Beidh céiliúradh den scoth ar fáil le linn Fleadh Cheoil na hÉireann i mbliana áit go mbeidh Ceolfhoireann Choirme RTÉ fé stiúir David Brophy ag seinnt le Zoë Conway agus John McIntyre maraon le Julie Fowlis agus Éamon Doorley.
The RTÉ Concert Orchestra, under conductor David Brophy, join legendary folk musicians, RTÉ CO Associate Artist Zoë Conway on fiddle, John Mc Intyre, guitar, and vocalist Julie Fowlis with Éamon Doorley on bouzouki, fiddle and vocals. Celebrating a shared heritage where Ireland and Scotland meet, traditional and folk styles meet classical music.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le John McIntyre fén gceolchoirm áirithe seo ar thraidisiún Éire agus Alba agus an smaoineamh taobh thiar de.
"Bhuel tá an togra seo atá ar siúl againn le thart ar 10 mbliana anuas, ag obair in éineacht le Julie Fowlis agus a fear céile as Bleá Cliath, Éamon Doorley, ceann de na baill den ghrúpa Danú. Agus an bun smaoineamh a bhí againn ag an am ná go raibh easpa amhráin úir ag teacht isteach sa traidisiún."
"Anois, tá daoine ag scríobh ach ó thaobh an cineál rud a bhí ar siúl go traidisiúnta, bhí muid ag iarraidh leanstan an cineál rud a bhí ar siúl ag, mar shampla, Peadar Ó Dubhda, a chuir ceol le Úrchnoc Céin Mhic Cáinte, ceann de na dánta a scríobh Peadar Ó Doirnín, agus leithéidí Seán Ó Riada."
"Nílim ag rá go bhfuil siad chomh maith nó ar chomh caighdeán agus atá na cinn sin ach bhí muid ag iarraidh amharc ar an rud a rinne siad, ag iarraidh stíl dúchasach an cheoil traidisiúnta a úsáid agus a chur le dánta. Scríobh Seán Ó Riada ceol le Mná na hÉireann, b'fhéidir an píosa is mó a rinne sé riamh. Fuair an file bás thart ar 200 bliain roimhe sin. Mar sin táimid ag glacadh píosaí filíochta, cuid acu tá siad sean, cuid acu atá úr, agus idir an dá theanga – Gáidhlig na hAlbain agus Gaeilic na hÉireann."
"Chuaigh an chéad albam amach thart ar chúig bliain ó shin, Allt an t-ainm a bhí air sin. Cnuasach filíochta na hAlban agus na hÉireann a raibh ceol curtha leis na focail agus amhrán déanta astu agus an uair seo, tá muid thar a bheith réidh le ceann eile a chur amach, ach táimid á mheascadh faoi láthair. Bhí muid ag súil go mbeidh siad réidh do na hoícheantaí a bhéas againn sa Cheoláras Náisiúnta agus ag an Fleadh ach faraor ní bheidh."

Ach b'fhéidir go gcloisfeadh daoine ceann nó dhó á thrialladh agaibh ón albam nua?
"Beimid ag dul a dhéanamh sin agus fuair muid cóiriúcháin déanta don Cheolfhoireann, dhá cheann úr sílim, agus táimid ag úsáid cóiriúcháin eile a rinne macasamhail Donald Shaw, Gavin Murphy agus Michael Keeney."
"Tá píosa filíochta againn a rinne file a fuair bás, sílim thar bliain ó shin, ar mhór-fhile na hAlban a bhí ann sa Gháidhlic, Aonghas Dubh MacNeacaill. Agus sílim go raibh Julie iontach mór le Aonghas agus bhí Aonghas ag cur píosaí filíochta chuig Julie go minic agus ag ráit, 'táim ag smaointiú go mbeadh siadsan foirstineach don togra nó foirstineach le ceol a chur leis an dán seo'. Agus is mór an trua go bhfuair Aonghas bás sular raibh deis éisteachta aige leis an ceann a rinne muid. An t-ainm atá air sin ná Cuimhne agus sin an teideal a bheidh ar an chéad albam eile."

Ar a laghad leanann an traidisiún agus ealaín Aonghas ar aghaidh. Seans go gcloisfidh daoine an dá rian sin ag an gceolchoirm ag an bhFleadh nó ar ball ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh á thaifeadadh agus á chraoladh sin amach anseo.
"Sea sin é an plean atá againn go mbeidh an ceolchoirm curtha i láthair den chuid is mó trí mheán na Gaeilge, rud a bheidh iontach deas. Is mór an onóir sin. Tá Gaeilge ag an ceathrar againn so is iontach an smaoineamh a bhí acu go dtiocfadh leo é sin a dhéanamh agus go ndéanfar é sin. Táimid ag súil go mór leis sin agus ag súil leis an gceolchoirm. Leis an taifeadadh, bíonn giota beag níos mó brú i gceist - tá sé olc go leor nuair atá tú á dhéanamh os comhair 50 ceoltóir profaisiúnta agus David Brophy...!"
Gan amhras ach is é an teacht le chéile sin idir seinnteoirí gairmiúla clasaiceacha más maith leat agus an traidisiún Éireannach agus Albanach, the best of all three worlds nó rud éigin den chineál?
"Sin é. Agus is teacht le chéile iontach fiúntach atá ann. Go háirithe do na scannán. Baineadh úsáid mhór as agus úsáid bainte as an dá stíl sin so, mar shampla scannáin cosúil le Lord of the Rings agus Artemis Fowl a rinne Zoë seinnt ar fhuaimrian an scannáin sin. Go háirithe do na scannán nó macasamhail Riverdance, oibríonn sé go hana-mhaith ansin."
Beidh an ceolchoirm ar siúl ag a 9i.n ar an Satharn 10 Lúnasa san O'Reilly Theatre in Áras Náisiúnta Ceoldrámaíochta. Ticéidí ar fáil anseo.