Agus Peil na mBan ag comóradh 50 bliain ar an bhfód beidh na cluichí ceannais ar siúl ar an Domhnach 4ú Lúnasa. Déan gaisce do na mná agus líonfaimís Páirc an Chrócaigh!
Lets fill Croke Park - Support the Ladies Gaelic Football, as they celebrate their 50th year, by attending the finals in Croke Park on Sunday 4th August.
Beidh cluichí ceannais Peil na mBan ar siúl ar an Domhnach 4ú Lúnasa. Tá Peil na mBan ag comóradh 50 bliain ar an bhfód i mbliana. Beidh 6 chondae ag imirt, ina measc 2 chondae Gaeltachta.
Is iad Gaillimh V Ciarraí a bheidh sa chluiche ceannais sinsir. Nuair a bhí Gaillimh sa chraobh in 2019, bhí an líon ba mhó riamh i bPáirc an Chrócaigh do aon chluiche ban le ós cionn 56,000 duine ag freastal ar an gcluiche.
I 2024, táimíd ag iarraidh an slua is mó is féidir a mhealladh go Páirc an Chrócaigh le tacaíocht a thabhairt do na mná. Bí i bPáirc an Chrócaigh do chluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh 4 Lúnasa. Lá iontach atá ann - Ócáid spóirt agus ócáid clainne.

Am na gcluichí:
Gaillimh V Ciarraí (sinsear ag 4:15)
Liatroim V Tír Eoghain (idirmheánach ag 1:45)
Fear Manach V An Lú (sóisir ag 11:45)