú Iúil i nGealaraí P21 i Londain. Ar cheann de na spriocanna atá ag an dánlann ná nasc cultúrtha a dhéanamh idir an domhain Arabaigh agus an domhain Iarthar Eorpach.

Beidh saothar ag ealaíntóirí Éireannacha, Pailistíneacha agus tíortha eile nach iad ar thaispeáint i ndisciplíní éagsúla ó léaráidíocht go scannánaíocht go grianghrafadóireacht, cuid acu dírithe ar an gcogadh i nGaza agus iarrachtaí atá ann deireadh a chur leis an ár.

Le linn an taispeántais beidh imeachtaí ar siúl le cultúr Éireannach agus Pailistíneach a chéiliúradh idir cheoil, cainteanna, léachtaí agus sa bhreis. Tá sé eagraithe mar mhodh gníomhaíochta dhíreach le foghlaim, le idirghníomhaíocht a dhéanamh agus le tacú leis an gcarthanacht Dignity for Palestinians, atá á reachtáil ag dochtúir de chuid UNWRA, Musallam Abukhalil, atá lonnaithe i Nusierat i nGaza láir.

Dlúthpháirtíocht, líníocht le Emmet Walsh, 2023.

Is grúpa neamhspleách, deonaí-reachtáilte, neamh-pholaitiúil Pailistíneach atá in Dignity for Palestinians (D4P) atá dírithe ar dhígnit na bPailistíneach a chaobhnú i nGaza tré chabhair folláine agus sláinte éigeandála a sholáthar. Labhair RTÉ.ie/Gaeilge leis an Dr Musallam fén obair aige.

An Dr Musallam Abukhalil, Dignity for Palestinians.

Cad iad spriocanna Dignity for Palestinians?

"Tré modh chabhair dhaonna nuálach agus cost-éifeachtúil, tá éirithe ag an ngrúpa os cionn 20 togra a chur i gcrích a thug cúnamh dhíreach do na céadta teaghlach díláithrithe in Iarthar Nusierat, atá ina gcónaí i gcampaí pubail agus foscadáin ar chostas i bhfad níos lú ná an ghnáth. Is fé cheannas dochtúir Pailistíneach i nGaza atá an grúpa, bainisteoir ar íoclann cúram príomhúil i bhfoscadán a chuireann cóir leighis ar 4,500 duine ar a laghad gach mí, mná, páistí agus aosaigh san áireamh."

Cad iad na príomh-seirbhísí a chuireann sibh ar fáil?

"Tá na príomh-seirbhísí ag an bhfoireann áitiúil – atá ag obair agus ina gcónaí le pobail foscadán – eagraithe ar bhonn dírithe agus freagrúil. Tugann siad cuairt rialta ar na pubail, déanann siad scrúdú leanúnach ar éileamh na dteaghlach díláithrithe agus cruthaíonn siad tograí timpeall ar éileamh an phobail sin."

Leanaí atá ag fáil cabhair ón gcarthanacht.

"Tá ciseáin folláine glasraí, béilí the sicín, Milseáin Chéiliúrtha do na leannaí, cabhair airgid do na dílleachtaí, seampú frith-mhíolta-cinn do mhná infhabhtaithe, pillíní sláintíoch do mhná agus sa bhreis."

"Ní hamháin gur saothar charthannachta é D4P, ach ardán ar ar féidir leis na pobail siúd atá ciúnaithe, agus ar ar déanadh faillí ortha na scéalta daonna acu ar a bhfulaingt, a gcaillteanas, a ngéarphian, a ndóchas agus dteacht aniar a insint."

Cad iad na dúshlán is mó romhaibh na spriocann seo a chur i gcrích?

"An dúshlán is mó is ea an bhagairt síoraí slándála roimh ár bhfoireann áitiúil agus iad ag seachadadh cabhair. Tagaimid go hiomlán agus seasaimid le léirsithe daoine saoir an domhain an chogadh seo a stopadh láithreach. An dara dúshlán is mó is ea an fhírinne brónach oibríochta gur gá dúinn glacadh leis – nach féidir linn cabhrú le gach éinne. De bharr easpa maoinithe, ní thig linn ach cabhair a thabhairt do 150 teaghlach díláithrithe gach deich lá as an 1,500 atá ár dtacaíocht uatha."

Beirt ógánach ag bailiú málaí bídh.